Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 07/03/2017, 7 Márta 2017

Na príomhthorthaí

Athbhreithniú meántéarma ar chreat buiséadach an Aontais Eorpaigh do 2014-2020

Chomhaontaigh an Chomhairle creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais do 2014-2020 a choigeartú lena thabhairt i gcomhréir le tosaíochtaí nua. Trí na hathruithe a comhaontaíodh, neartaítear tacaíocht an Aontais le dul i ngleic leis an ngéarchéim imirce, leis an tslándáil a threisiú, le borradh a chur faoin bhfás agus le poist a chruthú. A bhuí leis na hathruithe sin, is fearr a bheidh an tAontas in ann freagairt do riachtanais gan choinne, gan uasteorainneacha caiteachais CAI a athrú. Agus beidh na hathruithe ina gcabhair freisin chun riaráiste iomarcach billí neamhíoctha a sheachaint.

“A bhuí leis an athbhreithniú seo ar an gcreat buiséadach ilbhliantúil, arb é an chéad cheann dá leithéid riamh é, áiritheofar go mbeidh níos mó éifeachta fós ag buiséad an Aontais le dul i ngleic le dúshláin an lae agus freagairt do riachtanais gan choinne. Agus seachnaítear brú míchuí ar bhuiséid náisiúnta na mBallstát tráth a bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh chun an t-airgeadas poiblí a chomhdhlúthú. D’oibrigh Uachtaránacht Mhálta go dian dícheallach, ag tógáil ar an obair a rinne Uachtaránacht na Slóvaice, le teacht slán as dúsháinn na bliana seo caite agus táimid an-sásta go rabhthas in ann teacht ar chomhaontú inniu.”

Louis Grech, Leas-Phríomh-Aire Mhálta agus Uachtarán na Comhairle

Comhairle Eorpach an Earraigh

Chuir an Chomhairle bailchríoch ar na hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchonclúidí lena gcumhdaítear na saincheisteanna atá ceannairí an Aontais ag brath ar a phlé. Díreoidh Comhairle Eorpach an Earraigh ar phoist, ar an bhfás agus ar an iomaíochas. Déanfaidh sí a machnamh ar an gcaoi a n-áiritheofar go mairfidh an fás eacnamaíoch atá ag tarlú sna Ballstáit uile faoi láthair. Pléifidh sí an beartas trádála agus an dul chun cinn atá déanta ar chomhaid a bhaineann leis an margadh aonair.

“Tá toradh na hoibre le feiceáil anois: den chéad uair le beagnach deich mbliana anuas tá geilleagair na mBallstát uile ag fás - agus táthar ag súil go leanfaidh siad de bheith ag fás go ceann i bhfad. Ach, chun poist a chruthú, tá sé ríthábhachtach gur fás inbhuanaithe atá san fhás eacnamaíoch sin. A bhuí le cruinniú na Comhairle a bhí ann inniu, bhíomar in ann ullmhú chun plé fóinteach a dhéanamh ag an gComhairle Eorpach, mar a mbeidh todhchaí na hEorpa ina croíchuid den chlár oibre againn.”

Louis Grech, Leas-Phríomh-Aire Mhálta agus Uachtarán na Comhairle

Maidir le himirce, déanfaidh ceannairí na hEorpa athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na mbeart a comhaontaíodh i Málta go luath i mí na Feabhra chun srian a chur leis an sreabhadh imirce ar bhealach na Meánmhara Láir. Déanfaidh siad measúnú freisin ar chur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2016 maidir le slándáil sheachtrach agus cosaint agus déanfaidh siad plé ar an staid sna Balcáin Thiar. Meastar freisin go dtoghfaidh an Chomhairle Eorpach a hUachtarán don tréimhse ón 1 Meitheamh 2017 go dtí an 30 Samhain 2019.

An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta

Ghlac an Chomhairle treoir lena dtugtar cothrom le dáta agus lena leathnaítear na huirlisí dlí atá ar fáil chun freagairt don fhorbairt atá ag teacht ar bhagairt na sceimhlitheoireachta ar fud an Aontais. Leis na rialacha nua, cuideofar le hionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc trí choir a dhéanamh as gníomhartha amhail oiliúint nó taisteal chun críocha sceimhlitheoireachta, chomh maith leis an gcineál sin taistil a eagrú nó a éascú. Neartaítear cearta íospartaigh na sceimhlitheoireachta leo freisin. Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle rialachán lena n-atreisítear seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha.

Feistí leighis

Ghlac an Chomhairle rialacha nua de chuid an Aontais lena gcuirtear feabhas ar shábháilteacht feistí leighis. Leis na rialacha sin, cuirfear feabhas ar shláinte othar agus tabharfar mianach saoil níos fearr do dhaoine atá faoi mhíchumas agus, san am céanna, áiritheofar go mbeidh rochtain thráthúil ag othair ar réitigh nuálacha cúraim sláinte.

Le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro cuidítear le galair a fháthmheas, a chosc, a chóireáil nó a fhuascailt. Cumhdaítear raon leathan táirgí leo, ó ghreimlíní go cromáin nua agus áiseanna éisteachta agus ó thástálacha le haghaidh toirchis go tástálacha don víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID).

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025