- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Deireadh Fómhair 2019
Na príomhthorthaí
Méadú
Phléigh an Chomhairle méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais don Albáin agus do Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Tar éis an phlé, d'eisigh an uachtaránacht conclúidí nós imeachta ina dtugtar ar aird go bhfillfidh an Chomhairle ar an tsaincheist tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach.
Enlargement
The Council discussed enlargement and the stabilisation and association process as regards Albania and the Republic of North Macedonia. Following the discussion, the presidency issued procedural conclusions noting that the Council would revert to the issue after the European Council.
Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair
Lean na hairí leis an ullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach ar an 17-18 Deireadh Fómhair 2018 trí dhréachtchonclúidí a scrúdú.
Ag an gcruinniú sin, táthar ag súil go mbeidh plé substainteach ag na ceannairí ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile ar bhonn na hoibre atá déanta ag an uachtaránacht. Beidh malartú tuairimí acu le hUachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, maidir le tosaíochtaí an Aontais don chéad chúig bliana eile. Thairis sin, pléifidh na hairí gnéithe idirnáisiúnta den athrú aeráide agus an Tuirc. I bhfianaise a bhfuil tarlaithe, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar shaincheisteanna sonracha beartais eachtraigh.
Trédhearcacht
Faoi 'aon ghnó eile', chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na príomhphointí ón seimineár maidir le trédhearcacht an Aontais amach anseo, a reáchtáladh ar an 24 Meán Fómhair sa Bhruiséil.
Tá an Fhionlainn tiomanta don trédhearcacht i gcinnteoireacht an Aontais a chur chun cinn i gcaitheamh a huachtaránachta. Trí oscailteacht bhreise is féidir leis an Aontas a bheith níos gaire dá saoránaigh. Leis sin, neartófar ár bpróisis dhaonlathacha agus cuideofar le bréagaisnéis a chomhrac. Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025