- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 21 Meán Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
Rinne na hairí measúnú ar an gcaidreamh mar atá idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, i bhfianaise na n-imeachtaí a tharla le déanaí i ndáil le cur chun feidhme an phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.
Thug Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič, na hairí cothrom le dáta i dtaobh na bhforbairtí is déanaí, lena n-áirítear an chuairt a thug sé ar Éirinn agus ar Thuaisceart Éireann le déanaí, agus d’athdhearbhaigh na hairí a dtacaíocht do chur chuige an Choimisiúin Eorpaigh.
Tharraing siad aird ar an ngá atá le réitigh fhadtéarmacha, sholúbtha agus phraiticiúla a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhíonn ag saoránaigh agus ag gnólachtaí maidir le cur chun feidhme praiticiúil an phrótacail, agus na prionsabail atá mar bhonn taca leis an bprótacal á n-urramú ag an am céanna. D’athdhearbhaigh siad nach n-aontóidh an tAontas le hathchaibidlíocht ar an bprótacal, arb é an réiteach comhaontaithe idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar na fadhbanna atá mar thoradh ar Brexit d’oileán na hÉireann.
Leanfaidh an tAontas de bheith i dteagmháil leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar réitigh faoi chuimsiú an phrótacail. Déanfaimid ár seacht ndícheall chun intuarthacht agus cobhsaíocht a thabhairt ar ais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí Thuaisceart Éireann agus chun a áirithiú go mbainfidh siad an leas is fearr as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an bprótacal, lena n-áirítear rochtain ar an margadh aonair. Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
- Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe i dtaca le feidhmiú an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (An Coimisiún Eorpach, an 6 Meán Fómhair 2021)
- Ráiteas ón Leas-Uachtarán Maroš Šefčovič tar éis fógra ó rialtas na Ríochta Aontaithe i ndáil leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (an Coimisiún Eorpach, an 21 Iúil 2021)
- Cur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le táirgí feola i dTuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse: dearbhú aontaobhach ón Aontas (an 30 Meitheamh 2021)
Comhordú an Aontais maidir le COVID-19
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi chomhordú an Aontais maidir le COVID-19 tar éis shos an tsamhraidh. Phléigh siad saincheisteanna a bhaineann le vacsaíniú agus bearta taistil.
Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh na Ballstáit de fhreagairt thrédhearcach chomhordaithe a thabhairt ar an bpaindéim agus de ráta cuimsithe vacsaínithe an phobail a ardú chun an gnáthshaol a atosú. Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
Ar na hábhair a pléadh inniu, luadh vacsaíní treisithe nó dáileoga breise chomh maith leis an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar an leisce chun vacsaínithe agus bréagaisnéis faoi vacsaíní agus ar an tábhacht a bhaineann le vacsaíní a chomhroinnt le tríú tíortha.
Maidir le bearta taistil a chomhordú, tá obair ar bun anois chun a mheas an gá athbhreithniú a dhéanamh chun an staid reatha a chur san áireamh (inter alia, rátaí arda vacsaínithe, an staid eipidéimeolaíoch atá ag síorathrú agus mar atá ag éirí le deimhnithe COVID).
Cruinniú na Comhairle Eorpaí an 21-22 Deireadh Fómhair
Bhí an chéad phlé ag na hairí maidir leis an dréachtchlár oibre anótáilte do Chomhairle Eorpach an 21-22 Deireadh Fómhair: comhordú na freagartha ar phaindéim COVID-19, an dul chun cinn maidir le saincheisteanna digiteacha a athbhreithniú, na hullmhúcháin do COP26 i nGlaschú (aeráid) agus COP15 in Kunming (bithéagsúlacht) agus maidir le cruinnithe mullaigh atá ar na bioráin le tríú tíortha, amhail Cruinniú an Áise-an Eoraip (ASEM) agus Comhpháirtíocht an Oirthir i measc ábhair eile.
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Thug an Uachtaránacht an t-eolas is deireanaí maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tar éis sheoladh painéal saoránach Eorpach an 17 Meán Fómhair agus sa tréimhse roimh an seisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair. Bhí an deis ag toscaireachtaí tuairimí a mhalartú faoi na saincheisteanna sin.
- An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa: an fócas ar na saoránaigh
- An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (eolas cúlra agus amlíne)
Tosaíochtaí Uachtaránacht na Slóivéine
Le linn seisiún poiblí, chuir Uachtaránacht na Slóivéine i láthair a cuid tosaíochtaí foriomlána chomh maith leis na tosaíochtaí sin a thagann faoi shainchúram na Comhairle Gnóthaí Ginearálta.
Clársceidealú reachtach
Le linn díospóireachta poiblí, chuir an Coimisiún Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2021 i láthair mar aon lena litir intinne.
- Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (Coimisiún Eorpach)
- Litir intinne maidir le Clár Oibre 2022 an Choimisiúin a ullmhú
Gnó eile
Thug an Coimisiún na hairí cothrom le dáta i dtaobh an chaidrimh idir an tAontas agus an Eilvéis. Bhí pointe faisnéise ann freisin maidir leis an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus MED a tionóladh Dé hAoine seo caite san Aithin.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025