Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 19 Meán Fómhair 2023

Na príomhthorthaí

Catalóinis, Bascais agus Gailísis

Phléigh an Chomhairle iarraidh ón Spáinn an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a chur san áireamh i Rialachán Uimh 1/1958, a rialaíonn teangacha údaraithe an Aontais.

Cuireadh an iarraidh in iúl d’Uachtaránacht na Comhairle an 17 Lúnasa 2023, i litir ó Aire Gnóthaí Eachtracha, an Aontais Eorpaigh agus Comhair na Spáinne.

Faoi láthair, tá úsáid na Catalóinise, na Bascaise agus na Gailísise á rialú ag socruithe riaracháin idir an Spáinn agus institiúidí agus comhlachtaí comhairleacha aonair de chuid an Aontais.

Bhí malartú cuiditheach ag an gComhairle agus chinn sí leanúint de bheith ag obair ar an iarraidh ón Spáinn Rialachán Uimh. 1 a leasú. Coinneoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta súil ghéar ar an ábhar sin.

Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta, bhí plé cothrománach ag na hairí maidir leis na príomhfhorbairtí a bhaineann leis an smacht reachta i mBallstáit an Aontais.

Le linn na díospóireachta, ba dhíol sásaimh do roinnt airí gur cuireadh moltaí san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, mar uirlis chun athchóirithe náisiúnta a threorú, chomh maith leis an obair leantach dhearfach a rinneadh orthu ar fud na mBallstát. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé leanúint den chleachtadh chun urraim don smacht reachta a chinntiú.

Déanfar plé a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí Dheireadh Fómhair, ina ndíreofar ar an Danmhairg, ar an nGearmáin, ar an Eastóin, ar Éirinn agus ar an nGréig.

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir leis an meastóireacht ar idirphlé bliantúil na Comhairle i ndáil leis an smacht reachta, a leagtar amach sna conclúidí ón Uachtaránacht ó 2019.

Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad go forleathan le formáid reatha an idirphlé, lenar féidir plé córasach atá dírithe ar thorthaí a reáchtáil in atmaisféar oscailte cuiditheach, agus úsáid á baint as an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta. Phléigh na hairí freisin smaointe chun an t-idirphlé a fhorbairt a thuilleadh chun a ról a chomhdhlúthú agus a threisiú.

Cuirfear an plé sin san áireamh agus tacar conclúidí ón gComhairle maidir leis an meastóireacht ar idirphlé na Comhairle á ullmhú. Is é an aidhm atá ann teacht ar chomhaontú maidir leis na conclúidí roimh dheireadh na bliana.

Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023 trí dhréachtchlár oibre anótáilte a phlé.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí Dheireadh Fómhair, meastar go rachaidh na ceannairí i ngleic leis an méid seo a leanas:

  • Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus freagairt an Aontais
  • an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027
  • dul chun cinn maidir le borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa
  • gné sheachtrach na himirce
  • ullmhúcháin do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Dubai (COP28)
  • saincheisteanna i ndáil leis an mbeartas eachtrach

Obair reachtach

Leagadh amach sa litir intinne ón gCoimisiún a foilsíodh an 13 Meán Fómhair 2023, na príomhghnéithe lena dtreorófar ullmhú chlár oibre 2024 an Choimisiúin. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na tionscnaimh atá beartaithe ag an gCoimisiún.

Déanfaidh an Uachtaránacht achoimre ar an bplé i litir chuig an gCoimisiún sula nglacfar clár oibre an Choimisiúin.

Ceapacháin

Cheap an Chomhairle Iliana Ivanova (an Bhulgáir) inaCoimisinéir Eorpach gan phlé, de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena bhformheastar plean leasaithe téarnaimh agus athléimneachta na hIodáile. Tá na leasuithe spriocdhírithe, agus tá costas iomlán measta an phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe fós gan athrú ag €191.5 billiún, arbh ionann é agus €68.8 billiún de dheontais agus €122.6 billiún in iasachtaí.

Malartú neamhfhoirmiúil le Olha Stefanishyna

Le linn an bhricfeasta, bhí malartú neamhfhoirmiúil ag na hairí le Leas-Phríomh-Aire um Lánpháirtiú Eorpach agus Eora-Atlantach na hÚcráine, Olha Stefanishyna, maidir le clár oibre athchóirithe na hÚcráine agus maidir le lánpháirtiú na hÚcráine san Aontas.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025