- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12/12/2017, 12 Nollaig 2017
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí na Nollag
Rinne an Chomhairle scrúdú ar dhréachtchonclúidí mar ullmhúcháin do chruinniú na Comhairle Eorpaí ar an 14-15 Nollaig. Ag an gcruinniú a bheidh acu, beidh ceannairí an Aontais ag díriú ar an méid seo a leanas:
- an chosaint, mar a meastar go gcuirfidh sí sásamh in iúl i dtaca le seoladh an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) agus go ndéanfaidh sí athbhreithniú ar an dul chun cinn i réimsí eile, go háirithe an comhar idir an tAontas agus ECAT
- saincheisteanna sóisialta, oideachais agus cultúir, mar a nglacfaidh sí conclúidí lena gcuirfear leis an bplé a tharla ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Göteborg agus leis an díospóireacht faoi chultúr agus oideachas mar chuid de Chlár Oibre na gCeannairí
- caidreamh seachtrach, mar a dtabharfar aghaidh ar a bhfuil ag titim amach ó thaobh an bheartais eachtraigh de
- an imirce, mar a mbeidh díospóireacht ann i ndáil leis an mbealach chun cinn sa réimse seo mar chuid de Chlár Oibre na gCeannairí
An Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta
Ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP) lena dtacófar lecumas iomaíochta agusnuálaíochtathionscal cosanta an Aontais.
Tosaíocht lárnach is ea an tslándáil Eorpach, ar mhaithe lenár saoránaigh. Anois chun teanntú leis na cuspóirí seo, tá méadú nach féidir a shéanadh ag teacht ar an gcomhar cosanta i measc chomhaltaí an Aontais. Beidh an tionscal cosanta níos iomaíche agus níos nuálaí de thairbhe an Chláir Eorpaigh Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta. Tá an méid sin ríthábhachtach do shlándáil ár saoránach agus d’inmharthanacht ár dtionscal. Jüri Luik, Aire Cosanta na hEastóine
- Cosaint na hEorpa: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na cosanta (EDIDP)
- Comhar an Aontais Eorpaigh i gcúrsaí slándála agus cosanta
Tosaíochtaí an Aontais do 2018-2019
D’fhormheas an Chomhairle tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2018-2019, i seacht gcinn de phríomhréimsí:
- an tslándáil
- an imirce
- poist, fás agus infheistíocht
- an Eoraip shóisialta
- an margadh aonair digiteach
- fuinneamh agus an aeráid
- dlisteanacht dhaonlathach
Thart ar 18 mí atá fágtha roimh na toghcháin Eorpacha ag lucht déanta cinntí an Aontais chun torthaí a chur ar fáil ón gclár oibre dearfach do na saoránaigh. Más féidir comhaontú a bhaint amach i ndáil le tacar tosaíochtaí, beifear in ann comhoibriú ar bhealach níos dlúithe lena chéile. Tá sé mar aidhm againn torthaí nithiúla a bhaint amach, lena dtaispeánfar gur féidir leis an Aontas luach breise praiticiúil a chur ar fáil. Sven Mikser, Aire Gnóthaí Eachtracha na hEastóine
Plean gníomhaíochta maidir leis an gCibearshlándáil
Ghlac an Chomhairle plean gníomhaíochta le haghaidh chur chun feidhme na gConclúidí ón gComhairle maidir le cibearshlándáil láidir a fhorbairt don Aontas Eorpach.
Glacadh na conclúidí sin ar an 20 Samhain 2017. Sna conclúidí sin, iarrtar go ndéanfaí an chibearshlándáil Eorpach a neartú agus go gcuirfí feabhas ar an gcibear-athléimneacht ar fud an Aontais, i gcomhréir leis na treoracha ón gComhairle Eorpach i nDeireadh Fómhair 2017.
Méadú
Ar imeall chruinniú na Comhairle, thug an Uachtaránacht cuireadh chun lóin neamhfhoirmiúil leis na Ballstáit agus leis an gCoimisinéir Hahn do na tíortha is iarrthóirí chun plé ginearálta a dhéanamh maidir le staid na hoibre agus maidir lena bhfuil le teacht in 2018.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Nollaig 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Nollaig 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12 Nollaig 2017
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025