"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 7 Bealtaine 2024
Na príomhthorthaí
An Úcráin
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an staid san Úcráin agus maidir le Plean na hÚcráine, chun na heisíocaíochtaí faoin gcéad cholún den tSaoráid don Úcráin don tréimhse 2024-2027 a dhíbhlocáil, rud atá faoi choinníoll ag dul chun cinn chlár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine. Is é tacaíocht an Aontais faoin gcéad cholún €38.27 billiún (€5.27 billiún i ndeontais agus €33 bhilliún in iasachtaí) de mhéid iomlán €50 billiún faoin tSaoráid don Úcráin.
Tá gá le hatógáil agus nuachóiriú mar chuid de phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas Eorpach. Cuimsítear sa phlean príomh-athchóirithe struchtúracha, infheistíocht agus feabhsuithe i dtaobh riarachán poiblí, an smacht reachta agus an t-éilliú agus an chalaois a chomhrac. Le tacaíocht na mBallstát, beifear in ann na híocaíochtaí atá beartaithe mar chuid den tSaoráid don Úcráin a dhéanamh.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tá a mheasúnú dearfach tarchurtha ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin. Mheas an Coimisiún go gcomhlíontar leis an bplean na critéir is gá agus gur freagairt spriocdhírithe chothrom é ar chuspóirí na Saoráide don Úcráin, go dtugtar aghaidh ann ar na dúshláin a bhaineann le conair aontachais na hÚcráine, agus gur freagairt é ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine.
Táthar ag dréim go dtacóidh ambasadóirí Bhallstáit an Aontais (Coreper) leis an measúnú ar Phlean na hÚcráine an 8 Bealtaine, d’fhonn an cinneadh cur chun feidhme a fhormheas agus a fhormhuiniú, trí thromlach cáilithe, ag Comhairle Ecofin an 14 Bealtaine.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an tacaíocht dhaonnúil do Phalaistínigh i bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí, na staide daonnúla atá ag dul in olcas agus an ghá atá ann an fhreagairt a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na hardriachtanais, agus an bealach chun cinn a réiteach, i gcomhthéacs dúshlánach atá ag athrú. Rinne na hairí machnamh ar an mbealach is fearr chun tacú le clár oibre Údarás na Palaistíne don athchóiriú, tar éis bhunú rialtas nua na Palaistíne.
Ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an gceist sin.
Leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de bheith ag iarraidh go ndéanfaí sos daonnúil láithreach a dtiocfaidh sos comhraic inbhuanaithe as, go scaoilfí saor gach giall gan choinníoll agus go gcuirfí cabhair dhaonnúil ar fáil. D’athdhearbhaíomar gur gá do gach duine sa réigiún srian a chur orthu féin agus bearta a dhéanamh chun an lasóg a bhaint den bharrach. Ní ar leas aon duine a bheadh tuilleadh géaraithe.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Rannpháirtíocht an Aontais i gcomhthéacsanna leochaileacha
Le linn lóin oibre, bhreathnaigh na hairí ar mhórphictiúr na leochaileachta agus rinne siad machnamh ar chur chuige comhleanúnach agus ar mheascán beartas a d’fhéadfadh beart a dhéanamh de réir briathair sna comhthéacsanna sin. Le freagairt inchreidte ó Fhoireann na hEorpa , ní mór aghaidh a thabhairt ar bhunriachtanais agus athléimneacht na bpobal ar an láthair, ar bhonn an naisc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin. Rinneadh trácht sa phlé freisin ar ról Global Gateway maidir leis an leochaileacht.
Cúrsaí Reatha
Phléigh na hairí na hullmhúcháin don Chruinniú Mullaigh don Todhchaí, a bheidh ar siúl i mbliana an 22-23 Meán Fómhair ar imeall Sheachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. Leagadh béim ar leith ar an rian airgeadais.
Aon ghnó eile
Faoi aon ghnó eile, chuir Uachtaránacht na Beilge na hairí ar an eolas faoi imeachtaí tsláinte ar an leibhéal domhanda, agus chuir an Fhionlainn agus an Eastóin páipéar leathoifigiúil i láthair maidir le cur chun feidhme Global Gateway;
Tugadh na hairí cothrom le dáta freisin maidir le cur chun feidhme an athbhreithnithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil ar ICFCI-an Eoraip Dhomhanda;
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.