Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 30 Bealtaine 2023

Na príomhthorthaí

Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh

Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin donchruinniú den Chomhairle Eorpach an 29 agus an 30 Meitheamh 2023 le plé ar dhréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mi an Mheithimh, beidh ceannairí an Aontais ag díriú ar an méid seo a leanas:

  • cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
  • saincheisteanna eacnamaíochta
  • comhar i réimse na slándála agus na cosanta
  • An tSín agus an chéad chruinniú mullaigh eile idir an tAontas agus CELAC

Gheobhaidh na ceannairí eolas freisin faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle Eorpach le déanaí maidir leis an imirce agus maidir leis an bpróiseas i dtreo Chlár Oibre Straitéiseach 2024-2029.

Imeachtaí Airteagal 7

Mar chuid d’Airteagal 7(1) de nós imeachta CAE, tionóil an Chomhairle dhá éisteacht maidir leis an smacht reachta sa Pholainn agus le hurraim do luachanna an Aontais san Ungáir.

Ba é sin an séú héisteacht don dá Bhallstát, lenar cumhdaíodh na saincheisteanna ar fad a tarraingíodh anuas sna tograí réasúnaithe faoi seach, a ghníomhachtaigh an nós imeachta.

Ba é an aidhm a bhí leis na héisteachtaí an Chomhairle a thabhairt cothrom le dáta maidir leisna forbairtí ar an láthair.

Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne
Tá nósanna imeachta Airteagal 7 maidir leis an bPolainn agus leis an Ungáir ag leanúint ar aghaidh. Is uirlis úsáideach iad éisteachtaí sa phróiseas seo. Cuireann siad ar chumas na mBallstát léargas mionsonraithe a fháil ar na hathchóirithe a rinne na rialtais faoi seach, ar an bpróiseas cur chun feidhme agus ar na saincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu fós.
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne

D’fhormheas an Chomhairle freisin na míreanna ar liostaí na míreanna ʻA’ reachtacha agus neamhreachtacha gan phlé.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ghlac an Chomhairle trí rialachán arb é is aidhm dóibh Creat Windsor a chur chun feidhme, a comhaontaíodh go polaitiúil idir an Coimisiún agus rialtas na Ríochta Aontaithe an 27 Feabhra 2023 chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cinntitheach, ar na dúshláin a bhaineann le Tuaisceart Éireann tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas.

Leis na rialacha nua, beidh sé i bhfad níos éasca réimse earraí a aistriú ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann má tá siad ceaptha lena dtomhailt deiridh ansin. Ag an am céanna, cuirfear cosaintí i bhfeidhm chun cosc a chur ar na hearraí sin teacht isteach i margadh aonair an Aontais agus chun a chinntiú go gcosnófar sláinte an phobail, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí, chomh maith le leasanna tomhaltóirí san Aontas.

Tá an tAontas ag comhlíonadh a ghealltanais maidir leis na réitigh chomhpháirteacha a comhaontaíodh a chur chun feidhme go pras, réitigh a fhreagraíonn ar riachtanais laethúla na ndaoine agus na ngnólachtaí i dTuaisceart Éireann, ar réitigh iad a raibh tuiscint ag an Aontas orthu i gcónaí. Tá sé tábhachtach leanúint den obair chun iad a chur i bhfeidhm go hiomlán, agus chun a chinntiú go gcosnófar margadh aonair an Aontais. Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne

Rochtain ar dhoiciméid

D’fhormheas an Chomhairle a tuarascáil bhliantúil maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Déantar cur síos sa tuarascáil ar na treochtaí i gcur chun feidhme Rialachán 1049/2001 maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle in 2022 agus déantar athbhreithniú inti ar ghnéithe gaolmhara eile.

Cúnamh macrairgeadais don Mholdóiv

Leanann an tAontas de bheith ag tacú leis an Moldóiv, ó thaobh airgeadais de freisin.

Chinn an Chomhairle méid an chúnaimh mhacra-airgeadais don Mholdóiv a dhúbailt nach mór, ar chomhaontaigh sí é a chur ar fáil bliain ó shin, ó €150 milliún go €295 mhilliún ar an iomlán.

Bearta sriantacha

D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne seachtar nduine aonairfaoi dhá chreat smachtbhannaí ar leith: réimeas a bunaíodh le déanaí lena ndírítear ar dhaoine atá freagrach as gníomhaíochtaí darb aidhm ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú, an bonn a bhaint díobh nó iad a chur i mbaol, agus an réimeas lena dtugtar aghaidh ar na gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025