Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Eanáir 2022

Na príomhthorthaí

Tosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince

Chuir Uachtaránacht na Fraince a tosaíochtaí dá téarma sé mhí i láthair le linn seisiún poiblí, tosaíochtaí arb é ceannasacht na hEorpa an snáithe coiteann eatarthu.

Pacáiste reachtach maidir leis ‘an daonlathas agus an tsláine le linn toghchán a neartú’

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i seisiún poiblí faoin bpacáiste reachtach maidir leis ‘an daonlathas agus an tsláine le linn toghchán a neartú’, a thíolaic an Coimisiún an 25 Samhain 2021.

Is é atá sa phacáiste tograí reachtacha maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla, maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha, agus maidir le cearta na saoránach sin a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad i dtoghcháin Eorpacha agus bhardasacha.

Is é is aidhm don phacáiste reachtach sin saorthoghcháin chóra agus díospóireacht phoiblí oscailte a ráthú agus an saol digiteach a dhéanamh níos freagraí, chomh maith le cosaint níos fearr a thabhairt dár ndaonlathas agus dár bpróisis toghcháin i bhfianaise iarrachtaí cur isteach agus ionramháil a dhéanamh ar fhaisnéis.

Is é an sprioc atá ann an pacáiste reachtach sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme in am do thoghcháin Eorpacha 2024.

Le linn an phlé, díríodh ar thrédhearcacht a fheabhsú agus cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a rialáil, ar ról, infheictheacht agus gníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla Eorpacha i dtéarmaí díospóireachtaí poiblí sna Ballstáit, agus ar cheart vótála na saoránach sin a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad, chomh maith leis an bhfógraíocht pholaitiúil, go háirithe sa réimse digiteach.

Clément Beaune, an tAire Stáit atá freagrach as Gnóthaí Eorpacha
Beidh sé de chuspóir ag an uachtaránacht a shainaithint, ar thaobh amháin, conas rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas daonlathach na hEorpa a mhéadú agus, ar an taobh eile, conas ár sraith straitéisí reachtacha a chur in oiriúint i bhfianaise bagairtí nua ar phróisis toghcháin, go háirithe ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis.
Clément Beaune, an tAire Stáit atá freagrach as Gnóthaí Eorpacha
Clément Beaune, an tAire Stáit atá freagrach as Gnóthaí Eorpacha

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Chuir an uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoi staid reatha na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, na forbairtí is déanaí agus an t-ionchas san áireamh.

Go háirithe, bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú maidir leis na chéad sraitheanna moltaí de chuid na bpainéal saoránach Eorpach, a leanfaidh den teacht le chéile i ndiaidh an tseisiúin iomlánaigh an 21-22 Eanáir, agus maidir le comhairliúcháin náisiúnta a reáchtáil.

Meastar, faoi réir fhorbairt na staide eipidéimeolaíche, go gcuirfidh na painéil a gcuid oibre i gcrích faoi mhí Feabhra 2022 agus go mbeidh seisiúin iomlánacha ann i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin. Tá sé beartaithe ag Uachtaránacht na Fraince go gcuirfidh an triúr uachtarán comhpháirteach críoch polaitiúil leis an scéim an 9 Bealtaine.

COVID-19: comhordú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis staid sláinte agus na bearta a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta, agus rinne siad an comhordú ar leibhéal an Aontais a mheas.

Is údair imní i gcónaí iad scaipeadh leanúnach an athraithigh Delta agus leathadh tapa an athraithigh Omicron. Sa chomhthéacs sin, ba cheart leanúint de na feachtais vacsaínithe mar ábhar práinne, riar na dteanndáileog san áireamh. Is den tábhacht é freisin an drogall vacsaíní agus an bhréagaisnéis a ghleic.

Ghlac an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta moladh athbhreithnithe maidir le taisteal laistigh den Aontas Eorpach. Cuirtear san áireamh sa mholadh athbhreithnithe sin an dul chun cinn atá déanta maidir le vacsaíniú agus leathadh an athraithigh Omicron agus is léiriú é ar athrú cur chuige, ó cheann a bhí bunaithe ar dtús ar an staid eipidéimeolaíoch i ngach réigiún go cur chuige aonair bunaithe ar stádas gach taistealaí.

Leanfar den phlé maidir leis an athbhreithniú ar an moladh maidir le taisteal chuig an Aontas Eorpach ó thríú tíortha.

Ina theannta sin, rinne an Chomhairle tagairt don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta, ós rud é nach gcloífear an phaindéim ach trí chomhar domhanda bunaithe ar mhuinín agus ar chúnamh frithpháirteach. Is é an tAontas Eorpach an t-onnmhaireoir agus an deontóir vacsaíní is mó ar domhan. D’athdhearbhaigh an Chomhairle gur mian leis an Aontas Eorpach dlús a chur lena thacaíocht do na tíortha sin is mó gátar, san Afraic go háirithe, trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do COVAX agus, lena chois sin, go déthaobhach, i gcomhar le comhpháirtithe.

Deilbhíní ina dtaispeántar an domhan, cás agus bratach an Aontais.
Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Nollaig 2022) (Grafaic faisnéise)

Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Nollaig 2022) (Grafaic faisnéise)

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Phléigh na hairí gnóthaí Eorpacha an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Rinne siad tagairt do na cainteanna leanúnacha atá ar siúl leis an Ríocht Aontaithe d’fhonn réitigh phraiticiúla a shainaithint laistigh den phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sonracha cur chun feidhme atá ag daoine i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin, thug siad aghaidh ar na héagsúlachtaí leanúnacha i gcur chun feidhme an chomhaontaithe um tharraingt siar maidir le cearta na saoránach agus na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme an chomhaontaithe trádála agus comhair, go háirithe maidir leis an iascach agus an iomaíocht chóir. Ar deireadh, rinne na hairí a marana ar an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar.

Chuir Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, na hairí ar an eolas faoinar tharla le déanaí maidir leis na saincheisteanna sin, agus tar éis a chruinnithe le Liz Truss an 24 Eanáir.

D’athdhearbhaigh na hairí an aontacht idir na Ballstáit agus a dtacaíocht shoiléir do chur chuige an Choimisiúin Eorpaigh.

Féachfaidh an uachtaránacht le haontacht na mBallstát a chaomhnú maidir leis na prionsabail a threoraigh an caidreamh leis an Ríocht Aontaithe go dtí seo, agus le cinntiú go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe a gealltanais a chomhlíonadh go hiomlán. Sa chomhthéacs sin, thug sí dá haire go dtacaíonn na Ballstáit le réitigh phragmatacha a lorg chun trádáil in earraí le Tuaisceart Éireann a éascú, agus na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an Aontas a bheith á gcomhlíonadh, agus gur gá leanúint de chur chun feidhme cuí fhorálacha an chomhaontaithe trádála agus comhair a chinntiú. Clément Beaune, an tAire Stáit atá freagrach as Gnóthaí Eorpacha

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025