Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 25 Samhain 2022

Na príomhthorthaí

Athchóiriú agus ullmhúchán na hEagraíochta Domhanda Trádála don 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála

Dhírigh an plé a rinneadh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil) ar obair leanúnach ar an athchóiriú ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus ar na hullmhúcháin don 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT.

D’ainneoin na staide dúshlánaí a chruthaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhí torthaí dearfacha ag Comhdháil Aireachta EDT (an Ghinéiv, 12 go 17 Meitheamh 2022) a bhí ann roimhe seo ar fhóirdheontais iascaigh, ar an bhfreagairt ar phaindéim COVID-19, ar athchóiriú EDT, ar shlándáil bia agus ar ríomhthráchtáil.

Dírítear anois ar conas an toradh dearfach sin a úsáid chun an chaibidlíocht a chur chun cinn agus an 13ú Comhdháil Aireachta EDT á hullmhú.

D’aontaigh na hAirí gur cheart ról ceannaireachta a bheith ag an Aontas maidir le hathchóiriú EDT agus go mbeidh rath na Comhdhála Aireachta ríthábhachtach chun a ról lárnach sa chóras iltaobhach trádála a athdheimhniú.

Bhí plé straitéiseach ag an gComhairle maidir leis na sraitheanna oibre tosaíochta don Chomhdháil seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

  • a thábhachtaí atá próiseas athchóirithe EDT, agus go háirithe córas lánfheidhmiúil um réiteach díospóidí a athbhunú a luaithe is féidir;
  • feidhmeanna faireacháin agus breithniúcháin EDT a neartú;
  • an dul chun cinn maidir leis na Tionscnaimh Ráiteas Comhpháirteach (maidir le héascú infheistíochta, ríomhthráchtáil, agus trádáil agus comhshaol);
  • cur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha chun go ndaingneoidh an tAontas an rialachán intíre maidir le seirbhísí agus na mbeart a rinneadh chun go ndaingneoidh an tAontas an comhaontú um fhóirdheontais iascaigh go tapa agus;
  • uainiú agus ionad na Comhdhála, i measc nithe eile.

Chuir an Chomhairle in iúl freisin go dtacaíonn sí i gcónaí le cur chuige an Choimisiúin.

An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe

Bhí plé ag na hAirí maidir leis an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ina díríodh ar an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC), díreach roimh an tríú cruinniú a bheidh ar siúl an 5 Nollaig sna Stáit Aontaithe, agus ar na hiarmhairtí a bheidh ag na forálacha idirdhealaitheacha atá in Acht na Stát Aontaithe um Laghdú Boilscithe (IRA) ar an Aontas agus ar na hiarrachtaí gaolmhara chun teacht ar réitigh ina leith sin.

Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála Phoblacht na Seice
D’fhóin TTC, i measc nithe eile, chun comhordú a dhéanamh ar bhearta atá á ndéanamh ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe i bhfianaise fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Táimid ag tnúth le teacht ar chomhaontú maidir le tuilleadh torthaí nithiúla ag an gcéad chruinniú TTC eile agus níos faide i gcéin. Cé go bhfuilimid fós tiomanta do chlár oibre dearfach trasatlantach, is cúis mhór imní dúinn an tionchar suntasach is dócha a bheidh ag Gníomh um Laghdú Boilscithe na Stát Aontaithe ar bhonn monaraíochta an Aontais. Is díol sásaimh dúinn an obair chun teacht ar réitigh inchreidte ar ábhair imní an Aontais agus táimid ag súil go mbeidh torthaí inchreidte ann go luath.
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála Phoblacht na Seice
Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála Phoblacht na Seice

Ó bhí an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann i mí an Mheithimh 2021, tá céimeanna tábhachtacha glactha ag an dá thaobh chun a gcomhpháirtíocht a athbheochan, mar shampla: roinnt díospóidí ardphróifíle a chur i leataobh agus trí TTC a bhunú atá anois ina chloch choirnéil do chlár oibre dearfach trasatlantach trádála.

