"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 22 Meitheamh 2021
Na príomhthorthaí
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta: Buaicphointí
Méadú agus an Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais
Chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil maidir leis an dul chun cinn a baineadh amach an seimeastar seo, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis na comhaid ar fad a bhaineann leis an méadú agus maidir leis an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais.
Phléigh an Chomhairle, go háirithe, an comhaontú polaitiúil a rinneadh le déanaí le Parlaimint na hEorpa maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III). Beidh buiséad iomlán de níos mó ná EUR 14 bhilliún ag IPA III don tréimhse 2021-2027. Is gá fós formheas deiridh a fháil ón gComhairle don chomhaontú polaitiúil.
An 6 Bealtaine, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú a chur i bhfeidhm i ndáil leis an gcaibidlíocht aontachais leis an tSeirbia agus le Montainéagró. Réitigh sé sin an bealach do na chéad Chomhdhálacha Idir-rialtasacha ʻpolaitiúla’ a thionólfar ar imeall chruinniú na Comhairle.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle le Poblacht na Macadóine Thuaidh agus le Poblacht na hAlbáine maidir leis an gcaibidlíocht aontachais.
D’oibrigh an Uachtaránacht go dian chun na chéad Chomhdhálacha Idir-rialtasacha a thionól le Montainéagró agus leis an tSeirbia faoin modheolaíocht nua um méadú. Tá súil agam go n-éireoidh le hUachtaránacht nua na Slóivéine, ag cur lenár n-iarrachtaí féin, tús foirmiúil a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na hAlbáine agus le Poblacht na Macadóine Thuaidh.
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir leis an toradh a bhí ar an imeacht do shaoránaigh na hEorpa i Liospóin an 17 Meitheamh agus maidir leis an gcéad seisiún iomlánach a bhí ag an gComhdháil an 19 Meitheamh.
Is é is aidhm don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa saoránaigh a bheith páirteach i ndíospóireacht leathan faoina bhfuil i ndán don Eoraip sna 10 mbliana amach romhainn agus dá éis, lena n-áirítear todhchaí na hEorpa i bhfianaise phaindéim COVID-19.
An 10 Márta, shínigh an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún dearbhú comhpháirteach ina leagtar amach cuspóirí, struchtúr, raon feidhme agus amscála na Comhdhála.
Tionscnaíodh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa go foirmiúil an 9 Bealtaine in Strasbourg, tar éis ardán digiteach na Comhdhála a sheoladh an 19 Aibreán. Tá roinnt smaointe agus imeachtaí postáilte ar an ardán cheana féin.
Ba ócáidí iad freisin an chéad Chomhphlé Eorpach leis na Saoránaigh i Liospóin an 17 Meitheamh agus an chéad chruinniú iomlánach in Strasbourg an 19 Meitheamh chun ár dtiomantas don Chomhdháil a athdhearbhú agus chun an seasamh atá againn, inár gcáil mar Chomhairle, a chur i bhfios go láidir, agus a chur i dtreis gur cheart don Chomhdháil díriú ar na saoránaigh agus a n-ábhair imní agus ar na saincheisteanna is mó tábhacht dóibh.
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
D’oibrigh na hairí ar na hullmhúcháin don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 24-25 Meitheamh sa Bhruiséil.
Tiocfaidh ceannairí an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun plé a dhéanamh ar COVID-19, an téarnamh eacnamaíoch, an imirce agus an caidreamh seachtrach, lena n-áirítear an caidreamh leis an Tuirc agus leis an Rúis.
Déanfaidh an Chomhairle Eorpach an staid eipidéimeolaíoch agus staid na vacsaíní a mheas agus leanfaidh sí d’iarrachtaí comhordúcháin mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. I gcomhréir leis an ráiteas a rinne comhaltaí na Comhairle Eorpaí i mí Feabhra 2021, meastar go dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim go dtí seo.
Athbhreithneoidh an Chomhairle Eorpach staid na himeartha maidir le cur chun feidhme Next Generation EU.
Meastar go bpléifidh sí an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.
Tabharfaidh an Chomhairle aghaidh ar an ngné sheachtrach a bhaineann leis an imirce.
Ag teacht lena raibh sa ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí, an 25 Márta 2021, leanfaidh na ceannairí den phlé maidir leis an gcaidreamh leis an Tuirc.
I gcomhréir leis na conclúidí uaithi an 24-25 Bealtaine 2021, leanfaidh an Chomhairle Eorpach den phlé ar an gcaidreamh leis an Rúis, ar bhonn teachtaireacht chomhpháirteach, a foilsíodh an 16 Meitheamh 2021, ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún.
Thionóil an Chomhairle éisteacht maidir leis an smacht reachta sa Pholainn (Airteagal 7(1) nós imeachta CAE). Ba é raon feidhme substainteach na héisteachta an togra réasúnaithe ón gCoimisiún Eorpach a chuir tús leis an nós imeachta.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thionóil an Chomhairle éisteacht maidir leis an smacht reachta san Ungáir (Airteagal 7(1) nós imeachta CAE). Ba é raon feidhme substainteach na héisteachta an togra réasúnaithe ó Pharlaimint na hEorpa a chuir tús leis an nós imeachta.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Faoi aon ghnó eile, cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin gcaidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis, faoin uathriail straitéiseach agus faoin gcomóradh 10 mbliana de Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.