"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le próiseas méadaithe an Aontais agus d’fhormheas siad conclúidí ón gComhairle maidir le méadú.
Cumhdaítear sna conclúidí ón gComhairle na sé chomhpháirtí de chuid na mBalcán Thiar, an Tuirc, an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia. Déantar measúnú ar an staid i gcás gach ceann de chomhpháirtithe an Aontais agus leagtar amach treoirlínte maidir leis na tosaíochtaí athchóiriúcháin.
Sna conclúidí ón gComhairle maidir le méadú, cuirtear in iúl go soiléir go dtacaímid le hiarrachtaí na gcomhpháirtithe dul chun cinn a dhéanamh ar chonair an aontachais, bunaithe ar phrionsabal na dtuillteanas dílis. Bhí méadú cothrom inchreidte ina phríomhthosaíocht ag Uachtaránacht na hUngáire, agus is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil dlús á chur athuair leis an bpróiseas agus go ndearnadh dul chun cinn suntasach le linn ár sainordaithe. Tabharfaidh na conclúidí sin spreagadh láidir don mhéadú sna Balcáin Thiar agus níos faide i gcéin sna blianta atá le teacht.
János Bóka, Aire na hUngáire um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a neartú. Rinneadh an plé i bhfianaise na hoibre ullmhúcháin ar an leibhéal teicniúil chun féachaint an bhféadfaí an caidreamh leis an Ríocht Aontaithe a dhoimhniú agus bunphrionsabail atá leagtha síos ag na Ríochta Aontaithe á gcur san áireamh freisin.
Le linn an phlé, ba dhíol sásaimh do na hairí gur mian leis an Ríocht Aontaithe feabhas a chur ar an gcomhar straitéiseach leis an Aontas agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé oibriú leis an Ríocht Aontaithe mar chomhpháirtí agus mar chomhghuaillí atá ar aon intinn léi, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Chuir siad in iúl go bhfuil siad faoi réir le machnamh a dhéanamh ar smaointe nithiúla ón Ríocht Aontaithe chun cur leis an gcomhar atá ann cheana, ag obair de mheon pragmatach i gcomhréir le cur chuige pacáiste, faoi threoir na gcroíphrionsabail a leag an Chomhairle Eorpach amach in 2017.
Sa chomhthéacs sin, leag siad béim go háirithe ar an ngá atá le cóimheá idir cearta agus oibleagáidí agus comhleanúnachas le caidreamh an Aontais le tríú tíortha eile a áirithiú, chomh maith le doroinnteacht na gceithre shaoirse agus neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais. Mheabhraigh siad freisin gur gá na comhaontuithe atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán agus go dílis mar bhonn daingean riachtanach don chlár oibre a bheidh ann amach anseo, agus an gá atá le treoir pholaitiúil ón gComhairle sa phróiseas sin a chinntiú.
Mheas na hairí go raibh gá le dlúthchomhar leis an Ríocht Aontaithe mar gheall ar an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, agus tús áite á thabhairt don bheartas eachtrach agus slándála. Luadh roinnt réimsí tosaíochta eile sa phlé, mar shampla, malartuithe ógra, iascach agus fuinneamh, a mheastar a bheith ríthábhachtach chun an chomhpháirtíocht leis an Ríocht Aontaithe a fhorbairt.
D’fhéadfaí plé a dhéanamh freisin ar réimsí eile, mar shampla, an Córas Trádála Astaíochtaí a nascadh, chomh maith le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, faoi réir na bprionsabal a d’fhormheas an Chomhairle Eorpach in 2017.
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na hairí faoin gcaibidlíocht maidir le pacáiste leathan beart arb é is aidhm dóibh an caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Eilvéis a nuachóiriú agus a dhoimhniú.
I measc phríomhghnéithe an phacáiste atá faoi chaibidil tá an méid a leanas:
forálacha institiúideacha maidir le státchabhair a chuimseofar i gcomhaontuithe atá ann cheana agus a dhéanfar amach anseo leis an Eilvéis maidir leis an margadh inmheánach
comhaontú lena gceadaítear don Eilvéis a bheith rannpháirteach i gcláir an Aontais, Fís Eorpach san áireamh
comhaontú maidir le ranníocaíocht bhuan airgeadais na hEilvéise le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch san Aontas
comhaontuithe leictreachais, sábháilteachta bia agus sláinte
Le linn an phlé, ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn a rinneadh sa chaibidlíocht agusd’iarr siad ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí iad a thabhairt chun críche go rathúil faoi dheireadh 2024.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le Todhchaí na hEorpa, inar díríodh ar an gcaibidil dar teideal ‘Rialachas a neartú’ den tuarascáil ó Mario Draghi ar Thodhchaí an Iomaíochais Eorpaigh. Cuirtear i láthair sa chaibidil sin roinnt breithnithe agus tograí sonracha a bhaineann le leagan amach agus feidhmiú institiúideach an Aontais, arb é is aidhm dóibh obair a athdhíriú ar na réimsí ina bhfuil an breisluach is mó ag baint le gníomhaíocht an Aontais, dlús a chur leis an obair i réimsí tosaíochta, agus rialacha a shimpliú.
Le linn an phlé, leag na hairí béim ar an ngá atá le reachtaíocht an Aontais a shimpliú agus an t-ualach rialála ar ghnólachtaí a laghdú, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide. Thacaigh siad freisin le próisis an Aontais a chuíchóiriú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr chun a chuspóirí iomaíochais a bhaint amach ar bhealach níos fearr.
Cé go rabhthas i bhfabhar féachaint ar na roghanna uile sna Conarthaí chun an tAontas a dhéanamh níos solúbtha, agus go raibh roinnt airí i bhfabhar vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú chuig níos mó réimsí, chuir airí eile forchoimeádais in iúl, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé aontacht an Aontais a choinneáil agus ábhair imní na mBallstát i limistéir íogaire á gcur san áireamh.
Thug an Uachtaránacht forléargas freisin ar na díospóireachtaí a tionóladh i bhfoirmíochtaí éagsúla na Comhairle i ndáil lena bhfuil i ndán do roinnt beartas de chuid an Aontais.
D’fhormhuinigh an Chomhairle an clár 18 mí uaithi, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
Is iad an Pholainn, an Danmhairg agus an Chipir ina gcáil mar Uachtaránachtaí inteachta, agus an tArdionadaí don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, i gcomhar leis an gCoimisiún, a d’ullmhaigh an clár.
Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid mar atá maidir le bunú an chomhlachta eitice idirinstitiúidigh agus maidir leis an bplé a rinne an Chomhairle ar an tuarascáil ó Sauli Niinistö maidir le hullmhacht shibhialta agus mhíleata na hEorpa a neartú.
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí don Chomhairle faoin gcaibidlíocht i ndáil leis an athbhreithniú ar Chreat-Chomhaontú 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.