Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 18 Meitheamh 2024

Na príomhthorthaí

Beartas comhtháthaithe agus clár oibre straitéiseach an Aontais 2024-2029

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an nasc idir an beartas comhtháthaithe agus clár oibre straitéiseach an Aontais do 2024-2029, a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach ag an gcruinniú a bheidh aici an 27 agus an 28 Meitheamh 2024.

Bhí ról tábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le cuidiú leis an Aontas a chuspóirí straitéiseacha a bhaint amach thar na blianta, trí infheistíochtaí lena gcuirtear leis an iomaíochas, leis an gcuimsiú sóisialta, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus leis an gclaochlú tionsclaíoch i réigiúin an Aontais. Mar a meabhraíodh i dtuarascáil Enrico Letta ‘Níos mó ná margadh’, neartaigh sé an margadh aonair freisin agus d’áirithigh sé gur féidir le gach réigiún tairbhe a bhaint as.

Phléigh na hairí conas is féidir a chinntiú gur féidir leis an mbeartas comhtháthaithe leanúint de bheith ag rannchuidiú le cuspóirí straitéiseacha an Aontais amach anseo agus conas is féidir a chinntiú gur féidir le gach réigiún, lena sainiúlachtaí agus lena ndifríochtaí, páirt a ghlacadh sa phróiseas sin.

Le linn na díospóireachta, d’ardaigh na cainteoirí bealaí éagsúla inar féidir leis an mbeartas comhtháthaithe, mar gheall ar a chineál fadtéarmach, leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin straitéiseacha atá os comhair na hEorpa. Chuir siad chun suntais go mbeidh sé tábhachtach leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i mbearta struchtúracha lena dtacaítear leis an iomaíochas agus le cruthú post, agus tacú le réigiúin i gcomhthéacs athruithe déimeagrafacha agus an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Leag roinnt cainteoirí béim freisin ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do réigiúin teorann an Oirthir i gcomhthéacs na slándála athraithe, chomh maith leis an nasc idir an beartas comhtháthaithe agus méadú an Aontais.

Chuir na hairí i bhfios go láidir freisin, agus iad ag rannchuidiú le cuspóirí straitéiseacha an Aontais, gur cheart don bheartas comhtháthaithe leanúint dá phríomhchuspóir a chomhlíonadh faoi na Conarthaí maidir le héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú. Chun an aidhm sin a bhaint amach, mheas siad go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú gur féidir le gach réigiún páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme chuspóirí straitéiseacha an Aontais ar bhonn cothrom agus tairbhe a bhaint as an bpróiseas sin.

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú

D’fhormheas an Chomhairle freisin conclúidí maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil leis an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, a foilsíodh an 27 Márta 2024.

Déantar measúnú sa tuarascáil ar staid na himeartha maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais bunaithe ar raon leathan táscairí. Leagtar béim inti ar chóineasú eacnamaíoch agus sóisialta suntasach aníos in go leor áiteanna san Aontas le blianta beaga anuas, agus léirítear inti freisin roinnt éagothromaíochtaí agus dúshlán atá fós ann.

Sna conclúidí uaithi, tugann an Chomhairle dá haire torthaí an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú agus meabhraíonn sí na dúshláin struchtúracha éagsúla agus na dúshláin éagsúla atá ag teacht chun cinn nach mór aghaidh a thabhairt orthu, agus leathnú na n-éagothromaíochtaí ar fud an Aontais á sheachaint ag an am céanna. Áirítear ar na dúshláin sin an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an t-athrú aeráide, an imirce, an gá atá le hiomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais i gcomhthéacs na hiomaíochta domhanda, chomh maith leis an éagobhsaíocht gheopholaitiúil ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Cuireann an Chomhairle in iúl gur cúis imní ar leith di na dúshláin dhéimeagrafacha agus na héagothromaíochtaí móra socheacnamaíocha atá fós ann ar an leibhéal fonáisiúnta, áit a bhfuil marbhántacht eacnamaíoch agus gaistí forbartha os comhair a lán réigiún. Leagtar béim ann freisin ar na himpleachtaí a bheidh ag aon mhéadú a dhéanfar amach anseo ar an mbeartas comhtháthaithe.

I bhfianaise an mhéid sin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí iomchuí chun tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do réigiúin tar éis 2027 chun na dúshláin sin a bhainistiú go rathúil, agus béim ar leith á leagan ar na dúshláin ghlasa, dhigiteacha, thionsclaíocha agus dhéimeagrafacha agus ar na leibhéil éagsúla forbartha socheacnamaíche.

Athdhearbhaíonn an Chomhairle freisin roinnt príomhphrionsabal ar cheart iad a chaomhnú sa bheartas comhtháthaithe sa tréimhse i ndiaidh 2027, mar atá bainistíocht chomhroinnte, rialachas il-leibhéil, cur chuige áitbhunaithe agus prionsabal na comhpháirtíochta. Cuireann sí i dtreis freisin gur gá cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe a shimpliú tuilleadh agus díriú ar dhea-rialachas agus ar fhothú acmhainneachta chun a áirithiú gur fearr is féidir leis a chuspóirí a bhaint amach.

Aon ghnó eile

Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an tSeicia na hairí ar an eolas faoi dhearbhú comhpháirteach an 14 Bealtaine 2024 maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe, a chomhaontaigh 11 airí atá freagrach as an mbeartas comhtháthaithe ag an gcruinniú a bhí acu i bPrág.

Chuir an tSeicia agus an tSlóvaic na hairí ar an eolas freisin faoi ‘Ráiteas Karlovy Vary’ maidir le tacaíocht amach anseo d’aistriú na réigiún guail, ráiteas a shínigh ionadaithe réigiúnacha agus bardasacha ó 11 Bhallstát de chuid an Aontais ag an Idirphlé Polaitiúil Bliantúil maidir le Réigiúin Ghuail atá i mbun Aistrithe an 27–28 Meitheamh 2023 in Karlovy Vary na Seicia.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025