Rinne TTC comhordú ar bhearta atá á nglacadh ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe i bhfianaise fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go háirithe i réimse na rialuithe ar onnmhairithe. Ina theannta sin, chomhaontaíomar ár gcomhar a leathnú i réimsí cosúil le slabhraí soláthair slána, caighdeáin teicneolaíochta, intleacht shaorga, rialachas ardán, gnéithe comhshaoil agus aeráide na trádála agus na teicneolaíochta agus bacainní trádála, i measc nithe eile. Is é an dúshlán atá roimh an gcéad chruinniú eile de TTC an 5 Nollaig, agus níos faide i gcéin, teacht ar chomhaontú maidir le torthaí níos inláimhsithe fós sna colúin trádála agus teicneolaíochta araon.

Leag na Ballstáit béim ar a n-imní faoi ghnéithe idirdhealaitheacha IRA na Stát Aontaithe agus gur dócha go mbeidh iarmhairtí suntasacha acu ar chinntí iomaíochais agus infheistíochta thionscal an Aontais, go háirithe maidir le hearnálacha atá ríthábhachtach dár n-aistriú chuig geilleagar glas.

Ba dhíol sásaimh dóibh gur seoladh an obair chun teacht ar réitigh inchreidte ar ábhair imní an Aontais agus táthar ag súil go mbeidh torthaí ar an bpróiseas go pras.

Luadh freisin na cainteanna atá ar siúl faoi láthair faoi Shocrú Domhanda maidir le Cruach agus Alúmanam Inbhuanaithe. Chuir na hAirí in iúl gur mian leo dul chun cinn ar an ábhar sin a fheiceáil freisin, ionas gur féidir na gnáthchoinníollacha trádála déthaobhacha don dá earnáil sin a athbhunú.

B’fhiú EUR 1.16 trilliún an trádáil thrasatlantach in 2021, sárú beagnach 10 % ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim. Tá an neart agus an athléimneacht sin ag brath freisin ar shlabhraí soláthair atá an-idirnasctha agus EUR 4.4 trilliún (2020) d’infheistíocht fhrithpháirteach, de réir na sonraí oifigiúla.

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Tacaíocht ón Aontas don Úcráin

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le tacaíocht trádála don Úcráin.

Is iad na príomhbhearta trádála a rinneadh maidir le hiarrachtaí téarnaimh na hÚcráine dleachtanna allmhairiúcháin ar onnmhairí uile na hÚcráine chuig an Aontas a chur ar fionraí ar feadh bliana agus gach beart frithdhumpála agus coimirce de chuid an Aontais a bhí i bhfeidhm maidir le honnmhairí cruach na hÚcráine ón 4 Meitheamh 2023 go dtí an 5 Meitheamh 2023, is iad sin na bearta trádála uathrialacha.

D’athdhearbhaigh na hairí go gcáineann siad go láidir an cogadh foghach Cónaidhm na Rúise, le tacaíocht ón mBealarúis, i gcoinne na hÚcráine.

Leag na toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá sé tacú leis an Úcráin sa réimse trádála agus thacaigh siad tríd is tríd le cur chuige an Choimisiúin ar an ábhar sin.

Tá tionchar diúltach ollmhór ag an gcogadh ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh mar gheall ar scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil modhanna iompair ar fáil. Leagamar béim inniu ar a thábhachtaí atá sé tacú leis an Úcráin ó thaobh na trádála de freisin. Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála Phoblacht na Seice

I measc nithe eile, tá an Coimisiún ag smaoineamh ar úsáid a bhaint as an gComhaontú Comhlachais agus as an gComhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála leis an Úcráin (AA/LDCST) chun rochtain ar Mhargadh Aonair an Aontais a éascú tar éis shainordú EUCO an 20-21 Deireadh Fómhair, agus athnuachan na mbeart uathrialach.

Caidreamh trádála déthaobhaí

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle le linn lón oibre maidir leis an gcaidreamh déthaobhach trádála, an chaibidlíocht leanúnach san áireamh. Leanfar leis an bplé i ndáil leis sin, lena n-áirítear maidir le comhaontuithe trádála déthaobhacha, sna míonna amach romhainn.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Caibidlíocht trádála an Aontais: léaráidí a thaispeánann an Chomhairle, saighead ag dul i dtreo an Choimisiúin Eorpaigh agus deilbhín de dhoiciméad mar léiriú ar thús na caibidlíochta trádála
Caibidlíocht trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)

Caibidlíocht trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025