"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Afraic agus an Eoraip: fís chomhpháirteach do 2030 (Grafaic faisnéise)
Bhí an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, ina foirmíocht forbartha, ar siúl sa Bhruiséil an 28 Samhain 2022.
Phléigh na hairí forbartha an obair leantach a d'eascair as an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, a bhí ar siúl sa Bhruiséil i mí Feabhra seo caite. Thug na hairí aghaidh freisin ar shaincheisteanna domhanda leasa, tionchar fhogha na Rúise faoin Úcráin, ar staid dhomhanda na héiginnteachta bia, agus ar phraghsanna fuinnimh san áireamh.
Tá staid gheopholaitiúil an domhain an-éagsúil ó bhliain ó shin, ach in ainneoin an chogaidh san Úcráin, ní mór dúinn leanúint de bheith ag plé leis an Afraic. Rogha chomhpháirtí is í an Afraic dúinn. Tá sí mar phríomhthosaíocht ar ár gclár oibre, go háirithe sa chás seo, nuair atá géarchéim bhia agus géarchéim fuinnimh ag dul i bhfeidhm ar an mór-roinn. Ní mór dúinn infheistíocht níos tapúla, níos mó agus níos cliste a dhéanamh san Afraic.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ina theannta sin, dhírigh na Ballstáit ar fhreagairt Fhoireann na hEorpa ar ghéarchéimeanna san Úcráin agus san Afganastáin. Phléigh na hairí an staid chasta arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis léi agus ár seasamh. Bhí malartú maidir leis an mbealach chun cinn tar éis ghabháil cumhachta an Talaban san Afganastáin i mí Lúnasa 2021 ar an gclár oibre freisin.
Sa chomhthéacs sin, phléigh na hairí an togra ón gCoimisiún agus ó SEGS maidir le ‘cur chuige níos doimhne agus feabhsaithe maidir le riachtanais bhunúsacha’ chun tacú le muintir na hAfganastáine agus chomhaontaigh siad go raibh gá le tuilleadh oibre sula mbogfaí sa treo sin.
Tá trí theachtaireacht shoiléire againn maidir leis an Úcráin: Tá gá le tacaíocht láithreach, go háirithe roimh an ngeimhreadh agus an bonneagar criticiúil a dheisiú, ar an dara dul síos, tá sé ríthábhachtach feidhmeanna bunriachtanacha stát na hÚcráine a áirithiú agus, ar an tríú dul síos, tá sé tábhachtach go ndéanfaí athchóirithe a leagan amach faoi chuimsiú aistear Eorpach na hÚcráine. Agus maidir leis an Afganastáin, ní mór dúinn a chinntiú go leanfaimid de bheith ag tacú le muintir na hAfganastáine ós rud é go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas, go háirithe do mhná agus do chailíní.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh na hairí forbartha freisin oibríochtú níos leithne an Chumarphointe idir an Daonnúlacht, an Fhorbairt agus an tSíocháin; agus é mar aidhm bogadh níos faide ná an chéim phíolótach ar cuireadh tús léi i 6 thír 5 bliana ó shin agus cur chuige an chumarphointe a ghinearálú i gcás na dtíortha comhpháirtíochta uile a d'fhéadfaí tairbhe a bhaint as.
Conclúidí ón gComhairle
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.