Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 26 Feabhra 2026

Na príomhthorthaí

D’fhormheas na hairí atá freagrach as beartais chomhtháthaithe conclúidí maidir le Clár Oibre AE le haghaidh na gCathracha agus bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ónathbhreithniú meántéarma ar bheartas comhtháthaithe 2021-2027.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Le linn an chruinnithe tháirgiúil seo, d’fhormheasamar conclúidí maidir le clár oibre nua an Aontais le haghaidh na gcathracha, ar príomhghné dár mbeartas maidir le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach é. Ina dhiaidh sin, phléamar ár dtaithí agus ár ndea-chleachtais maidir leis an athbhreithniú meántéarma a rinneadh ar an mbeartas comhtháthaithe, rud a chuir go mór leis an bplé leanúnach do bhuiséad fadtéarmach an Aontais amach anseo inar cheart an beartas sin a choinneáil mar phríomhthosaíocht.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire

Clár oibre AE le haghaidh na gcathracha

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le clár oibre AE le haghaidh na gCathracha mar obair leantach ar an teachtaireacht ábhartha ón gCoimisiún a tíolacadh an 3 Nollaig 2025. Leagtar béim sna conclúidí ar a thábhachtaí atá cathracha, mar aon lena limistéir uirbeacha fheidhmiúla, ó thaobh an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh de, agus ar a ról maidir leis an gcuimsiú sóisialta, an t-iomaíochas agus an nuálaíocht a chur chun cinn. Meabhraítear sna conclúidí ón gComhairle a thábhachtaí atá sé tacaíocht fhadtéarmach a áirithiú don fhorbairt uirbeach chomhtháite, ag tógáil ar an méid a baineadh amach sa tréimhse reatha, mar a thuairiscítear i gClár Oibre AE le haghaidh na gcathracha.

An t-athbhreithniú meántéarma ar bheartas comhtháthaithe 2021-2027

Bunaithe ar nóta stiúrtha a thíolaic an Uachtaránacht, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón athbhreithniú meántéarma ar bheartas comhtháthaithe an Aontais 2021-2027.

Phléigh na hairí an chaoi a bhféadfaí dreasachtaí agus solúbthachtaí a cheapadh do tréimhse 2028-2034 chun tuilleadh nirt a chur le hailíniú an bheartais comhtháthaithe le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, lena n-áirítear an t-iomaíochas. I bhfianaise an taithí a fuarthas leis an athbhreithniú meántéarma, phléigh na hairí, sa chreat clársceidealaithe a bheidh ann amach anseo, an chaoi leis an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir dóthain ama a chur ar fáil le haghaidh machnamh straitéiseach agus cur chun feidhme tapa a áirithiú, go háirithe i dtréimhsí athraithe eacnamaíoch agus gheopholaitiúil.

Ina theannta sin, agus i bhfianaise raon feidhme níos leithne na n-infheistíochtaí agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe nua, phléigh an Chomhairle na ceachtanna is féidir a fhoghlaim ón athbhreithniú meántéarma maidir le hacmhainneacht riaracháin agus cur chun feidhme a neartú chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit agus na réigiúin uile tairbhe éifeachtach a bhaint as an mbeartas comhtháthaithe amach anseo. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh na hairí gur gá an comhtháthú a choinneáil i gcroílár bheartais an Aontais agus ceanglais an Chonartha á n-urramú go hiomlán d’fhonn dolúbthachtaí a sheachaint as ar eascair leasuithe reachtacha leanúnacha agus athbheartú tosaíochtaí.

Míreanna eile

Leag toscaireachtaí na Liotuáine, na hEastóine agus na Laitvia béim ar a thábhachtaí atá an teachtaireacht ón gCoimisiún a cuireadh i láthair an 18 Feabhra 2026 darb ábhar réigiúin teorann an Oirthir.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Márta 2026