Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 15-16/11/2016, 15-16 Samhain 2016

Na príomhthorthaí

15 Samhain

An t-athbhreithniú meántéarmach ar creat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 

Thug an Chomhairle tacaíocht fhorleathan don togra is déanaí ó Uachtaránachta na Slóvaice maidir leis an athbhreithniú meántéarmach ar an gcreat buiséadach ilbhliantúil. Tá forchoimeádas fós ag Ballstát amháin agus ní fhéadfadh sé toiliú a thabhairt go fóill. Foráiltear leis an togra ón Uachtaránacht do thacaíocht airgeadais bhreise chun cabhrú leis an Aontas Eorpach déileáil leis na dúshláin atá ann faoi láthair. Le breis solúbthachta buiséadaí, bheadh an tAontas in ann déileáil le himeachtaí gan choinne ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapúla. Chabhródh na hathraithe a mholtar chun carnadh iomarcach na mbillí neamhíoctha a sheachaint freisin.

“Lenár gcomhréiteach, tá súil againn creat buiséadach an Aontais a chur in oiriúint do na blianta atá fágtha sa tréimhse 2014-2020 trí fhoráil do níos mó airgid chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim imirce, chun an tslándáil a atreisiú, chun borradh a chur faoin bhfás agus chun poist a chruthú. Agus dhéanfaí leis brú míchuí ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát a sheachaint ag am ina bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh chun an t-airgeadas poiblí a chomhdhlúthú. Táimid anois chun Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi na gnéithe uile a dtacaíonn an Chomhairle leo. Tá gá le toiliú na Parlaiminte don rialachán athbhreithnithe, agus tá súil againn sin a fháil go luath.”

Ivan Korčok, príomhchaibidleoir Uachtaránacht na Slóvaice ar an gComhairle don chreat airgeadais ilbhliantúil

Comhairle Eorpach mhí na Nollag 

Chuir na hairí tús leis an ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí na Nollag trí dhréachtchlár oibre anótáilte a phlé. Ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 15 Nollaig, pléifidh ceannairí an Aontais ceithre ábhar:

  • an imirce, áit a leagfaidh siad amach treoirlínte don obair amach anseo maidir le creataí comhpháirtíochta, a ndéanfaidh siad cur chun feidhme an ráitis ón Aontas agus ón Tuirc a mheas agus a bpléifidh siad athchóiriú ar chóras tearmainn an Aontais
  • an tslándáil, le béim ar chur chun feidhme an chláir oibre maidir leis an tslándáil agus ar chomhar an Aontais maidir leis an tslándáil sheachtrach agus maidir leis an gcosaint
  • forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, an óige, áit a ndéanfaidh siad an dul chun cinn a mheas maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na dífhostaíochta i measc na n-óg
  • caidreamh seachtrach le béim ar an Rúis agus ar reifreann na hÍsiltíre ar an gcomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin

 Sásra an smachta reachta  

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an méid atá bainte go dtí seo as idirphlé bliantúil na Comhairle faoin smacht reachta, a bunaíodh i mí na Nollag 2014 chun an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint. Dréachtóidh an Uachtaránacht nóta ina léireofar na tuairimí a cuireadh in iúl agus na moltaí a rinneadh d’fhonn an idirphlé faoin smacht reachta a fheabhsú tuilleadh.

 

16 Samhain

Úsáid cistiú faoi bheartas comhtháthaithe AE a éascú 

Ba dhíol sásaimh do na hairí gur ghlac an Chomhairle ar an 14 Samhain rialachán lena gcuirfear ar chumas na mBallstát a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu leas a bhaint as rátaí cómhaoinithe AE atá níos airde faoin mbeartas comhtháthaithe. Leis an rialachán, cabhrófar leis an gCipir, leis an nGréig agus le tíortha eile a d’fhéadfadh cúnamh airgeadais a fháil úsáid níos fusa a bhaint as cistiú faoi bheartas comhtháthaithe an Aontais. Ní chuirtear méadú leis na méideanna iomlána do na tíortha sin.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoi staid reatha na hoibre laistigh den Chomhairle maidir le rialachán lena simplítear na rialacha a rialaíonn cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) - ar a dtugtar rialachán omnibus.

Torthaí na ngnéithe nua de bheartas comhtháthaithe AE agus an chéad mheasúnú orthu 

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na torthaí a baineadh amach i rith na mblianta 2007-2013 agus maidir leis an gcéad mheasúnú ar ghnéithe nua den bheartas comhtháthaithe agus de chistí SIE don tréimhse 2014-2020. Dhírigh siad ar phríomhchuspóirí an bheartais, na bearta a glacadh chun iad a bhaint amach agus conas a cuireadh na torthaí in iúl do shaoránaigh.

“Is fíor a rá go bhfuil an beartas comhtháthaithe anois ar thús cadhnaíochta maidir le cur chuige i leith infheistíocht AE atá bunaithe ar fheidhmíocht agus dírithe ar thorthaí, agus go bhféadfadh an beartas a bheith mar eiseamláir do bheartais eile a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais. Ní mór go gcoinneofar fás, poist agus iarrachtaí chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú mar thosaíochtaí, agus tá sé thar a bheith tábhachtach gur cheart go mbeadh úsáid chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa chomh simplí, inrochtana agus intuigthe don saoránach agus is féidir.”

Peter Pellegrini, Leas-Phríomh-Aire na Slóvaice d’Infheistíochtaí agus don tSochaí Faisnéise agus Uachtarán na Comhairle

Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin ina leagtar amach an tionchar dearfach atá ag an mbeartas comhtháthaithe ó thaobh an fás a spreagadh agus poist a chruthú. Sna conclúidí beidh an chéad mheasúnú ar roinnt gnéithe nua a cuireadh isteach i mbeartas comhtháthaithe AE don tréimhse 2014-2020. Áirítear leis sin saincheisteanna sonracha amhail na coinníollachtaí ex ante, mar a thugtar orthu, a thugann isteach roinnt coinníollacha nach mór a bheith i bhfeidhm sula n-íocfar cistí amach, chomh maith le coinníollacht mhaicreacnamaíoch, rud a áirithíonn nach laghdaítear éifeacht na gcúig chiste SIE le beartais mhaicreacnamaíocha neamhfhónta.

Beoshruthú, grianghraif agus físeáin

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025