An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 22/05/2018, 22 Bealtaine 2018
Na príomhthorthaí
An caidreamh idir an tAontas agus Ballstáit ACC i ndiaidh 2020
Rinne na hairí breithniú ar an dul chun cinn atá déanta agus treoir ón gComhairle á hullmhú lena gceadaítear don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus Stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC).
Mhol an Chomhairle Uachtaránacht na Bulgáire as an dianobair a rinneadh i gcomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha na Comhairle ó foilsíodh i mí na Nollag 2017 moladh an Choimisiúin i leith athchóiriú ar an gcreat atá ann faoi láthair don chomhar le Ballstáit ACC.
Dhearbhaigh an Chomhairle an cuspóir atá aici na treoracha caibidlíochta a thabhairt chun críche a luaithe is féidir, d'fhonn a bheith réidh le tabhairt faoi chaibidlíocht le tíortha comhpháirtíochta ACC faoi mhí Lúnasa 2018, mar atá beartaithe sa chomhaontú reatha, Comhaontú Cotonou.
Ciste iontaobhais éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic
Phléigh an Chomhairle ciste iontaobhais éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic. Rinne na hairí breithniú ar chur chun feidhme agus ar phríomh-mhórghníomhartha an chiste, agus ar an staid ina bhfuil an ciste maidir le gnéithe airgeadais, ar bhonn cur i láthair ón gCoimisiún.
Ón 8 Bealtaine 2018, thángthas ar chomhaontú maidir le 147 gclár ar luach iomlán thart ar EUR 2.59 bhilliún roinnte idir na trí limistéar gheografacha - an tSaiheil agus Loch Sead, Corn na hAfraice agus réigiún na hAfraice Thuaidh. Tá an ciste á mhaoiniú ag an Aontas agus ag Ballstáit aonair araon. Ar an iomlán, bhí EUR 3.39 bhilliún d'acmhainní ag an gCiste faoi dheireadh na bliana 2017.
Ionstraimí seachtracha maoinithe a úsáid
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an mbuiséad cúnaimh don iasacht le haghaidh na tréimhse 2021-2027, ar bhonn na dtograí ón gCoimisiún maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) amach anseo a tíolacadh ar an 2 Bealtaine.
Molann an Coimisiún clúdach EUR 123 bhilliún a chur i leataobh sa chéad CAI eile chun a bheartas seachtrach a mhaoiniú. Is méadú 26 % é seo i gcomparáid leis an tréimhse reatha.
Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun a gcuid gníomhaíochtaí seachtracha a mhaoiniú in 2016, mar aon le húsáid éifeachtach gach foinse maoinithe agus bealaí cur chun feidhme eile chun an fhorbairt inbhuanaithe a chothú.
Fuinneamh agus forbairt
Ghlac an Chomhairle conclúidí i dtaca leis na bealaí ar féidir le comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe tacú le clár 2030 maidir le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.
Leagtar béim sna conclúidí ar thrí phríomhchuspóir i réimse an fhuinnimh agus na forbartha: aghaidh a thabhairt ar an easpa rochtana ar fhuinneamh; an éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú; agus cur leis an gcomhrac i gcoinne na hathraithe aeráide, i gcomhréir le comhaontú Páras.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024