Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 29 Eanáir 2024

Na príomhthorthaí

Tosaíochtaí na hUachtaránachta

Leag Uachtaránacht na Beilge na tosaíochtaí amach dá hUachtaránacht.

I gcomhthéacs na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, díreoidh an uachtaránacht ar an daonlathas a chosaint, an smacht reachta a neartú agus ar shaorthoghcháin chóra a chur chun cinn san Eoraip. Leanfar den obair maidir leis an méadú. Spreagfaidh sé freisin machnamh ar an gcéad Chlár Oibre Straitéiseach eile agus ar a bhfuil i ndán don Eoraip.

Leanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta freisin de dhul i ngleic le réimse saincheisteanna cothrománacha, cuir i gcás an creat airgeadais ilbhliantúil, an bainistiú géarchéime, bagairtí hibrideacha, agus an trédhearcacht agus eitic chomh maith. Beidh ról iomlán aici maidir leis an gComhairle Eorpach a ullmhú agus maidir le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin a áirithiú.

Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge
Tagann an Bheilg de bheith i bhfeighil na hUachtaránachta tráth a bhfuil dúshlán i ndiaidh dúshláin san Eoraip agus i gcéin ag bagairt orainn. Déanfaimid obair roimh na toghcháin Eorpacha chun aistriú gan bhac gan fhadhb chuig an gcéad timthriall institiúideach eile a chinntiú agus chun an plé ar ár dtodhchaí chomhchoiteann a thabhairt chun cinn. Díreoimid freisin ar an daonlathas a chosaint agus a neartú agus ar rannpháirtíocht na saoránach a chur chun cinn, go háirithe maidir le rannpháirtíocht na n-óg.
Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge
Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge

Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Beidh plé tírshonrach ag na hairí mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta. Díríodh sa seisiún tuairimíochta ar na príomhfhorbairtí sa Spáinn, sa Fhrainc, sa Chróit agus san Iodáil.

Is cuid de thiomantas na Comhairle an t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta a dhéanamh níos láidre agus níos struchtúrtha é an plé tírshonrach, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne de chuid na mBallstát ar fad á n-urramú ag an am céanna. Is é an cuspóir atá ann tuairimí agus dea-chleachtais a phlé ar bhealach cuiditheach oscailte.

Sna conclúidí ón Uachtaránacht an 12 Nollaig 2023, comhdhlúthaíodh an cur chuige maidir le hidirphlé bliantúil na Comhairle i ndáil leis an smacht reachta ó 2020 i leith agus leagadh béim ar thiomantas na mBallstát don idirphlé sin.

Is bunluach de chuid an Aontais é an smacht reatha agus is é bunchloch an chomhair é. Is deis luachmhar é an t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta chun é a neartú trí seisiúin cuiditheacha tuairimíochta leis na mBallstát. Tá Uachtaránacht na Beilge tiomanta do na sásraí smachta reachta atá i bhfeidhm a chur chun cinn agus a threisiú. Cuirimid béim freisin ar an smacht reachta ag cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí Eorpacha ag deireadh mhí Aibreáin, agus tabharfar cuireadh do na tíortha is iarrthóirí ann chomh maith. Hadja Lahbib, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge

Cosaint an daonlathais

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an bpacáiste ‘Cosaint an daonlathais’ a thíolaic an Coimisiún an 12 Nollaig 2023.

Díríodh sa díospóireacht ar an togra le haghaidh treoir maidir le trédhearcacht na hionadaíochta leasa thar ceann na dtríú tíortha. Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad le cuspóir foriomlán an togra chun an trédhearcacht maidir leis an mbrústocaireacht a mhéadú agus cur i gcoinne na trasnaíochta eachtraí. Ag an am céanna, leag siad béim ar an ngá atá leis an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir cur i gcoinne na trasnaíochta eachtraí agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an spás sibhialta a chosaint.

Maidir le saincheisteanna a raibh tuilleadh machnaimh le déanamh orthu, d’ardaigh roinnt airí ceisteanna maidir leis an gcomhchuibhiú iomlán a moladh agus a raibh tionchar aige ar na creataí náisiúnta atá ann cheana. Iarradh freisin go leathnófaí raon feidhme na rialacha. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá an chomhréireacht agus a thábhachtaí atá sé tionchar na treorach atá beartaithe ar an tsochaí shibhialta a mheas go cúramach, lena héifeachtúlacht a chinntiú agus an rómhaorlathas a sheachaint. Luaigh siad freisin an gá atá le coimircí láidre i gcoinne mí-úsáide, chun creidiúnacht idirnáisiúnta an Aontais a chosaint agus chun smachtbhannaí inchreidte a fhorchur.

Treoir a bheidh sa phlé don scrúdú a dhéanfar ar an treoir atá beartaithe ar an leibhéal teicniúil ag an gComhairle.

Phléigh na hairí freisin na bearta breise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun an méid a leanas a dhéanamh: an daonlathas a chosaint ar bhealach níos fearr, athléimneacht na bpróiseas toghchánach a neartú agus rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartas a chur chun cinn. Ba dhíol sásaimh dóibh cur i láthair na moltaí ón gCoimisiún maidir leis na saincheisteanna sin agus leag siad béim ar leith ar dúshlán na bréagaisnéise agus borradh a chur faoi rannpháirtíocht na vótálaithe sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa atá ag druidim linn.

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025