"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 21/11/2019, 21 Samhain 2019
Príomhthorthaí
Fís-sleachta ón gComhairle Trádála a bhí ar siúl sa Bhruiséil ar an 21 Samhain 2019
Nuachóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála
Phléigh an Chomhairle cúrsaí mar atá sa chaibidlíocht san Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus an dul chun cinn ina próiseas athchóirithe.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas i dtaca leis na tionscnaimh is déanaí uaidhchun cur chuige cuimsitheach an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn maidir le nuachóiriú a dhéanamh ar phríomhfheidhmeanna uile EDT: ceapadh rialacha, faireachán agus réiteach díospóidí. Cuireadh béim ar leith ar an ngá atá le teacht ar réitigh oibríochtúla chun pairilis an chórais um réiteach díospóidí a chosc a luaithe a rachaidh sainordú ceann de na trí bhreitheamh eile den Chomhlacht Achomhairc in éag ar an 11 Nollaig 2019, agus nach mbeidh an chúirt in ann oibriú a thuilleadh.
Tá córas um réiteach díospóidí a fheidhmíonn go maith ríthábhachtach d'éifeachtacht, d'ábharthacht agus d'inchreidteacht EDT ina hiomláine. Ní féidir rómheas a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé, agus tá athchóiriú an chórais sin ríthábhachtach chun córas iltaobhach rathúil a bhaint amach. Táimid tiomanta dul i ngleic le bunchúiseanna na míshástachta faoin gcóras atá ann cheana, agus réitigh a chur ar aghaidh lena dtabharfar aghaidh ar dheacrachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon.
Ville Skinnari, Aire Comhair um Fhorbairt agus Trádála Eachtraí na Fionlainne
Chuir an Coimisiún tuarascáil ar fáil don Chomhairle freisin maidir le staid na himeartha sna hullmhúcháin don 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (MC12) a thionólfar in Nur-Sultan, an Chasacstáin, i mí an Mheithimh 2020, agus na spriocanna inti a d'fhéadfaí a bhaint amach.
Thacaigh na Ballstáit i gcoitinne le toradh uaillmhianach do MC12, lena luaitear an athuair a thábhachtaí atá an próiseas iltaobhach agus a thábhachtaí atá sé torthaí nithiúla a bhaint amach trí chaibidlíocht ilpháirtithe agus iltaobhach araon. Áirítear ar na saincheisteanna tosaíochta don Aontas, i measc nithe eile, fóirdheontais iascaigh, réiteach díospóidí, fóirdheontais thionsclaíocha agus an ríomhthráchtáil.
Caidreamh trádála idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bhreathnaigh an Chomhairle ar na forbairtí is déanaí sa chaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.
Leag na hairí béim ar a dtacaíocht don straitéis reatha chun raon feidhme cláir oibre dhearfaigh don trádáil leis na Stáit Aontaithe a chothabháil nó a leathnú fiú, ar bhonn an chomhaontaithe ar tháinig an tUachtarán Juncker agus an tUachtarán Trump air an 25 Iúil 2018, agus prionsabail bhunúsacha an chórais iltaobhaigh á gcosaint ag an am céanna.
Thíolaic an Coimisiún na forbairtí is déanaí i gcás na sraitheanna éagsúla den chaidreamh déthaobhach le Stáit Aontaithe Mheiriceá, lena n-áirítear:
caibidlíocht ar mheasúnú comhréireachta agus ar dhíchur na dtaraifí ar earraí tionsclaíocha
bearta sriantacha ó na Stáit Aontaithe (taraifí "roinn 232", mar a thugtar orthu) a d'fhéadfaí a fhorchur ar allmhairí mótarfheithiclí ón Aontas Eorpach agus
obair leantach ar dhíospóidí EDT Airbus/Boeing
Phléigh na hairí freisin an comhthéacs trádála níos leithne agus phléigh siad na forbairtí is déanaí sa chaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an tSín, agus idir na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin i bhfianaise an tionchair a bhíonn acu ar leasanna an Aontais agus ar an ngeilleagar domhanda i gcoitinne.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le cur chun feidhme comhaontuithe trádála ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún.
Cuirtear in iúl sa tuarascáil gur lean cuideachtaí Eorpacha de bheith ag baint leas maith as na deiseanna atá cruthaithe ag gréasán trádála an Aontais Eorpaigh. Ar an iomlán, is fiú 35% d'olltáirgeacht intíre an Aontais an trádáil, agus tá os cionn 36 milliún post á dtacú le honnmhairí go tíortha lasmuigh den Aontas. Thuairiscigh an tAontas barrachas €84.6 billiún i dtrádáil earraí lena chomhpháirtithe i gcomhaontuithe trádála, i gcomparáid lena easnamh foriomlán trádála leis an gcuid eile den domhan, dar luach €24.6 billiún.
Le linn an phlé, leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go gcuirfear comhaontuithe trádála chun feidhme go héifeachtach ionas gur féidir le cuideachtaí agus saoránaigh an Aontais tairbhe iomlán a bhaint astu. I ndáil leis an méid sin, leag na hairí béim freisin ar a thábhachtaí atá dlúthchomhar agus cumarsáid mhaith idir an Coimisiún, na Ballstáit, cuideachtaí príobháideacha agus geallsealbhóirí.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoin suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí maidir le trádáil agus an tsaincheist maidir le hiompar freagrach gnó.
Le linn an lóin, phléigh na hairí an caidreamh trádála leis an tSín. Thug an Coimisiún forléargas chomh maith ar an gcaibidlíocht trádála leanúnach eile atá ar siúl faoi láthair freisin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.