"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Lean na hairí atá freagrach as gnóthaí Eorpacha leis na hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí na Nollag 2025 trí dhréachtchonclúidí a phlé. Phléigh an Chomhairle Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 agus rinne sí a marana ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le méadú an Aontais. Chuir an Coimisiún i láthair a chuid tuarascálacha maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú don bhliain 2025, agus bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí. D’fhormheas an Chomhairle an dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais le haghaidh 2026. Chuir Uachtaránacht na Danmhairge agus Uachtaránacht inteachta na Cipire an treochlár do sheimeastar Eorpach 2026 i láthair.
Le linn Uachtaránacht na Danmhairge, rinneamar dul chun cinn maith maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 a bheidh níos simplí, níos solúbtha agus níos éifeachtaí. Rinneamar dul chun cinn freisin maidir le clár oibre simpliúcháin an Aontais chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais agus chun an saol a dhéanamh níos éasca dár ngnólachtaí agus dár saoránaigh. Agus rinneamar dul chun cinn maidir leis an gclár oibre um méadú — go háirithe i ndáil leis an Úcráin, an Mholdóiv, an Albáin agus Montainéagró. Ar an drochuair, níorbh fhéidir conclúidí ón gComhairle a ghlacadh toisc Ballstát amháin a bheith ag cur bac air sin ach thug 26 Bhallstát comhartha soiléir láidir maidir leis an mbealach chun cinn do na tíortha uile ar mian leo a bheith ina mBallstáit. Is faoi Uachtaránacht na Cipire atá sé anois leanúint den obair sin ar ár n-iarracht chomhchoiteann aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin mhóra gheopholaitiúla atá le tabhairt ag an Aontas.
Marie Bjerre, Aire Gnóthaí Eorpacha na Danmhairge
Ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí an Nollag
Lean an Chomhairle de bheith ag ullmhú don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl i mí na Nollag 2025 trí dhréachtchonclúidí a phlé. Meastar go bpléifidh na ceannairí an méid a leanas:
Bhí an ceathrú díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le CAI an Aontais do 2028-2034.
Díríodh an plé ar an gcéad bhosca caibidlíochta. Is é is aidhm don doiciméad sin, arb í Uachtaránacht na Danmhairge a bhí freagrach as a ullmhú, gnéithe a shainaithint le go ndéanfar breithniú polaitiúil orthu agus an plé a dhéanfaidh ceannairí an Aontais orthu sin (gan figiúirí a bheith i gceist) a éascú in oirchill Chomhairle Eorpach mhí na Nollag 2025. Ba cheart an bosca caibidlíochta a bheith ina bhonn freisin don chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo idir na Ballstáit ar an leibhéal teicniúil.
Thug an Chomhairle dá haire freisin na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le CAI, maidir leis an dréachtrialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Iomaíochas, maidir leis an dréachtrialachán maidir le pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí agus maidir leis an dréachtrialachán lena mbunaítear ionstraim ‘An Eoraip Dhomhanda’.
Bhí seisiún tuairimí ag na hairí maidir le beartas an Aontais um méadú. Rinne an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le próiseas an mhéadaithe agus d’eisigh an Uachtaránacht conclúidí, le tacaíocht pholaitiúil ó 26 Bhallstát, ina leagtar amach tosaíochtaí polaitiúla, ina ndéantar measúnú ar an staid i ngach ceann de chomhpháirtithe an Aontais agus ina leagtar amach treoirlínte le haghaidh tuilleadh athchóirithe.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
I bhfianaise an phlé a rinneadh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta an 17 Samhain 2025, d’fhormheas an Chomhairle dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2026 mar aon leis an liosta de thograí tosaíochta a ghabhann leis. Iarrfar ar uachtaráin na dtrí institiúid (Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach) an dearbhú comhpháirteach sin a shíniú ar imeall an chruinnithe a bheidh ag an gComhairle Eorpach i mí na Nollag.
Tuarascálacha ar shimpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú
Chuir an Coimisiún i láthair a thuarascáil bhliantúil forléargais maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú, chomh maith leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú a mhéid a bhaineann le méadú agus Comharsanacht an Oirthir agus i réimse an chomhtháthaithe agus na n-athchóirithe. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí ar bhonn na dtuarascálacha sin.
Chuir Uachtaránacht na Danmhairge agus Uachtaránacht inteachta na Cipire an treochlár do Sheimeastar Eorpach 2026 i láthair. Tá an treochlár roinnte ina dhá chéim: leis an gcéad chéim, cumhdaítear go mionsonraithe an tréimhse go dtí Comhairle Eorpach mhí an Mhárta, agus leis an dara céim, ina dtugtar eolas níos táscaí, cumhdaítear an tréimhse idir cruinnithe na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2026. Cuireadh tús le timthriall bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh an 25 Samhain, tráth a chuir an Coimisiún i láthair Pacáiste an Fhómhair, inar iarradh ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht na hEorpa a fheabhsú.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir toscaireachtaí na Fraince, na hÉireann agus na Spáinne an Chomhairle ar an eolas maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Macra-Atlantach (EUSMAR).
Le linn lón neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí a gcuireann beartas comhtháthaithe an Aontais le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle cinneadh, gan phlé, lena n-údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis na Stáit Aontaithe faoi chreat-chomhaontú maidir le malartú cómhalartach faisnéise um fhíorú slándála agus céannachta i dtaca le nósanna imeachta teorann agus iarratais ar víosaí. D’fheidhmeodh an creat-chomhaontú sin — ach a ndéanfar é a chaibidil — mar chúlra dlíthiúil do chaibidlíocht dhéthaobhach na mBallstát leis na Stáit Aontaithe maidir le comhaontuithe malartaithe faisnéise. Tá na comhaontuithe sin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta á ndéanamh i gcomhthéacs iarrachtaí na Stát Aontaithe ‘comhpháirtíochtaí feabhsaithe slándála teorann’ a thabhairt i gcrích le tíortha atá rannpháirteach i gclár tarscaoilte víosaí na Stát Aontaithe.
Maidir leis an gcuntasacht, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le síniú an Choinbhinsiúin lena mbunaítear an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin. Is é atá sa Choimisiún comhlacht riaracháin a dhéanann athbhreithniú, measúnú agus cinntí ar éilimh ar chúiteamh as damáiste, caillteanas nó díobháil arb é is cúis leo gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta a rinne Cónaidhm na Rúise san Úcráin ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.