Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 25 Feabhra 2025

Na príomhthorthaí

Bhí nóiméad ciúnais ann ag tús na Comhairle le cur i gcuimhne go bhfuil 3 bliana caite ó chuir an Rúis tús le mór-ionradh agus cogadh foghach ar an Úcráin. Ansin, phléigh na hairí na hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta agus bhí seisiún tuairimíochta acu, bunaithe ar chlár oibre 2025 an Choimisiúin, maidir le clársceidealú reachtach bliantúil agus ilbhliantúil.

<p>Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Tá rún daingean ag Uachtaránacht na Polainne an tAontas a dhéanamh níos sláine agus níos iomaíche sa chomhthéacs geopholaitiúil fíordhúshlánach atá ann faoi láthair. Ní ceadmhach an cur chuige ‘gnó mar is gnách’ a thuilleadh. Tá sé in am againn ár mbuille a ghéarú agus tá.

<p>Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Comhairle Eorpach mhí an Mhárta

Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 20-21 Márta 2025 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte. Tá sé beartaithe go bpléifidh ceannairí an Aontais an méid a leanas:

  • cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
  • a bhfuil tarlaithe le déanaí sa Mheánoirthear
  • iomaíochas an Aontais
  • an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile agus acmhainní dílse nua
  • an imirce,
  • na haigéin, agus
  • saincheisteanna eile i ndáil leis an mbeartas eachtrach

Leanfar den obair ullmhúcháin ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an 18 Márta 2025.

Clársceidealú reachtach: Clár oibre 2025 an Choimisiúin agus clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

I seisiún poiblí, thíolaic an Coimisiún an clár oibre atá aige do 2025 dar teideal ’Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla’. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an gclár sin agus, ar bhonn níos leithne, maidir le clársceidealú bliantúil do 2025 agus clársceidealú ilbhliantúil do 2025-2029.

Deis a bhí i bplé na n-airí réimsí beartais agus téamaí a shainaithint ar cheart iad a áireamh, ó thaobh dhearcadh na Comhairle de, sna conclúidí comhpháirteacha maidir le cuspóirí beartais agus tosaíochtaí do 2025-2029 agus sa dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha do 2025 atá le formheas ag an gComhairle (Gnóthaí Ginearálta) an 18 Márta agus le síniú ar imeall Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2025.

Todhchaí na hEorpa

Le linn lón neamhfhoirmiúil agus d’fhonn an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le todhchaí na hEorpa a chur i láthair i mí an Mheithimh, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na bunluachanna inar díríodh ar athchóirithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar na huirlisí agus ar na próisis chun urramú na mbunluachanna sin a chinntiú agus a chur chun cinn san Aontas agus ina chomharsanacht.

Aon ghnó eile

Thug an Uachtaránacht réamh-achoimre ar an bplé a tionóladh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag airí gnóthaí Eorpacha an 17-18 Feabhra i Vársá agus tharraing sí aird na Comhairle ar chéimeanna breise a d’fhéadfaí a ghlacadh sna réimsí faoi seach.

Tharraing toscaireacht na hUngáire anuas saincheist na trédhearcachta i gcistiú an Aontais d’eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Feabhra 2025