- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 24 Meitheamh 2014
Stádas mar thír is iarrthóir tugtha don Albáin
Ag an gcruinniú den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ar an 24 Meitheamh tugadh stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach don Albáin, agus glacadh straitéis mhuirí agus clásal dlúthpháirtíochta an Aontais. D'oibrigh na hairí freisin ar na hullmhúcháin don chéad chruinniú mullaigh eile den Chomhairle Eorpach.
Chinn an Chomhairle stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Albáin. Anois beidh an cinneadh sin faoi réir a fhormheasta ag an gComhairle Eorpach. D'iarr an Chomhairle freisin ar an tír sin de chuid na mBalcán Thiar dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na caimiléireachta agus na coireachta eagraithe, agus tuilleadh a dhéanamh chun brú na hinimirce ar an Aontas a laghdú.
Chomh maith leis sin rinne na hairí obair ullmhúcháin don chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach, a bheidh ar siúl an 26 agus 27 Meitheamh.
An 26 Meitheamh, comórfaidh ceannairí an Aontais tús an chéad chogaidh dhomhanda le searmanas agus dinnéar i gcathair Ypres. Meastar go mbeidh an plé i rith an dinnéir ag díriú ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh, a chuid tosaíochtaí agus a sprioc sna blianta romhainn.
Agus iad ar ais sa Bhruiséil ar an 27 Meitheamh, pléifidh ceannairí an Aontais an méid a leanas:
- treoracha straitéiseacha don limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus roinnt ceisteanna gaolmhara, amhail cosaint sonraí agus saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais
- an fás, an t-iomaíochas agus an fhostaíocht, faomhadh na moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith i ndáil le Seimeastar Eorpach 2014
- ábhair a bhaineann le cúrsaí aeráide agus fuinnimh. Pléifidh na ceannairí freisin an Teachtaireacht a tháinig ón gCoimisiún le déanaí maidir le Straitéis Eorpach Slándála Fuinnimh inar leagadh amach an dul chun cinn is gá chun an spleáchas ar thríú tíortha a laghdú ó thaobh soláthar fuinnimh de
Beidh tús áite freisin i gclár oibre na Comhairle Eorpaí ag saincheisteanna seachtracha ar leith, go háirithe an caidreamh leis an Úcráin agus an Rúis agus le comhpháirtithe oirthearacha eile.
Síneoidh na ceannairí na Comhaontuithe Comhlachais le Poblacht na Moldáive, leis an tSeoirsia agus leis an Úcráin, agus déanfar comhghairdeas leis an Liotuáin as na critéir don chóineasú a chomhlíonadh agus bheith in ann an euro a ghlacadh mar airgeadra an 1 Eanáir 2015.
Féachfaidh siad freisin ar a bhfuil ag tarlú maidir le hainmniúchán chéad uachtarán eile an Choimisiúin Eorpaigh.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Straitéis mhuirí an Aontais Eorpaigh
Ghlac an Chomhairle straitéis lena dtabharfar creat polaitiúil agus straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na slándála muirí.
An clásal dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme ag an Aontas
Ghlac na hairí cinneadh maidir leis an gclásal dlúthpháirtíochta trína gcuirfear cúnamh ón Aontas ar fáil d'aon Bhallstát a bheadh thíos le géarchéim thromchúiseach, amhail ionsaí sceimhlitheoireachta, nó tubaistí, bíodh siad nádúrtha nó de dhéantús an duine. Ceapadh an mheicníocht sin lena chinntiú go mbeadh an tAontas in ann freagairt chomhordaithe pholaitiúil sciobtha a dhéanamh agus gach struchtúr ábhartha de chuid an Aontais a chur ag feidhmiú i gcás na dtubaistí sin.
Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Adriadach agus don Réigiún Iónach
Phléigh na hairí straitéis mhacrairéigiúnach lena dtiocfadh 8 dtír ón réigiún le chéile chun dlús a chur leis an gcomhar ar mhaithe leis an bhfás agus an fhostaíocht.
Clár 18 mí na Comhairle
D'fhormheas an Chomhairle an clár a d'ullmhaigh na trí cinn d'uachtaránachtaí nua (an Iodáil, an Laitvia agus Lucsamburg) ina leagtar amach gníomhaíochtaí na Comhairle don chéad 18 mí eile.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025