Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 15 Bealtaine 2025

Na príomhthorthaí

An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. D’athdhearbhaigh na hairí seasamh ginearálta an Aontais maidir le beartas trádála nua na Stát Aontaithe agus d’athdhearbhaigh siad aontacht an Aontais maidir leis an gcaidreamh trádála trasatlantach. Is é rogha thosaíochta an Aontais go bhfaighfí réiteach cothrom a bheidh inghlactha go frithpháirteach laistigh de thréimhse na fionraí páirtí dar fad 90 lá le haghaidh bhearta na Stát Aontaithe agus go gcuirfí ar fionraí an chéad tacair (theoranta) de fhrithbhearta de chuid an Aontais.

Idir an dá linn, tá na bearta is gá á ndéanamh ag an Aontas chun a bheith réidh i gcás ina mbeidh gá le tuilleadh frithbheart. Ina theannta sin, déanfar faireachán cúramach ar na rioscaí a bhaineann le sraonadh trádála agus tabharfar aghaidh orthu de réir mar is gá. Tá iarrachtaí á ndéanamh faoi láthair chun sreafaí trádála an Aontais a éagsúlú, mar aon le dlús a chur le luas na hoibre chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an mhargaidh aonair chun gnó a chur chun cinn agus a éascú laistigh den Aontas.

<p>Michał Baranowski, Forúnaí Stáit in Aireacht Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Polainne, atá freagrach as Trádáil</p>

Táimid ag teacht le chéile ag an lárphointe ama ó chinn an tAontas agus na Stáit Aontaithe araon éirí go sealadach as an bplé ar na gnéithe caidrimh trádála a d’fhéadfadh a bheith ina gcnámh spairne. Tá rún daingean againn an leas is fearr is féidir a bhaint as an am atá fágtha. Is rún leis an Eoraip droichid a thógáil, ní ballaí. Is é an cur chuige atá againn go ndéanfaimid caibidlíocht, ach go n-ullmhóimid plean B freisin.

<p>Michał Baranowski, Forúnaí Stáit in Aireacht Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Polainne, atá freagrach as Trádáil</p>

Michał Baranowski, Forúnaí Stáit in Aireacht Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Polainne, atá freagrach as Trádáil

Tá roinnt taraifí tugtha isteach ag riarachán na Stát Aontaithe, lena n-áirítear 25 % ar chruach, alúmanam, agus a ndíorthaigh, 25 % ar ghluaisteáin, trucailí éadroma agus páirteanna gluaisteán, agus taraif ‘bunlíne’ 10 % ar gach comhpháirtí trádála. Tá an chuid thírshonrach de tharaifí na Stát Aontaithe, ar a dtugtar ‘taraifí athchothromúcháin (uilíoch)’, ar fionraí go dtí an 9 Iúil. Mar fhreagairt ar tharaifí na Stát Aontaithe ar chruach agus alúmanam, agus a ndíorthaigh, chinn an tAontas frithbhearta a fhorchur ach chuir sé ar fionraí iad go dtí an 14 Iúil chun go mbeadh am ann chun tuilleadh plé a dhéanamh.

Colláis theibí ina bhfuil gnéithe de bhratacha na Stát Aontaithe agus an Aontais agus coimeádáin lasta.
An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

An trádáil idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Slándáil eacnamaíoch na hEorpa

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le slándáil eacnamaíoch na hEorpa, lena gcuirtear san áireamh an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Scagadh IDC, rialuithe onnmhairiúcháin, agus rialuithe infheistíochta amach, agus lena chois sin ar rialachas na slándála eacnamaíche sa Chomhairle.

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile san obair ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Scagadh IDC. Thuairiscigh sí freisin ar an dul chun cinn maidir le comhordú na rialuithe onnmhairiúcháin agus thug sí dá haire an moladh ón gCoimisiún maidir le hinfheistíochtaí amach.

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir lena chuid oibre leanúnaí i dtrí cholún na slándála eacnamaíche — cur chun cinn, cosaint agus comhpháirtíocht — agus maidir le rialachas na slándála eacnamaíche laistigh den Choimisiún.

D’iarr na hairí an athuair go ndéanfaí comhordú níos fearr sa Chomhairle, agus mheabhraigh siad a thábhachtaí atá cur chuige cothrom i leith na slándála eacnamaíche.

Caibidlíocht trádála

Chaith na hairí an lón oibre ag déanamh plé ar an gcaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair. Pléadh an chaibidlíocht atá ar siúl leis an India, an Astráil, an Indinéis, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Mhalaeisia, agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (CCSAM) agus tugadh an chaibidlíocht le Mercosur nó Meicsiceo chun críche.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Iúil 2025