"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 10/01/2020, 10 Eanáir 2020
Na príomhthorthaí
Cúrsaí reatha
Phléigh an Chomhairle ar tharla le déanaí sa Libia, lena n-áirítear an géarú míleata a bhí ann timpeall Tripilí agus, ar imeall an chruinnithe, bhí deis ag Ghassan Salamé, Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe agus Ceannaire Mhisean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia (UNSMIL), faisnéis a chur ar fáil di.
Chuir na hairí in iúl go raibh siad d'aon tuairim gur gá don Aontas a bheith an-ghníomhach ionas nach n-imeodh an ghéarchéim atá ann faoi láthair ó smacht, agus thug siad sainordúd’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha, Josep Borrell, dul i dteagmháil leis na gníomhaithe uile agus é a bheith de chuspóir acu teacht ar réiteach polaitiúil faoi chuimsiú phróiseas Bheirlín agus na n-iarrachtaí idirghabhála atá ar bun faoi stiúir na Náisiún Aontaithe.
Ar thit amach le déanaí san Iaráic
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir lenar thit amach le déanaí san Iaráic, lena n-áirítear trí mhalartú neamhfhoirmiúil le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg.
Iarradh ar na hairí iarmhairtí an ghéaraithe ar an teannas agus na dteagmhas mór slándála a tharla le déanaí san Iaráic agus sa réigiún a mheas agus phléigh siad tionchar an mhéid sin a tharla ar an gcomhghuaillíocht idirnáisiúnta a bhfuil Da’esh á chomhrac aici.
Thug an Chomhairle sainordú láidir dom iarrachtaí taidhleoireachta a dhéanamh leis na páirtithe uile chun an lasóg a bhaint den bharrach sa réigiún, chun tacú leis an idirphlé polaitiúil agus chun réiteach polaitiúil réigiúnach a chur chun cinn.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
D'áitigh an Chomhairle go mbainfí an lasóg den bharrach go práinneach agus go mbeadh gach páirtí chomh stuama agus ab fhéidir. Ina theannta sin, cháin sí gach ionsaí ar na fórsaí comhghuaillíochta a bhfuil Da’esh á chomhrac acu agus d'athdhearbhaigh sí gur tosaíocht de chuid an Aontais an comhrac sin fós.
Chuir na hairí gnóthaí eachtracha i dtreis a dtacaíocht leanúnach le cobhsaíocht agus le hatógáil na hIaráice, agus le caomhnú an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta (JCPoA), ar príomhghné den ollstruchtúr neamhleata arm núicléach domhanda é. Ag an am céanna, d’iarr na hairí ar an Iaráin filleadh ar chomhlíonadh iomlán JCPoA gan mhoill.
Ar deireadh, thug an Chomhairle sainordú láidir d'Ardionadaí an Aontais iarrachtaí taidhleoireachta a dhéanamh leis na páirtithe uile chun an lasóg a bhaint den bharrach sa réigiún, chun tacú leis an idirphlé polaitiúil agus chun réiteach polaitiúil réigiúnach a chur chun cinn.
Díghéarú práinneach agus stuamacht uasta san Iaráic á n-áitiú ag an gComhairle
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.