Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 14 Nollaig 2021

Na príomhthorthaí

Conclúidí ón gComhairle maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais

D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais.

Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
Is cúis áthais dom gur chomhaontaigh na hairí agus na rúnaithe stáit d’aon ghuth na conclúidí ón gComhairle maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais. Mar Uachtaránacht na Comhairle, bhí an tSlóivéin ag obair chun spreagadh nua a thabhairt do mhéadú an Aontais agus thacaigh sí le tíortha na mBalcán Thiar ina n-iarrachtaí teacht níos gaire don Aontas. Leanfaimid de bheith ag cur leis an rannpháirtíocht chomhroinnte atá againn agus déanfaimid ár seacht ndícheall chun go leanfar leis an bpróiseas méadaithe ar bhealach inchreidte. Is ionann na dúshláin atá os comhair na mBalcán Thiar agus na dúshláin atá os comhair an Aontais, agus tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid aghaidh orthu i dteannta a chéile, toisc go bhfuilimid go léir freagrach as ár dtodhchaí chomhchoiteann.
Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine

Rinneadh an plé i bhfianaise na teachtaireachta bliantúla ón gCoimisiún maidir le Beartas an Aontais um Méadú agus na tuarascálacha maidir le Montainéagró, an tSeirbia, an Tuirc, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv*.

Rinne an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn atá déanta agus rinne sí measúnú ar an staid i ngach ceann de na tíortha is iarrthóirí agus de na tíortha is iarrthóirí ionchasacha iad, leag sí amach treoirlínte maidir le tosaíochtaí, agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas na Comhairle do bheartas an Aontais um méadú.

Ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, tionóladh Comhdhálacha Idir-rialtasacha le Montainéagró agus leis an tSeirbia an 13 agus an 14 Nollaig.

An Chomhairle Eorpach an 16 Nollaig 2021

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta maidir leis na dréachtchonclúidí mar ullmhúchán do chruinniú na gceannairí an 16 Nollaig sa Bhruiséil. Pléifidh an Chomhairle Eorpach a bhfuil ag titim amach maidir le COVID-19, bainistiú géarchéime agus athléimneacht, praghsanna fuinnimh, slándáil agus cosaint, imirce agus an staid sa Bhealarúis agus san Úcráin.

Maidir le COVID-19, meastar go bpléifidh siad staid eipidéimeolaíoch reatha na paindéime agus teacht chun cinn athraithigh nua COVID-19, lena n-áirítear staid na vacsaíní agus iarrachtaí comhordúcháin.

Pléifidh ceannairí an Aontais freisin gné sheachtrach na himirce.

Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach treoir maidir leis an dréacht-Chompás Straitéiseach, lena bhféachtar fís choiteann straitéiseach a thabhairt i ndáil le slándáil agus cosaint an Aontais agus a cuireadh i láthair an 9 Samhain 2021.

Beidh na saincheisteanna seo a leanas ar an gclár oibre freisin: bainistíocht ghéarchéime agus athléimneacht, tar éis don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta conclúidí a ghlacadh an 23 Samhain 2021; na forbairtí i bpraghsanna fuinnimh i bhfianaise na réamhthuarascálacha a d’ullmhaigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).

Táthar ag súil go bpléifidh na ceannairí an staid ag teorainn an Aontais leis an mBealarúis agus teorainn na Rúise leis an Úcráin, chomh maith le marana a dhéanamh ar na hullmhúcháin don Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tAontas Afracach a bheidh ar siúl an 17-18 Feabhra 2022.

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus aird á tarraingt aici ar na dúshláin a bhaineann leis an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair.

Bhí an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ar cheann dár bpríomhthosaíochtaí agus tharla cuid mhór di le linn Uachtaránacht na Slóivéine ar an gComhairle. Bhí staid dheacair eipidéimeolaíoch os ár gcomhair, ach rinneamar ár ndícheall chun saoránaigh a chur i gcroílár an phróisis agus chun a chinntiú go gcloisfear a nguthanna. Is cúis áthais dúinn é gur bhaineamar pointe amach ina ndírítear go hiomlán anois ar shubstaint, leis na saoránaigh ag cur a gcéad mholtaí i gcrích, agus go raibh ár gcomhpháirtithe ó na Balcáin Thiar san áireamh againn sa seisiún iomlánach. Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine

Táthar ag súil go mbeidh an chéad seisiún iomlánach den Chomhdháil ar siúl i mí Eanáir.

