- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 28/05/2018, 28 Bealtaine 2018
Na príomhthorthaí
An Iaráin
Rinne an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha díospóireacht maidir leis an Iaráin, go háirithe maidir le socrú núicléach na hIaráine, an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), ó chinn SAM tarraingt siar as an gcomhaontú, mar a fógraíodh ar an 8 Bealtaine. Tháinig an díospóireacht sin sna sála ar an bplé a bhí ag ceannairí an Aontais i Sóifia ar an 16 Bealtaine, áit ar tháinig siad ar aon fhocal de thoil a chéile go bhfanfadh an tAontas páirteach sa chomhaontú fad a fhanfaidh an Iaráin tiomanta don chomhaontú. Anuas air sin, thug siad a mbeannacht don Choimisiún gníomhú aon uair a chuirfí leas na hEorpa i gceist.
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé an JCPOA a chaomhnú, ar den riachtanas é do shlándáil an réigiúin, agus do shlándáil na hEorpa agus bólaí is faide i gcéin. Ba dhíol sásaimh dóibh a bhfuil déanta go nuige seo ag an gCoimisiún Eorpach ar mhaithe le cosaint a thabhairt, ó baineadh na smachtbhannaí núicléach-shonracha, do na cuideachtaí Eorpacha sin a bhí gníomhach san Iaráin. Molann siad gach iarracht dá ndéantar, go háirithe iarrachtaí an Ardionadaí agus airí gnóthaí eachtracha an E3 (An Fhrainc, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe) a áirithiú go gcoinníonn an Iaráin uirthi ag cur an chomhaontaithe chun feidhme, an comhaontú sin darb aidhm an tír sin a chosc ó arm núicléacha a fhorbairt.
Dhearbhaíomar an athuair an teachtaireacht láidir pholaitiúil aontaithe uainn i dtaca le socrú núicléach na hIaráine. Ó thaobh an Aontais Eorpaigh de, ní le cúrsaí geilleagair ach le cúrsaí slándála a bhaineann an scéal. Óir in éagmais an chomhaontaithe seo leis an Iaráin, d'fhéadfaí slándáil an réigiúin úd maille le slándáil na hEorpa féin a chur i mbaol, dar linn. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Rinne na hairí beagán plé chomh maith céanna ar shaincheisteanna atá lasmuigh de raon an JCPOA, go háirithe orthu siúd a bhaineann leis an imní atá ar an Aontas faoi chlár diúracán balaistíoch na hIaráine agus faoi ról na tíre sin i gcoinbhleachtaí réigiúnacha, go mór mór sa tSiria agus in Éimin, agus faoin staid ina bhfuil cearta an duine sa tír. Táthar ag díriú ar na saincheisteanna sin lasmuigh den JCPOA. Den chor is déanaí, bhí an tAontas i bhfeighil na hiarrachta a rinne roinnt de na Ballstáit comhar is caidreamh a dhéanamh leis an Iaráin agus leis an Éimin, ag an gcruinniú a tharla, ar leibhéal na taidhleoireachta, sa Róimh ar an 3 Bealtaine chun plé a dhéanamh ar chéimeanna nithiúla lena bhféadfaí an mhuinín a choigilt.
Ba dhíol béime freisin ag na hairí gnóthaí eachtracha a thábhachtaí atá an tAontas don chaidreamh trasatlantach, agus a riachtanaí atá sé leanúint den chomhar is caidreamh le SAM, comhpháirtí agus comhghuaillí de chuid an Aontais i dtaca le gach saincheist, lena n-áirítear saincheist na hIaráine, le fada an lá.
- Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh tar éis an fhógra a rinne an tUachtarán Trump maidir le socrú núicléach na hIaráine (JCPOA) (preaseisiúint, 9/5/2018)
- Gníomhartha déanta ag an gCoimisiún Eorpach, mar chuid de thiomantas leanúnach an Aontais do JCPOA, chun cosaint a thabhairt do leasanna cuideachtaí de chuid an Aontais a mbíonn infheistíocht á déanamh acu san Iaráin (preaseisiúint an Choimisiún, 18/5/2018)
Veiniséala
Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha maidir le Veiniséala d'aithle na dtoghchán uachtaránachta agus réigiúnacha a bhí ansin ar an 20 Bealtaine agus atoghadh Nicolás Maduro don dara téarma sé bliana. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Veiniséala, inar chuir sí i bhfáth gur bhain easpa iomlán inchreidteachta leis an toghchán gona thoradh mar nár chuid den phróiseas toghchánach sin na ráthaíochtaí is dlite chun go mbeadh ann toghcháin chuimsitheacha dhaonlathacha. I bhfianaise an mhéid sin, iarrann an tAontas go dtionólfaí toghcháin uachtaránachta úra i gcomhréir leis na caighdeáin dhaonlathacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus le hord bunreachtúil Veiniséala.
De réir na gconclúidí, gníomhóidh an tAontas go mear, ós amhlaidh atá, i gcomhréir le nósanna imeachta bunaithe, agus é mar aidhm aige bearta sriantacha breise spriocdhírithe agus inchúlaithe a chur i bhfeidhm, nach ndéanfaidh dochar do mhuintir Veiniséala féin óir is mian leis an Aontas an t-anró atá á fhulaingt acu siúd a mhaolú.
Gaza
Le linn an lóin, phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an staid in Gaza, i bhfianaise ar tharla le déanaí ann, lena n-áirítear i ndáil le haistriú Ambasáid na Stát Aontaithe in Iosrael go hIarúsailéim. Bhí siad ar aon fhocal nach mór gníomhú láithreach chun nach gcaillfear níos mó daoine, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an rochtain dhaonnúil. Chuir siad i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé tús a chur arís leis an bpróiseas polaitiúil, agus dhearbhaigh siad arís seasamh aontaithe an Aontais nach mór teacht ar réiteach dhá stát, agus Iarúsailéim ina hardchathair ag an dá stát sin.
Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Phléigh an Chomhairle mar atá cúrsaí i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ba dhíol béime ag na hairí gnóthaí eachtracha a thábhachtaí atá sé súil inchreidte, dhlisteanach, chomhthoiliúil, chuimsitheach a choinneáil ar an bpróiseas toghchánach as a n-eascróidh, táthar ag súil, an t-olltoghchán atá le bheith ann ar an 23 Nollaig 2018. Chuir na hairí a n-imní in iúl freisin faoin staid thubaisteach dhaonnúil atá sa tír ó tharla an ráig Ebola ann le déanaí.
- Poblacht Dhaonlathach an Chongó: Conclúidí glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, 11/12/2017)
- Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus an tAontas (suíomh gréasáin SEGS)
Comhaontú a leanfaidh Comhaontú Cotonou
Rinne na hairí gnóthaí eachtracha breithniú ar an dul chun cinn atá déanta agus treoir ón gComhairle á hullmhú lena gceadaítear don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus Stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) (Comhaontú a leanfaidh Comhaontú Cotonou).
D'iarr an Chomhairle ar ambasadóirí na mBallstát san Aontas (COREPER) leanúint, sna laethanta beaga seo romhainn, den obair sin darb aidhm bailchríoch a chur ar an sainordú caibidlíochta, agus an sainordú sin a ghlacadh, faoi uachtaránacht na Bulgáire.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Veiniséala: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 28/05/2018
- Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan: Tuarascáil bhliantúil an Aontais don bhliain 2017 glactha
- 28/05/2018
- CBSC sibhialtach a neartú: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 28/05/2018
- Comhar an Aontais i dtaobh cúrsaí slándála a dhoimhniú le comhpháirtithe na hÁise: conclúidí glactha ag an gComhairle
- 28/05/2018
- An tSiria: síneadh bliana curtha ag an Aontas leis na smachtbhannaí i gcoinne an réimis
- 28/05/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025