Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 21 Bealtaine 2024

Na príomhthorthaí

An smacht reachta sa Pholainn

Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1), phléigh an Chomhairle staid an smachta reachta sa Pholainn.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin anailís a rinne sé chun a shuí an bhfuil ‘baol soiléir ann Ballstát do dhéanamh sárú tromchúiseach’ a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) ann fós. Bhí an anailís sin bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta a leag rialtas na Polainne amach i mí Feabhra 2024, agus ar na céimeanna a tionscnaíodh chun neamhspleáchas breithiúnach a chur chun cinn sna príomhinstitiúidí a sainaithníodh i dtogra réasúnaithe mhí na Nollag 2017, lena n-áirítear Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Chúirt Uachtarach, agus na gnáthchúirteanna. Chuir an Pholainn an Plean Gníomhaíochta i láthair ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí Feabhra 2024, agus nuashonrú ar an dul chun cinn ina leith i mí an Mhárta 2024.

Dheimhnigh Aire Dlí agus Cirt na Polainne, Adam Bodnar, na céimeanna a d’áirigh an Coimisiún ina anailís.

Mhínigh an Coimisiún, dá bhrí sin, gur chinn sé nárbh ann a thuilleadh don ‘baol soiléir ann Ballstát do dhéanamh sárú tromchúiseach’, agus mar thoradh air sin, go raibh sé beartaithe aige a thogra réasúnaithe a tharraingt siar.

Ar bhonn seisiún tuairimíochta idir na Ballstáit laistigh den Chomhairle maidir le nós imeachta Airteagal 7(1) a bhaineann leis an bPolainn agus an sásamh a léiríodh maidir leis na bearta a rinne an Pholainn chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh sa togra réasúnaithe, chomh maith lena tiomantas soiléir tosaíocht dhlí an Aontais a urramú agus breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme ina n-iomláine, chomh maith leis an tacaíocht a léiríodh don anailís a rinne an Coimisiún, chinn an Uachtaránacht go raibh sé tugtha dá aire ag an gComhairle go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún a thogra réasúnaithe a tharraingt siar.

Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh 

Chuir na hairí tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 27 agus an 28 Meitheamh 2024 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí an Mheithimh, tabharfaidh na ceannairí aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • an Úcráin
  • an tslándáil agus an chosaint
  • an t-iomaíochas
  • an caidreamh seachtrach
  • an chéad timthriall institiúideach eile

Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Phléigh na hairí staid an smachta reachta sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin agus i Lucsamburg mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta.

Ba é sin an dara plé tírshonrach le linn Uachtaránacht na Beilge, i gcomhréir leis na conclúidí ón Uachtaránacht an 12 Nollaig 2023, inar beartaíodh trí phlé thírshonracha in aghaidh na bliana, agus gach ceann acu ag díriú ar an staid i gceithre Bhallstát.

Tá an plé tírshonrach seo ann toisc gur cuid de thiomantas na Comhairle an t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta a dhéanamh níos láidre agus níos struchtúrtha, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus chóir chomhionann na mBallstát ar fad á n-urramú ag an am céanna. Is é an cuspóir atá ann tuairimí agus dea-chleachtais a phlé ar bhealach cuiditheach oscailte.

Trasnaíocht eachtrach sna próisis toghcháin

D’fhormheas an Chomhairle, gan aon idirphlé a dhéanamh, conclúidí maidir le hathléimneacht an daonlathais agus próisis toghcháin a chosaint ar gach cineál cur isteach ó ghníomhaithe eachtracha.

Tugtar forléargas sna conclúidí ar na hionstraimí agus na huirlisí uile atá ann cheana ar leibhéal an Aontais chun próisis toghcháin a chosaint ar chur isteach eachtrach. Agus toghcháin Pharlaimint na hEorpa ag druidim linn, iarrann an Chomhairle ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun faireachán a dhéanamh ar iarrachtaí gníomhaithe eachtracha cur isteach ar phróiseas daonlathach an Aontais.

Agus vóta á chaitheamh ag na billiún saoránach ar fud an domhain in 2024 – i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa san áireamh – leagtar béim sna conclúidí go bhfuil athléimneacht an daonlathais ina príomhfhócas ar chlár oibre na Comhairle i gcónaí.

Bagairtí hibrideacha

D’fhormheas an Chomhairle freisin, gan idirphlé a dhéanamh, an creat treorach chun Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha de chuid an Aontais a bhunú go praiticiúil. Mar cheann de phríomhspriocanna insoláthartha an Chompáis Straitéisigh, cuirfidh na foirne cúnamh gearrthéarmach saincheaptha spriocdhírithe ar fáil do na Ballstáit, do mhisin agus d’oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, agus do thíortha comhpháirtíochta chun bagairtí agus feachtais hibrideacha a chomhrac.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025