Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 27 Bealtaine 2025

Na príomhthorthaí

Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Meitheamh, ghlac sí cur chuige ginearálta maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) an Aontais a shimpliú agus phléigh sí an iarraidh ón Spáinn an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a áireamh i Rialachán Uimh. 1/1958, lena rialaítear teangacha údaraithe an Aontais. Thionóil an Chomhairle an t-ochtú héisteacht maidir leis an Ungáir mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE agus rinne sí plé tírshonrach ar staid an smachta reachta sa tSlóvaic, sa tSualainn agus sa Bheilg faoi chuimsiú an idirphlé bhliantúil maidir leis an smacht reachta. Ar deireadh, phléigh na hairí tacar conclúidí maidir le hathléimneacht dhaonlathach an Aontais agus chuir toscaireacht na Seice ar an eolas iad faoi easnamh airgeadais Radio Free Europe.

Ag tús an chruinnithe, i measc na míreanna ‘A’, mar a thugtar orthu (gan aon phlé), ghlac an Chomhairle go foirmiúil an clár infheistíochta nua um chosaint ar a dtugtar SAFE (Gníomhaíocht Slándála don Eoraip), ionstraim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ar fiú €150 billiún í, rud a chuirfidh borradh faoi chumais chosanta an Aontais.

<p>Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Is iad an tslándáil agus an dírialáil an dá thosaíocht atá againn. Agus, tá an dá chuspóir sin bainte amach againn sa Chomhairle. Ghlacamar SAFE – an chéad chlár infheistíochta mórscála um chosaint ar leibhéal an Aontais, lena gcuirtear €150 billiún ar fáil chun borradh a chur faoinár gcumais chosanta. Ina theannta sin, chomhaontaíomar seasamh na Comhairle i ndáil leis an gcéad phacáiste simpliúcháin maidir le SCCT. Laghdóidh sé sin an t-ualach riaracháin agus tacóidh sé le cuideachtaí an Aontais.

<p>Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh</p>

Adam Szłapka, Aire na Polainne um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh

Ullmhúchán do chruinniú mhí an Mheithimh den Chomhairle Eorpach

Chuir an Chomhairle tús freisin leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 26 agus an 27 Meitheamh 2025 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte. Tá sé beartaithe ag ceannairí an Aontais an méid seo a phlé:

  • cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
  • a bhfuil tarlaithe le déanaí sa Mheánoirthear
  • slándáil agus cosaint na Eorpa
  • an tAontas sa domhan mór
  • an t-iomaíochas
  • an imirce

Leanfar den obair ullmhúcháin ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an 24 Meitheamh 2025.

An sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Ghlac na hairí an seasamh caibidlíochta ón gComhairle (cur chuige ginearálta) maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) an Aontais a shimpliú. Is mar chuid de phacáiste simplithe ‘Omnibus I’ an Choimisiúin, mar a thugtar air, an simpliú sin.

Tá sé mar aidhm leis an togra seo an rialachán maidir le SCCT a shimpliú agus cost-éifeachtúlacht a chomhlíontachta a fheabhsú, gan a spriocanna aeráide a chur i mbaol, ós rud é go mbeadh thart ar 99% d’astaíochtaí leabaithe in earraí SCCT allmhairithe fós cumhdaithe. Is é an aidhm fhoriomlán an t-ualach rialála agus riaracháin a laghdú, chomh maith leis na costais chomhlíontachta a laghdú ar chuideachtaí an Aontais, go háirithe FBManna.

An Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis

Phléigh an Chomhairle an iarraidh ón Spáinn an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a áireamh i Rialachán Uimh 1/1958 a rialaíonn teangacha údaraithe an Aontais.

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí a bhí cuiditheach agus chinn siad leanúint den obair ar an iarraidh ón Spáinn Rialachán Uimh. 1 a leasú. Coinneoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta súil ghéar ar an ábhar sin.