An smacht reachta sa Pholainn

Rinne na hairí athbhreithniú ar staid na himeartha leis an smacht reachta sa Pholainn, mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE.

Tharla forbairtí suntasacha ón éisteacht is déanaí a tugadh donn Pholainn ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí an Mheithimh seo caite. Thug an Coimisiún na hairí cothrom le dáta agus chuir an Pholainn a barúlacha i láthair.

D’fhógair Uachtaránacht inteachta na Fraince go bhfuil sé ar intinn acu éisteacht fhoirmiúil a thionól le linn a sainordaithe sa chéad leath den bhliain seo chugainn.

Cuireadh tús le nós imeachta Airteagal 7(1) CAE don Pholainn an 20 Nollaig 2017 nuair a d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra réasúnaithe maidir leis an smacht reachta sa Pholainn.

Luachanna an Aontais Eorpaigh a urramú san Ungáir

Bhreathnaigh an Chomhairle freisin ar an staid maidir le hurraim a thabhairt do luachanna an Aontais san Ungáir, mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE.

Tharla forbairtí suntasacha i gcás na hUngáire ón éisteacht is déanaí a tugadh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí an Mheithimh seo caite. Thug an Coimisiún na hairí cothrom le dáta agus chuir an Ungáir a barúlacha i láthair.

D’fhógair Uachtaránacht inteachta na Fraince go bhfuil sé ar intinn acu éisteacht fhoirmiúil a thionól le linn a sainordaithe sa chéad leath den bhliain seo chugainn.

Cuireadh tú leis an nós imeachta maidir leis an Ungáir an 12 Meán Fómhair 2018 nuair a ghlac suí iomlánach de Pharlaimint na hEorpa rún le togra réasúnaithe ag iarraidh ar an gComhairle a chinneadh an raibh riosca soiléir ann go ndéanfadh an Ungáir sárú tromchúiseach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE.

Tuarascáil maidir le frithsheimíteachas

Chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an tuarascáil, Antisemitism: overview of anti-Semitic incidents recorded in the European Union 2010-2020 [An Frithsheimíteachas: forbhreathnú ar theagmhais fhrithsheimíteacha arna dtaifead san Aontas Eorpach 2010-2020], a eisíodh an 9 Samhain, i láthair.

Seimeastar Eorpach 2022

Thíolaic Uachtaránacht na Slóivéine agus Uachtaránacht inteachta na Fraince Treochlár Sheimeastar Eorpach 2022 tar éis don Choimisiún pacáiste an fhómhair a fhoilsiú an 24 Samhain.

Is é an Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe (ASGS) doiciméad lárnach an phacáiste seo, a foilsíodh arís i mbliana in éineacht leis an bpacáiste atá fágtha: an Togra le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, an Moladh maidir leis an limistéar euro, an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh, agus an tuairim maidir le dréachtphleananna buiséadacha do Bhallstáit an limistéir euro.

Is é is cuspóir don Treochlár a chinntiú go n-oibreoidh gach foirmíocht ábhartha de chuid na Comhairle agus a gcomhlachtaí ullmhúcháin ar bhealach comhordaithe agus comhsheasmhach chun an Chomhairle Eorpach a ullmhú.

Tosaíochtaí reachtacha do 2022

Rinne na hairí an Dearbhú Comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2022 a fhormheas le linn seisiún poiblí.

Tar éis don Chomhairle an Dearbhú Comhpháirteach a fhormheas, síneoidh uachtaráin na dtrí institiúid é ar imeall Chomhairle Eorpach mhí na Nollag.

Clár oibre na Comhairle

D’fhormheas na hAirí clár 18 mí na Comhairle (an 1 Eanáir 2022 ‑ an 30 Meitheamh 2023).

Beidh uachtaránacht rothlach na Comhairle ag an bhFrainc ó mhí Eanáir go dtí mí an Mheithimh 2022, ag an tSeicia ó mhí Iúil go dtí mí na Nollag 2022 agus an tSualainn ó mhí Eanáir go dtí mí an Mheithimh 2023.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liosta na míreanna A neamhreachtacha.


Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025