Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 15 Samhain 2022

Na príomhthorthaí

Cúrsaí Reatha

D’inis an tArdionadaí don Chomhairle faoi staid na himeartha maidir leis an tSaoráid Eorpach Síochána, agus d’aithin na hairí go bhfuil géarghá le hinbhuanaitheacht airgeadais na hionstraime sin a ráthú. Is maith ábhartha, solúbtha, tapa agus éifeachtúil a chruthaigh an ionstraim sin aimsir géarchéime.

Phléigh an Chomhairle ansin rannpháirtíocht fhéideartha CBSC sa Nígir.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tá sé molta agam go mbeadh misean míleata beag lúfar ann chun freagairt do riachtanais Fhórsaí Armtha na Nígire i réimse na cothabhála agus na lóistíochta. Tá súil agam go mbeimid in ann é a bhunú ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha i mí na Nollag.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

D’inis an tArdionadaí don Chomhairle freisin faoin obair leanúnach atá á déanamh maidir le hAcmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais – atá ar cheann na príomhthorthaí atá mar sprioc ag an gCompás Straitéiseach – agus maidir leis an togra comhpháirteach ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata agus an Chibearchosaint.

Cumais chosanta agus réaltachtaí oibríochtúla

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha conas dlús a chur le hinfheistíochtaí cosanta agus le cumais chosanta, ar bhonn an dara tuarascáil ón Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint.

Díríodh sa phlé ar conas stoic a athshlánú, conas ullmhacht fhórsaí an Aontais a fheabhsú, agus conas a áirithiú go leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus do na príomh-chomhpháirtithe. Sa chomhthéacs sin, rinne na hairí roinnt cainte freisin ar an soláthar comhpháirteach. Rinne dul chun cinn san obair ar leibhéal an Aontais ar an ábhar sin, de réir mar a bhí na riachtanais phráinneacha ag teacht chun solais, agus tá an tAontas anois ag dul i dteagmháil le lucht thionscal cosanta na hEorpa chun a áirithiú gur féidir leo riachtanais na mBallstát a bhaint amach go beo.

Ba é an cruinniú seo an chéad chruinniú bliantúil aireachta cosanta maidir le tionscnaimh chosanta an Aontais agus tugadh aghaidh ar fhorbairt cumais, mar a moladh sa Chompás Straitéiseach maidir le slándáil agus cosaint.

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Tar éis cur i láthair ó Aire Cosanta na hÚcráine, Oleksii Reznikov (trí VTC), bhí malartú tuairimí neamhfhoirmiúil ag na hairí cosanta, i dteannta Jens Stoltenberg, Ardrúnaí ECAT, maidir leis an bhfogha atá á thabhairt faoi láthair ag an Rúis faoin Úcráin.

Insíodh do na hairí faoin staid mhíleata ar an láthair, áit a bhfuil 50 % den chríoch a bhí faoi fhorghabháil ag an Rúis faighte ar ais ag an Úcráin ó mhí Feabhra 2022.

Is léir go bhfuil an trealamh míleata atá á sholáthar ag na hEorpaigh agus ag na Stáit Aontaithe d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine thar a bheith úsáideach ar an dá thaobh — Thoir agus Theas. Is léir gur mór an difríocht atá á déanamh ag na hairm atá á soláthar, go háirithe na hairm frith-aer. Is cogadh lóistíochta é seo, cogadh ina bhfuil fíorthábhacht ag baint leis na slabhraí soláthair agus fíorthábhacht ag baint freisin le trealamh criticiúil ar nós tancanna catha, airtléire, agus go háirithe, córais aerchosanta. Níl amhras dá laghad agam faoi ach go bhfuil an Úcráin ag seasamh in aghaidh arm na Rúise, – ní hamháin sin ach tá arm na Rúise á bhrú siar freisin aici, a bhuí leis an gcabhair atá sí a fháil. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Cinntí eile ón gComhairle

Sheol an Chomhairle Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) agus ghlac sí luach €16 milliún de beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fothú acmhainneachta Fhórsaí Armtha na hÚcráine de bharr EUMAM Ukraine.

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraítear don Ísiltír, ina cáil mar chomhordaitheoir tionscadail, cuireadh foirmiúil a thabhairt don Ríocht Aontaithe dul isteach i dtionscadal ‘Soghluaisteacht Mhíleata’ PESCO.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Tháinig bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) le chéile roimh an gcruinniú den Chomhairle.

Phléigh agus ghlac na hairí príomhthorthaí agus príomh-mholtaí thuarascáil an Athbhreithnithe Chomhordaithe Bhliantúil ar Chosaint (CARD), 2022, i réimsí an chaiteachais ar chosaint, na pleanála cosanta agus an chomhair cosanta. D’fhormheas na hAirí freisin buiséad ginearálta 2023 na Gníomhaireachta, a mbeidh luach €43.5 milliún ann, an plean bunaíochta foirne, agus an Creat Pleanála 3 Bliana 2023-2025, ina dtugtar forléargas ar chineál, ar raon feidhme agus ar thionchar ionchasach ghníomhaíochtaí GEC chun tacú leis na Ballstáit sna blianta amach romhainn.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025