Nós imeachta Airteagal 7 maidir leis an Ungáir

Thionóil an Chomhairle éisteacht maidir leis an Úngáir mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE. Ba é seo an t-ochtú héisteacht maidir leis an Ungáir a bhí mar chuid den nós imeachta sin. Cumhdaíodh ann na saincheisteanna go léir a tarraingíodh anuas sa tograréasúnaithe ó Pharlaimint na hEorpa i mí Mheán Fómhair 2018, lenar cuireadh tús leis an nós imeachta. Léargas cothrom le dáta a thabhairt don Chomhairle ar an staid san Ungáir a bhí i gceist leis seo.

Díríodh sa phlé go háirithe ar fheidhmiú an chórais bhunreachtúil agus ar shrianta agus ceartúcháin, ar chomhrac an éillithe, ar chosaint an spáis shibhialta, ar shaoirse acadúil agus saoirse na meán, agus ar chosaint chearta LGBTQI san Ungáir.

An t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Phléigh na hairí staid an smachta reachta sa tSlóvaic, sa tSualainn agus sa Bheilg mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta.

I gcás gach Ballstáit, chuir an Coimisiún príomhthorthaí na caibidle tírshonracha faoi seach i láthair ina thuarascáil 2024 maidir leis an smacht reachta. Ina dhiaidh sin, chuir an Ballstát lenar bhain i láthair na príomhfhorbairtí náisiúnta mar aon le gnéithe ar leith dá chreat náisiúnta maidir leis an smacht reachta. Bhí babhta barúlacha agus ceisteanna ann ina dhiaidh sin inar roinn toscaireachtaí eile a dtaithí agus dea-chleachtas maidir leis na forbairtí a luadh.

Conclúidí maidir le hathléimneacht dhaonlathach an Aontais a neartú

Tráth a bhfuil dúshláin thromchúiseacha roimh dhaonlathais an Aontais, mhol Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh tacar conclúidí a ullmhú maidir le hathléimneacht dhaonlathach an Aontais a neartú. Ós rud é nach raibh comhthoil ann maidir leis an téacs, chinn an Uachtaránacht conclúidí ón Uachtaránacht a eisiúint bunaithe ar na dréachtchonclúidí a cuireadh faoi bhráid na n-airí ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta. Cuireann na conclúidí leis an tionscnamh atá ar na bacáin ón gCoimisiún maidir le Sciath Eorpach an Daonlathais.

Is é is aidhm do na conclúidí acmhainneacht an Aontais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha maidir le hathléimneacht dhaonlathach. Leagann siad béim ar a thábhachtaí atá an cur chuige uile-shochaí, ar an ról ríthábhachtach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leagann siad béim freisin ar an ngá atá le cistiú iomchuí le haghaidh bearta chun an athléimneacht dhaonlathach a neartú. Áirítear ar ghnéithe eile de na conclúidí an gá atá le tacú leis an daonlathas trí chláir oideachais shibhialta, cibirfheachtais agus feachtais litearthachta sna meáin agus na meáin neamhspleácha, an tábhacht a bhaineann le toghcháin chóra agus an gá atá le bearta chun freagairt go gníomhach d’ionramháil agus do chur isteach eachtrach ar fhaisnéis, lena n-áirítear an bhréagaisnéis.

Aon ghnó eile

Deireadh a chur leis an maoiniú do Radio Free Europe

Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir toscaireacht na Seice nuashonrú ar fáil maidir leis an staid reatha i ndáil le maoiniú Radio Free Europe/Radio Liberty agus céimeanna breise a d’fhéadfadh a bheith ann.

Todhchaí na hEorpa agus athléimneacht dhaonlathach an Aontais

Ag bricfeasta neamhfhoirmiúil, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoi ábhar na hathléimneachta, agus, le linn lón neamhfhoirmiúil, chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoin ullmhúchán leanúnach don Sciath Eorpach don Daonlathas.

Míreanna ‘A’

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, an rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE), cinneadh lena seoltar an séú sraith de thionscadail faoin mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO), agus an rialachán athbhreithnithe maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin paisinéirí agus veaineanna.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Lúnasa 2025