Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 16/05/2017, 16 Bealtaine 2017

Na príomhthorthaí

Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh

Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán do chruinniú na Comhairle Eorpaí ar an 22 agus an 23 Meitheamh 2017 trí scrúdú a dhéanamh ar an dréachtchlár oibre anótáilte lena gcumhdaítear na míreanna seo a leanas:

  • An Imirce: breithneoidh an Chomhairle Eorpach an obair atá déanta maidir le 1) bealach na Meánmhara Láir, lena n-áirítear an Creat Comhpháirtíochta 2) bealach na Meánmhara Thoir, lena n-áirítear an ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc 3) athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus 4) bunchúiseanna na himirce
  • Slándáil agus cosaint: déanfaidh an Chomhairle Eorpach athbhreithniú ar an méid a baineadh amach le míonna anuas
  • Poist, Fás agus Iomaíochas: déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaobh an margadh aonair a chur i gcrích faoin mbliain 2018 agus maidir le straitéis an mhargaidh aonair dhigitigh, leis an bplean gníomhaíochta maidir le haontas na margaí caipitil agus leis an aontas fuinnimh
  • Caidreamh seachtrach: tabharfaidh an Chomhairle aghaidh ar an mír seo i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí

“Léiriú is ea clár oibre Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh ar thosaíochtaí reatha an Aontais: an imirce a choinneáil faoi smacht agus na príomhchúiseanna léi a chomhrac, an saol a dhéanamh níos sábháilte do shaoránaigh na hEorpa, borradh a chur faoin bhfás agus poist nua a chruthú. Bhí plé an lae inniu ina chéad chéim chun a áirithiú go mbeidh Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh táirgiúil agus rathúil”.

Louis Grech, Leas-Phríomh-Aire Mhálta agus Uachtarán na Comhairle.

Todhchaí an Aontais Eorpaigh

D’iarr an Coimisiún go ndéanfaí tuilleadh machnamh ar thodhchaí an Aontais ar bhonn an pháipéir bhán dá chuid de réir na bprionsabal seo a leanas:

  • leas iomlán a bhaint as conarthaí an Aontais Eorpaigh
  • bogadh ar aghaidh le chéile le 27 mBallstát
  • beart a dhéanamh de réir briathar

“Beidh Aontas Eorpach níos láidre againn tar éis dúinn clabhsúr a chur ar an bpróiseas machnaimh agus ar an gcaoi sin áiritheofar síocháin agus rathúnas san Eoraip do na glúnta atá le teacht. Beidh todhchaí an Aontais Eorpaigh ag brath ar ár gcumas freagairt go héifeachtúil do na saincheisteanna is mó atá ag cur imní ar shaoránaigh”.

Louis Grech, Leas-Phríomh-Aire Mhálta agus Uachtarán na Comhairle.

Seirbhísíairgeadais

Ghlac an Chomhairle rialacha maidir le cistí margaidh airgid agus maidir le réamheolairí chun urrúis a eisiúint agus a thairiscint.

Tá an rialachán maidir le cistí margaidh airgid ceaptha le tacú leis an ról atá ag an margadh airgid, ar fiú EUR 1 trilliún é, i maoiniú an gheilleagair. Leanann sin ar thionscnaimh ó G20 agus ón mbord um chobhsaíocht airgeadais.

Is é is cuspóir do na rialacha nua maidir le réamheolairí ceann de na príomhbhacainní rialála a laghdú do chuideachtaí tráth a mbeidh urrúis chothromais agus fiachais á n-eisiúint acu. Is cuid lárnach é de phlean an Aontais Eorpaigh maidir le haontas na margaí caipitil.

An smacht reachta

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoin staid mar atá san idirphlé leis an bPolainn maidir leis an smacht reachta. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint leis an idirphlé idir an Coimisiún agus an Pholainn.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025