"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18 Deireadh Fómhair 2022
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis na dréachtchonclúidí ón gComhairle Eorpach an 20-21 Deireadh Fómhair 2022.
Tar éis an phlé neamhfhoirmiúil a bhí acu i bPrág an 7 Deireadh Fómhair, tiocfaidh ceannairí an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun roinnt saincheisteanna práinneacha a phlé.
Tabharfaidh siad aghaidh ar na forbairtí is déanaí i gcás chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin.
Déanfaidh ceannairí an Aontais measúnú chomh maith ar chás na bpraghsanna fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, bearta optamaithe margaidh agus an dul chun cinn maidir leis an éileamh a laghdú san áireamh.
I bhfianaise na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, tabharfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar an staid eacnamaíoch.
Beidh plé straitéiseach ag na ceannairí faoin tSín freisin, agus ullmhóidh siad roinnt imeachtaí idirnáisiúnta.
An obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa pléite ag na hairí.
Tá obair ar bun sa Chomhairle chun obair leantach éifeachtach ar thoradh na Comhdhála a chinntiú, go háirithe trí réamh-mheasúnú cuimsitheach teicniúil ar na 49 dtogra ón gComhdháil agus ar na 326 bheart a bhaineann leo. Rinne na hAirí a marana ar an obair leantach go deireanach ag an gcruinniú a bhí acu i mí Mheán Fómhair.
Ina theannta sin, tá tograí faighte ag an gComhairle ó Pharlaimint na hEorpa maidir le dhá leasú shonracha ar na Conarthaí faoi Airteagal 48(2) CAE. Phléigh na hAirí uainiú a gcur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí agus fógra a thabhairt do na parlaimintí náisiúnta.
Ag cur san áireamh gur iarr Parlaimint na hEorpa ar a Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla tograí a ullmhú le haghaidh leasuithe breise ar na Conarthaí chun torthaí na Comhdhála a chur chun feidhme, le linn na díospóireachta, chomhaontaigh na hairí ar an mórgóir, d’fhonn éifeachtúlacht nós imeachta a chinntiú agus dúbailt próiseas a sheachaint, gurbh iomchuí fanacht go dtí go mbeidh an obair sin tugtha chun críche ag an bParlaimint sula dtarchuirfí an dá thogra shonracha a fuarthas cheana.
Sa chomhthéacs sin, thug a lán airí dá n-aire gur féidir formhór mór thograí na Comhdhála a chur chun feidhme faoi chreat reatha na gConarthaí agus bhí siad den tuairim gur cheart tosaíocht a thabhairt do na tograí sin ag an gcéim seo.
Ina theannta sin, mheas roinnt airí, i gcomhthéacs na ndúshlán práinneach a d’eascair as cogadh na Rúise san Úcráin, go raibh sé tábhachtach an fuinneamh ar fad a dhíriú ar réitigh a sholáthar ar na fadhbanna praiticiúla atá os comhair shaoránaigh na hEorpa. Mheas roinnt eile acu go raibh gá le níos mó ama chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh sula rachfaí i mbun athrú a dhéanamh ar na Conarthaí.
Tá an Chomhairle tiomanta go hiomlán an obair leantach is fearr is féidir ar thograí na Comhdhála a chinntiú. Is féidir an chuid is mó díobh – suas le 95 % – a chur chun feidhme trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na gConarthaí reatha. Tá sé tábhachtach díriú ar an obair sin, chun obair leantach dhearfach nithiúil a dhéanamh ar mhianta na saoránach laistigh de thréimhse ama sách gearr.
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Seice
Ina theannta sin, phléigh na hairí eagrú imeacht aiseolais na Comhdhála, a bheidh ina ócáid thábhachtach chun saoránaigh a chur ar an eolas faoin obair leantach atá á déanamh ag trí institiúid ar thoradh na Comhdhála.
Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE, cuireadh na hairí ar an eolas faoina bhfuil ag titim amach maidir leis an smacht reachta sa Pholainn.
Seoladh an nós imeachta maidir leis an bPolainn in 2017 nuair a d’eisigh an Coimisiún a thuairim réasúnaithe maidir leis an smacht reachta sa tír sin. Clúdaíonn sé réimse saincheisteanna a bhaineann le neamhspleáchas bhreithiúna na Polainne.
Tionóladh an éisteacht is déanaí leis an bPolainn faoi Airteagal 7(1) CAE i mí Feabhra.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi fhorbairtí ó bhí an éisteacht ann, amhail athchóiriú an chórais araíonachta is infheidhme i gcás bhreithiúna na Polainne a rinne údaráis na Polainne. Bhí deis ag an bPolainn a barúlacha a chur in iúl.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais lena rialaítear toghcháin Pharlaimint na hEorpa chun treoir pholaitiúil a chur ar fáil le haghaidh tuilleadh oibre ar an gcomhad seo.
Agus tuairimí éagsúla á gcur in iúl acu, rinne na hairí trácht ar na hathruithe atá beartaithe ar mian leo go léireofaí iad i ndlí toghcháin an Aontais, agus ar na hathruithe a mheas siad a bheith níos dúshlánaí.
Thug roinnt airí dá n-aire go dtacaíonn siad go ginearálta leis na hiarrachtaí chun líon na vótálaithe a mhéadú i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus chun a ndlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú.
Baineann na príomhdhúshláin pholaitiúla agus dhlíthiúla a shainaithin na Ballstáit leis na tograí le haghaidh toghlaigh uile-Aontais bunaithe ar liostaí trasnáisiúnta agus próiseas príomhiarrthóirí chun Uachtarán an Choimisiúin a roghnú. Chuir na Ballstáit a bhforchoimeádais in iúil maidir le moltaí éagsúla chun na próisis toghcháin ar fud an Aontais a chomhchuibhiú, agus leag siad béim ar an ngá atá le solúbthachtaí lena n-urramófaí traidisiúin vótála sheanbhunaithe.
Tharraing roinnt Ballstáit aird ar na hathruithe maidir le dlí toghcháin an Aontais a comhaontaíodh in 2018, agus tá siad ag súil go gcuirfí i bhfeidhm go luath iad.
Faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoina Theachtaireacht dar teideal Enforcing EU law for a Europe that delivers [Dlí an Aontais a fheabhsú chun Eoraip a dhéanann an beart a bhaint amach], a foilsíodh an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Leagtar amach sa Teachtaireacht an chaoi ar fhorbair an Coimisiún a chuid oibre maidir le forfheidhmiú, ó chosc go smachtbhannaí, chun a chinntiú gur féidir le daoine agus gnólachtaí leas a bhaint as na rialacha a comhaontaíodh go comhchoiteann ar fud an Aontais.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.