Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 10 Iúil 2023

Na príomhthorthaí

Buiséad fadtéarmach an Aontais

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, ar bheartaigh an Coimisiún é an 20 Meitheamh 2023.

Chuir an Coimisiún an pacáiste uaidh faoi bhráid na Comhairle. Thug na hairí na tuairimí tosaigh uathu maidir leis na príomhghnéithe a ghabhann leis le fios:

  • saoráid don Úcráin a chruthú le haghaidh 2024-2027
  • na cistí breise atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis an imirce agus ar na dúshláin sheachtracha
  • ardán a chur ar bun maidir le Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais maidir le teicneolaíochtaí tábhachtacha a chur chun cinn
  • is leis an mborradh ar rátaí úis a bhain na coigeartuithe atá beartaithe

Tá coinne ann go reáchtálfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta díospóireacht bheartais maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh ag cruinniú dá cuid a reáchtálfar an 19 Meán Fómhair.

Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Chuir an Uachtaránacht i láthair a pleananna maidir leis an meastóireacht ar idirphlé bliantúil na Comhairle i ndáil leis an smacht reachta a fógraíodh sna conclúidí ón Uachtaránacht an 19 Samhain 2019.

Ó shin i leith, rinneadh cur chuige níos struchtúrtha ar an idirphlé a fhorbairt, cur chuige lena mbaineann plé cothrománach, tírshonrach maidir le forbairtí i ndáil leis an smacht reachta ar fud an Aontais, agus lena mbaintear úsáid as na tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún maidir leis an smacht reatha.

Is éard is aidhm leis an obair a dhéanfar sna míonna amach romhainn teacht ar chomhthoil maidir le tacar conclúidí ón gComhairle maidir leis an meastóireacht faoi dheireadh 2023.

Tosaíochtaí na hUachtaránachta

Chuir an Uachtaránacht na tosaíochtaí a bhfuil aici dá téarma in oifig i láthair na n-airí.

Is éard a leanas na príomhlínte gníomhaíochta, faoi shainchúram na Comhairle Gnóthaí Ginearálta:

  • tionscnaimh éagsúla chun go mbeidh baint níos dlúithe ag an Eoraip lena saoránaigh
  • próiseas aontachais na dtíortha is iarrthóirí a thabhairt chun cinn
  • leanúint den obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus plé ar shíneadh a chur leis an vótáil trí thromlach cáilithe san áireamh, agus an tAontas a ullmhú do mhéadú amach anseo
  • caidreamh a chothú leis an Ríocht Aontaithe, agus comhlíonadh na gcomhaontuithe atá ann cheana á chinntiú ag an am céanna
  • leanúint den obair ar na saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reatha
  • an obair reachtach a thabhairt chun cinn chun an daonlathas san Eoraip a neartú
  • aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha a chuireann as don Aontas

Tuarascáil ar an smacht reachta 2023

Faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an Coimisiún a thuarascáil 2023 maidir leis an smacht reachta i láthair, a foilsíodh an 5 Iúil 2023.

Déantar iniúchadh sa tuarascáil ar fhorbairtí ar fud na mBallstát uile i gceithre phríomhréimse a bhaineann leis an smacht reachta: an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas agus saoirse na meán, agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Tá moltaí ann freisin do na Ballstáit.

Tá coinne ann go mbeidh mionphlé ag an gComhairle i mí Mheán Fómhair ar an gcaibidil chothrománach maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reatha. Reáchtálfar plé tírshonrach, lena gcumhdófar cúig Bhallstát, i mí Dheireadh Fómhair.

Comhlacht eitice idirinstitiúideach

Faoi ‘Aon ghnó eile’, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir leis an togra dá chuid chun comhlacht eitice idirinstitiúideach a chur ar bun, a tíolacadh an 8 Meitheamh 2023.

Bhí an chéad chruinniú polaitiúil maidir leis an togra ón gCoimisiún ar siúl le hionadaithe institiúideacha an 7 Iúil.

Cuirfear tús anois le mionscrúdú ar an togra i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025