Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 19 Márta 2024

Na príomhthorthaí

Comhairle Eorpach mhí an Mhárta

Lean na hairí den ullmhúchán do chruinniú na Comhairle Eorpaí a bheidh ar siúl an 21 agus an 22 Márta 2024 trí dhréachtchonclúidí a phlé.

Is ar an méid a leanas a dhíreoidh ceannairí an Aontais ag an gcruinniú a bheidh acu amach anseo:

  • Tacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise
  • slándáil agus cosaint
  • an staid sa Mheánoirthear
  • méadú agus athchóirithe
  • an caidreamh seachtrach
  • imirce
  • na dúshláin atá ann faoi láthair in earnáil na talmhaíochta
  • An Seimeastar Eorpach

Todhchaí na hEorpa

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoi athchóirithe inmheánacha an Aontais agus faoi fheabhsuithe ar mhodhanna oibre an Aontais ar cheart dóibh a chinntiú go mbeidh an tAontas in ann gníomhú, i dtaobh mhéadú an Aontais san áireamh.

Dhírigh an plé ar athchóirithe inmheánacha a bhaineann le beartais an Aontais agus leis na gnéithe cumarsáide lena mbaineann. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé anailís chríochnúil a dhéanamh ar na beartais éagsúla agus bhí siad ag tnúth le hionchur an Choimisiúin i ndáil leis an méid sin. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá cumarsáid shoiléir a bheith ann leis na saoránaigh de réir mar a thagann forbairt ar an díospóireacht, chun tacaíocht phoiblí don phróiseas a chinntiú.

Is é túsphointe an phlé a rinneamar an smaoineamh gur cheart don phróiseas athchóirithe inmheánach acmhainneacht an Aontais chun gníomhú a choinneáil agus a neartú, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar thrí dhúshlán — an gá atá le feidhmiú níos fearr an Aontais, an tionchar atá ag domhan atá ag athrú go tapa, agus an t-ionchas go méadófar amach anseo é. Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Eorpacha na Beilge

Tá plé ann ar thodhchaí na hEorpa agus go háirithe ar athchóirithe inmheánacha an Aontais i bhfianaise an mhéadaithe ó bhí earrach 2023 ann. I nDearbhú Granada an 6 Deireadh Fómhair 2023, dúirt ceannairí an Aontais nach mór don Aontas an réamhobair inmheánach agus na hathchóirithe is gá a leagan síos i gcomhthráth leis na hiarrachtaí athchóirithe sin atá á ndéanamh acusan ar mian leo bheith ina mball. Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach an 14 agus an 15 Nollaig 2023, dúirt siad freisin go dtabharfaí aghaidh ar athchóirithe inmheánacha ag na cruinnithe atá ar na bacáin d’fhonn conclúidí a ghlacadh faoi shamhradh 2024 maidir le treochlár don obair atá le déanamh amach anseo.

Tá sé ar intinn ag an uachtaránacht leanúint den phlé maidir le todhchaí na hEorpa sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta sna míonna amach romhainn, chun tacú le hobair na Comhairle Eorpaí agus chun an obair sin a ullmhú.

An Seimeastar Eorpach

Dhírigh na hairí ar an Seimeastar Eorpach chomh maith.

Scrúdaigh siad tuarascáil sintéise, arna dréachtú ag uachtaránacht na Beilge, maidir le hionchur na Comhairle i dtaca le Seimeastar Eorpach 2024. Chuir an Uachtaránacht treochlár nuashonraithe do Sheimeastar Eorpach 2024 i láthair, ina leagtar amach príomhchéimeanna thimthriall Sheimeastar Eorpach 2024. Chomhaontaigh an Chomhairle freisin dréacht-mholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormhuiniú. Glacfaidh an Chomhairle an téacs go foirmiúil tar éis don Chomhairle Eorpach é a fhormhuiniú.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025