"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 09/12/2019, 9 Nollaig 2019
Príomhthorthaí
Ba é Josep Borrell, Ardionadaí nua an Aontais Eorpaigh ón 1 Nollaig, a bhí ina chathaoirleach ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha den chéad uair.
Cúrsaí reatha
Phléigh na hairí na forbairtí is déanaí i ndáil leis an meabhrán tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le dlínse mhuirí a theorannú agus maidir le slándáil agus comhar míleata agus chuir siad a n-imní in iúl maidir leis an doiciméad. Rinne an Chomhairle tagairt freisin don staid pholaitiúil sa Libia, agus go háirithe do phróiseas Bheirlín, a bhfuil sé d'aidhm aige teacht ar réiteach inbhuanaithe ar an staid sa tír.
Phléigh na hairí an Úcráin, i gcomhthéacs chruinniú mullaigh fhormáid na Normainne atá ar siúl inniu i bPáras. Bhí malartú tuairimí acu freisin maidir leis an staid san Iaráin, tar éis an chruinnithe a bhí ag an gCoimisiún Comhpháirteach don Phlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta le déanaí, chomh maith le hagóidí a bhí ar siúl le déanaí sa tír. Chuir an tArdionadaí eolas ar fáil faoin staid sa Bholaiv, i Hong Cong agus sa Mholdóiv.
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an caidreamh idir an tAontas agus an Afraic mar ullmhúchán do na cruinnithe aireachta agus do na cruinnithe mullaigh a bheidh ann an bhliain seo chugainn idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach (AA). Cuirfear an plé sin san áireamh sa díospóireacht maidir le straitéis chuimsitheach nua don Afraic.
Tá rud amháin soiléir, ní féidir linn straitéis a bheith againn don Afraic gan an Afraic. Ní mór gur rud é sin a fhreagraíonn d'úinéireacht i measc mhuintir na hEorpa, ach go príomha do mhuintir na hAfraice. Ní mór dúinn teagmháil a dhéanamh lenár gcomhpháirtithe san Afraic, agus d'iarr mé ar na hairí gnóthaí eachtracha a bheith iomlán gníomhach maidir leis sin.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Thug an Chomhairle aghaidh ar ghnéithe polaitiúla, eacnamaíocha, slándála agus déimeagrafacha an chaidrimh. Pléadh freisin saincheisteanna tábhachtacha tras-earnálacha amhail an t-athrú aeráide agus an digiteáil.
Chuir na hairí in iúl go láidir go mbeidh 2020 ina bhliain ríthábhachtach sa chaidreamh idir an Afraic agus an tAontas Eorpach. Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an gcéad chruinniú mullaigh eile maidir le comhpháirtíocht an Aontais leis an Afraic a nuachóiriú agus a uas-scálú.
Bhreathnaigh an Chomhairle ar chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar domhan, roimh Lá Chearta an Duine ar an 10 Nollaig.
Rinne na hairí gnóthaí eachtracha measúnú ar obair an Aontais maidir le cearta an duine, ar na hionstraimí atá ar fáil dó agus ar na tosaíochtaí do na míonna atá le teacht. D'athdhearbhaigh siad freisin ceannaireacht an Aontais maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain.
Rinne an Chomhairle machnamh ar an mbealach ina bhféadfaí bosca uirlisí an Aontais maidir le cearta an duine a fheabhsú, agus d'fhógair an tArdionadaí go seolfaí réamhobair maidir le córas smachtbhannaí cothrománacha a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
Dhírigh na hairí freisin ar an laghdú spáis don tsochaí shibhialta agus ar an gcniogbheartaíocht in aghaidh chosantóirí chearta an duine in go leor áiteanna ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin, ardaíodh an Plean Gníomhaíochta nua maidir le cearta an duine an daonlathas (2020-2024). Socrófar leis sin leibhéal uaillmhéine agus tosaíochtaí an Aontais do na cúig bliana amach romhainn.
Phléigh na hairí an comhionannas inscne agus cearta na mban freisin i bhfianaise Bhéising + 25.
An obair amach anseo: tosaíochtaí agus oibriú le chéile ar bhealach níos éifeachtaí
Le linn lón oibre, phléigh na hairí gnóthaí eachtracha modhanna oibre na Comhairle Gnóthaí Eachtracha go neamhfhoirmiúil. Roinn an tArdionadaí nua a dhearcadh maidir lena thosaíochtaí agus maidir leis an mbealach ar féidir leis an Aontas oibriú le chéile ar bhealach níos éifeachtaí chun torthaí oibríochtúla a bhaint amach.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.