Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Dhá sheachtain tar éis don Aontas smachtbhannaí a ghlacadh maidir le cás Navalny, chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar aon duine dhéag agus ar cheithre eintiteas atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSín, sa Chóiré Thuaidh, sa Libia, sa tSúdáin Theas, san Eiritré agus sa Rúis.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Dírítear leis na smachtbhannaí ar sháruithe agus ar mhí-úsáidí fíor-thromchúiseach ar chearta an duine, gan beann ar an áit a bhfuil siad á ndéanamh. Tá gach beart sriantach de chuid an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus tá siad faoi réir na gcaighdeán is airde ó thaobh smacht reachta de.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Chinn an Chomhairle chomh maith bearta sriantacha a fhorchur ar aon duine dhéag atá freagrach as an coup míleata i Maenmar/Burma an 1 Feabhra 2021, agus as an gcur faoi chois a rinne an t-arm agus na póilíní ina dhiaidh sin ar léirsitheoirí síochánta.

An Tuirc

Rinne an Chomhairle measúnú ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc i bhfianaise na tuarascála comhpháirtí ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún, a ullmhaíodh roimh an bhfíschomhdháil a bhí ag comhaltaí na Comhairle Eorpaí an 25-26 Márta.

Tríd is tríd, mheas na hairí gur bonn maith í an tuarascáil don phlé sa Chomhairle Eorpach.

Agus achoimre á déanamh ar an bplé, chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go raibh comharthaí dearfacha tugtha ag ceannairí na Tuirce ó eisíodh na conclúidí ó Chomhairle Eorpach mhí na Nollag, 2020. Cé gur glacadh céimeanna chun an lasóg a bhaint den bharrach sa Mheánmhuir Thoir, bhí an próiseas leochaileach go fóill, agus níor mhór leanúint de na hiarrachtaí chun an teannas a mhaolú.

Chomhaontaigh na hairí go bhfuil sé tábhachtach leanúint den mhóiminteam atá ann faoi láthair agus é a chomhdhlúthú, ach gur gá chomh maith gach aon rogha a choinneáil ar intinn ar eagla go dtiocfaidh athrú ar an staid.

Comharsanacht an Deiscirt

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoi Chomharsanacht an Deiscirt ina dhiaidh sin.

Leag an díospóireacht béim ar an ngá atá le comhpháirtíocht níos láidre, níos dlúithe agus níos éifeachtaí, agus le comhoibriú idir an tAontas agus a chomhpháirtithe chun fadhbanna coiteanna a réiteach amhail: COVID, coinbhleachtaí, an imirce, an t-athrú aeráide, agus an sceimhlitheoireacht.

Dhírigh na hairí go háirithe ar an mbealach leis an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le Comhpháirtíocht Athnuaite le haghaidh Chomharsanacht an Deiscirt an 9 Feabhra 2021 a chur chun feidhme, agus oibriú dá réir. San idirghabháil a rinne siad, phléigh siad gnéithe éagsúla amhail: athchóirithe a chur chun cinn, ag obair leis an tsochaí shibhialta, agus leas á bhaint as acmhainneacht an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, etc.

Glacfar conclúidí ón gComhairle maidir le Comharsanacht an Deiscirt ag an gcéad Chomhairle Gnóthaí Eachtracha eile.

Físchomhdháil le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Michelle Bachelet

Bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Michelle Bachelet, faoi staid chearta an duine ar fud an domhain, agus an fhorbairt a rinneadh le déanaí i ndáil leis sin.

Seoladh ag an bhfíschomhdháil freisin an tIdirphlé Straitéiseach idir an tAontas agus an tArd-Choimisinéir, ar tionscnamh nua é atá leagtha amach sa straitéis maidir le rannchuidiú an Aontais le hiltaobhachas riailbhunaithe a neartú.

Cúrsaí reatha

Thug an Chomhairle dá haire an staid i Maenmar, atá ag dul in olcas i gcónaí tar éis an coup míleata a cuireadh ar bun an 1 Feabhra 2021. Agus na hairí a thabhairt cothrom le dáta, chuir an tArdionadaí Borrell i bhfios go láidir go leanfadh an tAontas dá iarrachtaí taidhleoireachta chun cuidiú leis an staid a chur ina ceart, agus chun an daonlathas agus an rialtas sibhialtach dlisteanach a athbhunú.

Cuireadh na hairí ar an eolas ansin faoi na Balcáin Thiar agus, go háirithe, faoi na himeachtaí a bhí ann le déanaí nó a bheidh ann go luath, amhail na Comhairlí Cobhsaíochta agus Comhlachais agus an chuairt a thug Ionadaí Speisialta an Aontais don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar, Miroslav Lajčák, ar an réigiún le déanaí.

Bhí plé gairid ag an gComhairle freisin faoin Rúis, inar dhearbhaigh na hairí go raibh na cúig threoirphrionsabal fós an-ábhartha, agus laistigh de na prionsabail sin, go gcuirfidh an tAontas in aghaidh na Rúise, nó srian a chur uirthi, nó go rachaidh sé i mbun plé leis an Rúis mar a éilítear de réir an cháis. Pléifidh ceannairí an Aontais an caidreamh leis an Rúis ag an bhfíschomhdháil a bheidh acu an 25-26 Márta.

Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoin gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia a tionóladh an 16 Márta, agus faoi iarrachtaí idirghabhála an Aontais le roinnt seachtainí anuas chun an ghéarchéim pholaitiúil sa tír a shárú. D’athdhearbhaigh an tArdionadaí gur gá do cheannairí uile pháirtithe polaitiúla na Seoirsia leas mhuintir na Seoirsia a chur chun tosaigh, na comhréitigh is gá a dhéanamh, agus a n-aird a dhíriú ar shaincheisteanna práinneacha eile amhail paindéim an choróinvíris, an téarnamh eacnamaíoch, agus slándáil náisiúnta na Seoirsia.

Pléadh Veiniséala freisin i bhfianaise an mhéid a thit amach le déanaí amhail Ceann Thoscaireacht an Aontais chuig Veiniséala a dhíbirt ón tír, agus an dearbhú ón Aontas gur persona non grata é ambasadóir Veiniséala chuig an Aontas. Léiríodh sa díospóireacht gur féidir cobhsaíocht agus ath-dhaonlathú a bhaint amach don tír, ach tá iarracht chomhsheasmhach ag teastáil chuige sin.

Ar deireadh, chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoin staid san Aetóip agus faoi na tuairiscí laethúla maidir le sáruithe ar chearta an duine ar scála ollmhór sa tír. Leanfaidh an tAontas de bheith ag cur leis an mbrú ar rochtain dhaonnúil a cheadú, imscrúduithe neamhspleácha ar sháruithe ar chearta an duine a sheoladh, agus trúpaí na hEiritré a tharraingt siar. Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas réidh chun a chuid uirlisí uile maidir leis an mbeartas eachtrach a ghníomhachtú i gcoinne iad siúd atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine, agus go raibh sainordú tugtha aige d'Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, Pekka Haavisto, filleadh ar an réigiún le haghaidh an dara misean.

Gnó eile

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena mbunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025