- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 25/04/2017, 25 Aibreán 2017
Na príomhthorthaí
An fáth a bhfuil tábhacht ag baint leis an mbeartas comhtháthaithe
Ba dhíol sásaimh don Chomhairle iad torthaí dearfacha chláir an bheartais comhtháthaithe le haghaidh 2007-2013 do chuideachtaí agus do shaoránaigh ar fud an Aontais. Ghlac na hAirí conclúidí ina léirítear gur chuidigh na cláir sin le haon mhilliún post a chruthú trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do chorradh le 120 000 gnólacht nuathionscanta agus do thuairim is 400 000 fiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Rannchuidigh na cláir le 4 900 km de bhóithre nua a thógáil agus le 1 500 km de línte iarnróid a uasghrádú. Ina theannta sin, nasc siad sé mhilliún duine le líonraí nua nó feabhsaithe uisce óil agus seacht milliún duine le cóireáil dramhuisce nua nó uasghrádaithe.
“Is léir gur dea-scéal rathúil é beartas comhtháthaithe an Aontais. Cabhraíonn sé le poist a chruthú, leis an bhfás a spreagadh agus tá saol na milliún saoránach Eorpach níos fusa mar thoradh air. Ach níl beartas comhtháthaithe an Aontais chomh hinfheicthe agus a d’fhéadfadh a bheith. Sin an fáth ar chomhaontaigh an Chomhairle inniu an bealach ar féidir linn a léiriú ar shlí níos soiléire an chaoi a bhfuil tionchar dearfach díreach ag an mbeartas comhtháthaithe ar shaol shaoránaigh na hEorpa.”
Ian Borg, Rúnaí Parlaiminte Mhálta le haghaidh Chistí an Aontais agus Uachtarán na Comhairle
Níos mó tacaíochta ón Aontas do na Ballstáit atá buailte le tubaistí nádúrtha
Ba dhíol sásaimh do na hAirí an comhaontú ar ar tháinig an Chomhairle ar an 29 Márta 2017 go gcuirfidís leis an tacaíocht a thugann an tAontas do réigiúin atá buailte le tuilte, le creathanna talún, le triomaigh agus le tubaistí nádúrtha eile. Faoin scéim nua, beidh ardú suas go dtí 90% ar sciar an Aontais i gcostais na hatógála. Leis sin, mhéadófaí ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoi dhó i gcás réigiúin áirithe. Meastar go gcuirfear tús le hidirbheartaíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go luath i mí na Bealtaine. “Leis an méadú atá beartaithe ar an dtacaíocht a thabharfaidh an tAontas do réigiúin atá buailte le tubaistí nádúrtha, léirítear, ar bhealach nithiúil, ár ndlúthpháirtíocht leo siúd atá i ngátar. Mar thoradh ar an méadú sin, cuideofar níos mó le réigiúin chun a chur ar chumas daoine filleadh ar ghnáthdhálaí maireachtála", a dúirt Ian Borg.
Deireadh a chur le muirir fánaíochta agus banda minicíochta 700 MHz don leathanbhanda soghluaiste
Ghlac an Chomhairle dhá mhórghníomh dhlíthiúil i réimse na teileachumarsáide.
Is éard atá sa chead atá tugtha ag an gComhairle maidir le hathchóiriú fánaíochta mórdhíola an chéim dheiridh chun deireadh a chur le muirir fánaíochta soghluaiste san Aontas ar an 15 Meitheamh 2017.
Is saor in aisce a bheidh an fhánaíocht as seo amach mar thoradh ar vótáil deiridh an lae inniu sa Chomhairle. “Nuair a théann muintir na hEorpa ar saoire an samhradh seo, beidh siad in ann tairbhe a bhaint as an tsaoirse go bhfuil siad in ann fanacht i dteagmháil agus úsáid a bhaint as an idirlíon amhail is dá mba rud é go raibh siad fós sa bhaile.”
Emmanuel Mallia, an tAire Iomaíochais agus Geilleagair Dhigitigh, Mhuirí agus Seirbhísí Mhálta
Ghlac an Chomhairle cinneadh freisin maidir leis an mbanda minicíochta 700 MHz a oscailt le haghaidh seirbhísí leathanbhanda gan sreang i dtíortha uile an Aontais. Le húsáid chomhordaithe an réimse speictrim ardcháilíochta seo, cuirfear leis an nascacht shoghluaiste agus cuirfear dlús leis an teicneolaíocht 5G a rolladh amach.
Airm thine a rialú
Ghlac an Chomhairle treoir lena ndaingnítear na rialacha maidir le héadáil agus seilbh arm. Leis an treoir nua, feabhsaítear inrianaitheacht na n-arm tine, cuirtear toirmeasc ar úsáid shibhialtach na n-arm tine leathuathoibríoch is contúirtí agus feabhsaítear an chomhroinnt faisnéise idir thíortha an Aontais.
Control of firearms
The Council adopted a directive tightening the rules on the acquisition and possession of weapons. The new directive enhances the traceability of firearms, bans the civilian use of the most dangerous semi-automatic firearms and improves information sharing between EU countries.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach - Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú) an 25 Aibreán 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Aibreán 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Aibreán 2017
- Ceartúchán 1 ar an liosta de mhíreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Aibreán 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Aibreán 2017
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
- Plean Straitéiseach na Náisiún Aontaithe i ndáil le Foraoisí: Conclúidí ón gComhairle
- 25/04/2017
- Neartaíonn an tAontas Eorpach an rialú a dhéantar ar fháil agus seilbh arm tine
- 25/04/2017
- Saoránaigh a chosaint ó thruailliú mearcair
- 25/04/2017
- Plean iascaigh don Mhuir Thuaidh: Tá an Chomhairle réidh chun dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa
- 25/04/2017
- Sonraí feabhsaithe maidir le hiascach: Glacann an Chomhairle rialacha feabhsaithe de chuid an Aontais Eorpaigh
- 25/04/2017
- Tá an úim is an tslinn ag an Aontas Eorpach maidir le seirbhísí fánaíochta saor in aisce ó mhí an Mheithimh
- 25/04/2017
- Comhordaíonn AE an speictream lárnach chun borradh a chur faoin nascacht agus sinn ag druidim le 5G
- 25/04/2017
- Glacann an Chomhairle rialacha nua chun airgeadas an Aontais a chosaint ar bhealach níos fearr
- 25/04/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025