Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 26 Bealtaine 2025

Na príomhthorthaí

Maoiniú don fhorbairt

Ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), an chéad chomhairle ar ar fhreastail an tArdionadaí Kaja Kallas, bhí seisiún tuairimíochta ann maidir le maoiniú don fhorbairt roimh an 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta (FfD4), atá beartaithe don 30 Meitheamh–3 Iúil 2025 in Sevilla na Spáinne.

D’iarr na hairí go ndéanfaí athchóiriú ar an ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta don fhorbairt agus leag siad béim ar a phráinní atá sé na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a chur chun feidhme ina n-iomláine.

Díreofar sa chomhdháil ar shaincheisteanna nua atá ag teacht chun cinn i bhfianaise timpeallacht dhomhanda atá ag athrú go tapa, ina bhfuil teannas geopholaitiúil ag dul i méid agus atá ag éirí níos measa mar gheall ar chiorruithe ar chabhair sheachtrach ag na Stáit Aontaithe, rud a chuir brú suntasach ar an maoiniú don fhorbairt domhanda.

<p>An tArdionadaí Kaja Kallas</p>

Tá an tAontas tiomanta do leanúint de bheith ina chomhpháirtí iontaofa san fhorbairt idirnáisiúnta, agus béim ar leith á leagan ar a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus rathúnas inbhuanaithe á shaothrú ar fud an domhain. Leis na conclúidí a formheasadh, athdhearbhaítear ról an Aontais maidir le córas airgeadais domhanda níos cothroime agus níos cuimsithí a mhúnlú.

<p>An tArdionadaí Kaja Kallas</p>

An tArdionadaí Kaja Kallas

An caidreamh idir an tAontas agus an Afraic

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle freisin maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Afraic mar obair leantach don 3ú cruinniú aireachta idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach a bhí ar siúl an 21 Bealtaine 2025.

Rinne na hairí machnamh ar bhealaí chun comhpháirtíocht an Aontais leis an Afraic a neartú agus phléigh siad an gá atá le torthaí nithiúla a shainaithint roimh an 7ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach níos déanaí i mbliana, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé infheictheacht infheistíochtaí an Aontais san Afraic a mhéadú, go háirithe tionscadail Global Gateway, féachaint ar bhealaí le haghaidh ailíniú níos doimhne idir muintir na hEorpa agus muintir na hAfraice i bhfóraim iltaobhacha agus gníomhaíocht chomhpháirteach maidir le saincheisteanna domhanda a neartú.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic

An Úcráin

Faoi chúrsaí reatha, rinne an Chomhairle athbhreithniú freisin ar an méid atá tite amach le déanaí maidir leis an Úcráin agus Plean na hÚcráine, agus bhí plé acu ar na slite go bhféadfaí tacaíocht chomhordaithe ó Fhoireann na hEorpa a chinntiú.

Chuir an tArdionadaí Kallas i bhfios go láidir go bhfuil riachtanais dhaonnúla ollmhóra ann fós, tithíocht agus fuinneamh san áireamh. Ba é Aibreán 2025 ceann de na míonna ba mharfaí do shibhialtaigh ó tharla ionradh iomlán na Rúise i mí Feabhra 2022.

Tá €4.2 billiún san iomlán de chabhair dhaonnúil curtha ar fáil ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún don Úcráin ó 2022 i leith agus chuir an Coimisiún €1.1 billiún den tsuim sin ar fáil. Seoladh os cionn 155 000 tonna de chúnamh ó mhoil lóistíochta SACS chun na hÚcráine.

Gníomhaíocht sheachtrach tar éis 2027

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an ngníomhaíocht sheachtrach tar éis 2027 le linn lón neamhfhoirmiúil, ag díriú ar ghnéithe éagsúla, cuir i gcás: a chinntiú go leanfaidh an tAontas de bheith ina chomhpháirtí iontaofa inchreidte, an chothromaíocht cheart idir intuarthacht agus solúbthacht a bhaint amach, a chinntiú go mbeidh gníomhaíocht sheachtrach an Aontais comhsheasmhach agus go bhfreastalóidh sé ar a thosaíochtaí polaitiúla agus a leasanna straitéiseacha, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin.

Aon ghnó eile

Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi thorthaí an chruinnithe mullaigh maidir le Cothú le haghaidh Fáis, a bhí ar siúl i bPáras an 27 agus an 28 Márta 2025, agus é mar aidhm leis gníomhaíochtaí a chomhordú chun deireadh a chur leis an míchothú. Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi litir a dhréachtaigh roinnt dá gcomhghleacaithe maidir le feabhas a chur ar ról na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) i gcur chun feidhme na straitéise Global Gateway.

An Úcráin

An Úcráin

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Bealtaine 2025