Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 25/11/2019, 25 Samhain 2019

Príomhthorthaí

Cúrsaí reatha

Phléigh an Chomhairle an Fóram Domhanda maidir le Dídeanaithe, a bheidh ar siúl sa Ghinéiv ar an 17 agus an 18 Nollaig 2019. Cuireadh na hairí forbartha ar an eolas faoi rannpháirtíocht an Aontais, a chumhdaíonn raidhse iomlán na réimsí atá sa Chomhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir le staid na himeartha i gcás na comhpháirtíochta a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), ó tharla creat Cotonou le dul in éag in 2020.

An tAontas ag iarraidh an tairbhe is fearr a bhaint as tionchar a chabhrach um fhorbairt

An t-ollstruchtúr airgeadais don fhorbairt

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ní mór dúinn na torthaí inbhuanaithe forbartha is fearr is féidir a bhaint amach, trí infheistíochtaí ar ardcháilíocht, agus is spéis linn freisin an ghiaráil, an infheictheacht, agus, ar deireadh, sochar polaitiúil don Aontas Eorpach.
Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Bhí malartú tuairimí ag na hairí forbartha maidir leis an ollstruchtúr airgeadais a bheidh ann amach anseo don fhorbairt inbhuanaithe tar éis don Ghrúpa Ardleibhéil Saoithe ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt tuarascáil a eisiúint ar an 8 Deireadh Fómhair 2019.

Chuir Cathaoirleach an Ghrúpa Ardleibhéil sin, Thomas Wieser, an tuarascáil deiridh i láthair, tuarascáil ina bpléitear conas breisluach uasta ollstruchtúr airgeadais forbartha an Aontais a bhaint amach, agus na heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana á gcur san áireamh. Bhí Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), Werner Hoyer, agus Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), Suma Chakrabarti, i láthair ag an díospóireacht chomh maith agus chuir siad a dtuairimí in iúl.

Maítear sa tuarascáil gur cheart maoiniú forbartha agus gníomhaíochtaí aeráide lasmuigh den Aontas a chuíchóiriú agus a chomhdhlúthú le go mbeadh aon eintiteas amháin ann, "Banc Eorpach um Aeráid agus Forbairt Inbhuanaithe", d'fhonn forluí a sheachaint agus láithreacht, ról agus acmhainneacht fhadtéarmach an Aontais a neartú chun go bhféadfar tosaíochtaí forbartha an Aontais a chur i gcrích. Leagtar amach ann chomh maith roinnt roghanna faoi cé mar is féidir an méid sin a bhaint amach. Ina theannta sin, léirítear sa tuarascáil a fhiúntaí a bheadh sé bearta breise a dhéanamh láithreach chun ionad beartais láidir a bhunú san Aontas, agus leas a bhaint as buiséad forbartha an Aontais sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun an tAontas a spreagadh an córas reatha a athchóiriú.

Le linn an phlé, leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé a bheith ag obair i dtreo comhdhearcadh straitéiseach a bhaint amach, agus comhtháthú agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais a fheabhsú, lena mbeidh infheictheacht agus tionchar níos mó ag an Aontas arb é an deontóir is mó ar fud an domhain é. Chuir na hairí chun suntais freisin gur cheart leanúint den obair ar bhearta gearrthéarmacha a luaithe is féidir agus gur cheart réitigh níos fadtéarmaí a bheith bunaithe ar anailís dhomhain.

Tá sé d’aidhm ag Uachtaránacht na Fionlainne conclúidí ón gComhairle a ghlacadh faoi Nollaig 2019 maidir leis an tuarascáil, agus an treoir a thug na hairí forbartha á cur san áireamh.

Tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha ina bhfuil athruithe ar bun

Phléigh an Chomhairle conas a d'fhéadfadh an tAontas agus na Ballstáit comhar níos fearr a dhéanamh chun tacú le forbairt na dtíortha atá i mbéal forbartha, agus aird ar leith á tabhairt ar an Aetóip agus ar an tSúdáin. Phléigh na hairí a dtaithí agus shainaithin siad dea-chleachtais, dúshláin agus tosaíochtaí, a bhaineann, i gcás na hAetóipe, leis an aistriú eacnamaíoch, lena n-áirítear rannpháirtíocht na hearnála príobháidí.

Le linn malartú gearr tuairimí maidir leis an tSúdáin, de bhreis ar an bplé a rinne na hairí gnóthaí eachtracha ar an 11 Samhain, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go dtacaíonn sí leis an bpróiseas síochána agus chuir sí in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé mná agus an óige a áireamh chun cobhsaíocht fhadtéarmach a bhaint amach, agus go mbeadh na hacmhainní is gá ag an aistriú chuig an daonlathas.

Inscne agus oideachas

Bhí malartú tuairimí ag airí forbartha an Aontais le hAire Oideachais na hAetóipe, an Dr Tilaye Gete, le linn lón oibre. D’fhéach siad ar dhúshláin foghlama san Afraic ó thaobh comhionannas inscne de.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025