Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 18 Márta 2025

Na príomhthorthaí

Ag tús na Comhairle, pléadh na dréachtchonclúidí don Chomhairle Eorpach atá ar na bacáin. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus maidir le tuarascáil sintéise ar rannchuidiú na Comhairle le Seimeastar Eorpach 2025. Chomhaontaigh an Chomhairle dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormhuiniú. Anuas air sin, d’fhormheas na hairí dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha na bliana seo mar aon le conclúidí comhpháirteacha maidir le cuspóirí beartais agus tosaíochtaí an Aontais do 2025-2029.

<p>Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Tréimhse thar a bheith dúshlánach í seo don Eoraip. Tá Uachtaránacht na Polainne i mbun oibre ar chlár oibre uaillmhianach chun an Eoraip a dhéanamh níos sláine agus níos iomaíche. Tá dlús á chur againn lenár n-iarrachtaí sna míonna amach romhainn chun torthaí nithiúla a bhaint amach do mhuintir na hEorpa.

<p>Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta

Lean an Chomhairle den ullmhúchán don Chomhairle Eorpach atá ar na bacáin trí phlé a dhéanamh ar na dréachtchonclúidí. Tá sé beartaithe go bpléifidh ceannairí an Aontais an méid seo:

  • cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
  • na forbairtí is déanaí sa Mheánoirthear
  • iomaíochas an Aontais
  • an chosaint Eorpach
  • an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile agus acmhainní dílse nua
  • an imirce
  • na haigéin
  • an t-iltaobhachas agus
  • saincheisteanna eile i ndáil leis an mbeartas eachtrach

An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe

D’éist an Chomhairle le cur i láthair ón gCoimisiún agus bhí seisiún tuairimíochta aici maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe roimh an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an 19 Bealtaine 2025. Dhírigh aird na n-airí ar réimsí ina bhféadfaí an caidreamh leis an Ríocht Aontaithe a neartú agus ar an gcur chuige is fearr chun leasanna an Aontais a chosaint i dteannta a chéile. Leag go leor de na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé oibriú le comhpháirtithe atá ar aon bhuille leo, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, i réimse na slándála agus na cosanta.

An Seimeastar Eorpach

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le tuarascáil sintéise ar rannchuidiú na Comhairle le Seimeastar Eorpach 2025. Chuir an uachtaránacht treochlár nuashonraithe maidir le Seimeastar Eorpach 2025 i láthair. Chomhaontaigh an Chomhairle freisin dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormhuiniú.

Clársceidealú reachtach

D’fhormheas an Chomhairle an dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2025, chomh maith le conclúidí comhpháirteacha maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí beartais do 2025-2029.Síneoidh uachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus uachtarán Pharlaimint na hEorpa an dearbhú comhpháirteach agus na conclúidí comhpháirteacha.

Aon ghnó eile

Chuir an tSeicia faisnéis i láthair maidir le foirceannadh mhaoiniú ‘Radio Free Europe’ ag Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um na Meáin Dhomhanda.

An Mholdóiv

Faoi mhíreanna ‘A’, ghlac an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv, ionstraim nua – dar luach beagnach €2 bhilliún – chun tacú le conair na tíre sin i dtreo an Aontais.

Bricfeasta neamhfhoirmiúil le Sviatlana Tikhanovskaya

Ag bricfeasta neamhfhoirmiúil, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí le ceannaire an fhreasúra sa Bhealarúis, Sviatlana Tikhanovskaya.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Márta 2025