Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 13/12/2016, 13 Nollaig 2016

Na príomhthorthaí

An ciste Eorpach um fhorbairt inbhuanaithe

Ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an gCiste Eorpach um fhorbairt inbhuanaithe, céim eile chun cinn ó thaobh theacht i bhfeidhm an chiste.

“Is ionstraim ríthábhachtach é an chiste sin a bhfuil mar aidhm leis dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta. Leis an gciste, féachtar le deiseanna fostaíochta a chruthú, infheistíocht a spreagadh agus forbairt inbhuanaithe a éascú i dtíortha comhpháirtíochta san Afraic, agus i gcomharsanacht na hEorpa freisin. Tá sé ríthábhachtach anois go gcuirfí dlús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun an Ciste a sheoladh go pras.”

Miroslav Lajčák, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Tosaíochtaí an Aontais do 2017

D’fhormheas an Chomhairle tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2017, atá dírithe ar sé phríomhréimse:

  • poist, fás, infheistíocht
  • an Eoraip shóisialta
  • slándáil
  • athchóiriú ar an mbeartas imirce
  • an margadh aonair digiteach
  • fuinneamh agus an aeráid

“Seo é an chéad uair a bhunaigh an tAontas sraith de thosaíochtaí reachtacha coiteanna don bhliain dár gcionn. Beidh sé sin ina chuidiú dúinn dul chun cinn a dhéanamh i réimsí ina bhfuil géarghá leis.”

Miroslav Lajčák, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Comhairle Eorpach mhí na Nollag

Chuir an Chomhairle bailchríoch ar na hullmhúcháin don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 15 Nollaig 2016 trí dhréachtchonclúidí a phlé. Ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 15 Nollaig, pléifidh ceannairí an Aontais ceithre ábhar:

  • an t-imirce, áit a ndéanfaidh siad measúnú ar chur chun feidhme an ráitis ón Aontas agus ón Tuirc, na creataí comhpháirtíochta a tugadh i gcrích le tíortha san Afraic den chéad uair agus an staid mar atá san athchóiriú ar rialacha an Aontais maidir le tearmann
  • an tslándáil, le béim ar chur chun feidhme an chláir oibre maidir leis an tslándáil agus ar chomhar an Aontais maidir leis an tslándáil sheachtrach agus maidir leis an gcosaint
  • forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, an óige, áit a ndéanfaidh siad an dul chun cinn a mheas maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na dífhostaíochta i measc na n-óg
  • caidreamh seachtrach le béim ar reifreann na hÍsiltíre ar an gcomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin

Méadú

Phléigh an Chomhairle an próiseas maidir le méadú agus cobhsaíocht agus comhlachas agus, ina dhiaidh sin, thug an uachtaránacht dá haire nach raibh an comhdhearcadh ba ghá ann chun conclúidí ón gComhairle a ghlacadh maidir leis sin. Dá bhrí sin, dhréachtaigh an uachtaránacht sraith de chonclúidí agus thacaigh tromlach an-mhór de na toscaireachtaí leo le linn an phlé.

“Táimid tar éis athdhearbhú a dhéanamh ar ár dtiomantas don mhéadú mar phríomhbheartas de chuid an Aontais agus mar infheistíocht straitéiseach sa chobhsaíocht, sa daonlathas agus i rathúnas san Eoraip. Measaimid go bhfuil inchreidteacht an mhéadaithe mar phróiseas déthreo ríthábhachtach - má dhéanann tír na hathchóirithe is gá, ní mór don Aontas a ghealltanais féin a chomhlíonadh.”

Miroslav Lajčák, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025