- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Feabhra 2024
Na príomhthorthaí
An smacht reachta sa Pholainn
Arna iarraidh sin do thoscaireacht na Polainne, rinne an Chomhairle a marana ar na forbairtí maidir le nós imeachta Airteagal 7(1) CAE i ndáil leis an bPolainn.
Chuir Adam Bodnar, Aire Dlí agus Cirt na Polainne, an Chomhairle ar an eolas faoi na hathchóirithe atá déanta agus atá beartaithe ag rialtas na Polainne chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh faoi nós imeachta Airteagal 7. Chuir sé i bhfios go láidir go bhfuil rún ag an rialtas nua na bearta is gá a dhéanamh chun go bhféadfar an nós imeachta sin a dhúnadh.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin maidir leis na forbairtí a bhí ann ón 15 Samhain 2023 i leith, tráth a ndearna an Chomhairle an staid sa Pholainn a mheas go deireanach.
Príomhthosaíocht d’Uachtaránacht na Beilge is ea an smacht reachta agus an urraim don daonlathas. Ar deireadh, is iad na luachanna sin luachanna bunaidh an Aontais seo againne. Is díol sásaimh dúinn é gur mhol an Pholainn féin go n-éistfí lena plean athchóirithe agus tá an meon dearfach sin le brath go forleathan i measc na mBallstáit freisin. Déanfaimid obair leantach ar na hathchóirithe iarbhír a luaithe a chuirfear chun feidhme iad. Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Eorpacha na Beilge
Seoladh nós imeachta Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn an 20 Nollaig 2017 nuair a d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra réasúnaithe ina raibh sraith moltaí maidir le hathchóiriú ar an gceartas agus neamhspleáchas breithiúnach sa Pholainn. Ó shin i leith, bhí an nós imeachta ar chlár oibre na Comhairle go tráthrialta agus tionóladh sé éisteacht leis an bPolainn.
Coinneoidh an Chomhairle súil ghéar ar an ábhar sin.
- Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta – Caibidil Tíre – an Pholainn
- An smacht reachta (eolas cúlra)
Comhairle Eorpach mhí an Mhárta
Chuir na hairí tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 21 agus an 22 Márta 2024 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.
Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí an Mhárta, tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar an méid seo a leanas:
- cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin agus dá muintir
- slándáil agus cosaint, lena n-áirítear an gá le hullmhacht fhoriomlán na hEorpa don chosaint a mhéadú agus bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa a neartú a thuilleadh
- an staid sa Mheánoirthir
- ullmhúcháin don Chlár Oibre Straitéiseach nua
Iarrfar ar an gComhairle Eorpach freisin an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a fhormhuiniú.
Is é ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin is cúis le bás líon ollmhór daoine, fulaingt agus scriosadh ollmhór. Agus muid ag druidim le comóradh brónach 2 bhliain ó thosaigh an cogadh, tá an tAontas ag seasamh go daingean i gcónaí ar thaobh na hÚcráine agus ar thaobh mhuintir na hÚcráine. Ina gcomhrac, ní hamháin go bhfuil ceannasacht agus iomláine chríochach a dtíre á gcosaint ag muintir na hÚcráine, ach tá ár luachanna coiteanna agus slándáil na hEorpa ina hiomláine á gcosaint acu freisin. Tá rún daingean againn leanúint de thacaíocht láidir a chur ar fáil don Úcráin. Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Eorpacha na Beilge
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Cánachas: Na Bahámaí, an Bheilís, na Séiséil agus Oileáin na dTurcach agus Caicos bainte de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach - 20/02/2024
Cearta Tomhaltóirí: formheas deiridh don treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas - 20/02/2024
MiFIR agus MiFID II: Rialacha nua glactha ag an gComhairle chun trédhearcacht sonraí margaidh a neartú - 20/02/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025