Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 16/09/2019, 16 Meán Fómhair 2019

Na príomhthorthaí

An smacht reachta san Aontas a neartú

Thionóil an Chomhairle díospóireacht bheartais faoi fheabhas a chur ar an urraim a thugtar don smacht reachta san Aontas.

Ar bhonn páipéar cúlra ón Uachtaránacht, phléigh na hairí mar a d'fhéadfadh an Chomhairle rannchuidiú le neartú an smachta reachta san Aontas mar aidhm fhoriomlán, mar aon leis na bearta sonracha a d’fhéadfaí a úsáid chuige sin.

Is i bhfianaise an athbhreithnithe atá le déanamh ar idirphlé bliantúil na Comhairle ar an smacht reachta a tharla an díospóireacht; ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí na Samhna atá an t-athbhreithniú sin le déanamh. Bhí an díospóireacht sin bunaithe ar shásra piar-athbhreithniúcháin, agus ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Iúil inar mhol an Coimisiún, i measc nithe eile, go mbunófaí Timthriall Athbhreithniúcháin ar an Smacht Reachta do Bhallstáit uile an Aontais.

Le linn na díospóireachta, dúirt roinnt de na hairí go raibh siad i bhfách le forbairt a dhéanamh ar shásra coisctheach chun faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta i mBallstáit uile an Aontais. Leag cúpla duine de na rannpháirtithe béim air go gcaithfeadh an sásra a bheith cuimsitheach oibiachtúil chun go n-áiritheofaí gur ar an gcaoi chéanna a chaithfí le gach Ballstát. Anuas air sin, dúirt siad gur den tábhacht go dtabharfaí urraim don chomhroinnt a dhéantar ar inniúlachtaí sna conarthaí, agus nach ndéanfaí dúbailt ar pé sásra a roghnófaí.

Seolfaidh an Uachtaránacht ceistneoir chuig gach ceann de na Ballstáit. Bainfear leas as an gceistneoir sin agus measúnú á dhéanamh ar idirphlé bliantúil na Comhairle ar an smacht reachta ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí na Samhna.

Deis a bhí sa chruinniú a bhí ag an gComhairle inniu do mo chomhghleacaithe ó cheann ceann an Aontais a gcuid tuairimí maidir leis an smacht reachta a chur chun cinn agus a urramú a roinnt le chéile. Is den tábhacht gur de mheon cuiditheach a fhéachaimid ar gach gné den díospóireacht. Is mithid an deis dúinn athbhreithniú bliantúil na Comhairle ar an smacht reachta chun féachaint go praiticiúil ar a bhféadfadh na Ballstáit a dhéanamh i dteannta a chéile chun rannchuidiú leis na hiarrachtaí sin. Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne

Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Mar thús leis an obair ullmhúcháin do Chomhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair 2019, scrúdaigh na hairí dréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an gcruinniú sin i mí Dheireadh Fómhair, táthar ag súil go mbeidh plé téagartha ag na hairí ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (CAI) ar bhonn na hoibre a bheidh déanta ag an Uachtaránacht. Pléifidh siad chomh maith an obair leantach a bhaineann leis an gClár Oibre Straitéiseach don Aontas 2019-2024.

Ag brath ar amchlár Pharlaimint na hEorpa, beidh an Chomhairle Eorpach in ann na cinntí a ghlacadh maidir le ceapadh Uachtarán nua an BCE agus maidir leis an gCoimisiún Eorpach nua.

I bhfianaise a mbeidh tarlaithe, féadfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha de chuid an bheartais eachtraigh.

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Rinne an Chomhairle a marana ar staid na himeartha maidir leis an obair ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027..

Chuir an Uachtaránacht ceistneoir amach chuig na toscaireachtaí uile i gcaitheamh an tsamhraidh agus chuir sí cruinnithe déthaobhacha ar bun i dtús mhí Mheán Fómhair chun tosaíochtaí na mBallstát agus príomhábhair imní na mBallstát a shainaithint. Ar an mbonn sin, dréachtóidh sé páipéar mar ionchur ón Uachtaránacht san ullmhúchán don mhalartú tuairimí a tharlóidh ag Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair.

Bunaithe ar an treoir a gheofar ó na ceannairí, tá sé beartaithe ag an Uachtaránacht Bosca Caibidlíochta athbhreithnithe a thíolacadh, le figiúirí, faoi dheireadh na bliana de théisclim do na chéad chéimeanna caibidlíochta eile.

I gcomhthreo leis sin, leanfar den obair ar na tograí earnálacha éagsúla chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le sainorduithe ón gComhairle nó chun ‘comhthuiscintí coiteanna’ breise a thabhairt i gcrích le Parlaimint na hEorpa.

Luachanna an Aontais Eorpaigh a urramú san Ungáir

Bhí éisteacht ag an gComhairle, faoi nós imeachta Airteagal 7, maidir leis an Ungáir.

Cumhdaíodh na saincheisteanna ar fad a tarraingíodh anuas sa togra réasúnaithe ó Pharlaimint na hEorpa ag an éisteacht sin. Thug sin an deis do na hairí a dtuairimí maidir leis na príomhúdair imní a shainaithin an Pharlaimint a roinnt leis an Ungáir ar bhealach níos cuimsithí.

Chuir an Uachtaránacht clabhsúr ar an éisteacht trí chonclúidí nós imeachta a chur i láthair. Ag teacht leis na módúlachtaí caighdeánacha le haghaidh éisteachtaí, ní bhactar le haon mheasúnú ar shubstaint na saincheisteanna ag an gcéim seo.

Míreanna eile

Faoi 'aon ghnó eile', chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na príomhphointí a d'eascair as an gComhdháil maidir leis an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a thionóil Uachtaránacht na Fionlainne i Heilsincí ar an 10-11 Meán Fómhair 2019.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le staid na himeartha i ndáil leis an smacht reachta sa Pholainn i bhfianaise an chruinnithe a bhí ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí Iúil.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025