Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 17 Márta 2026

Na príomhthorthaí

Lean na hairí atá freagrach as gnóthaí Eorpacha den ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta trí dhréachtchonclúidí a phlé, bhí díospóireacht bheartais acu maidir le gnéithe rialachais den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile 2028-2034 agus dhírigh siad ar Sheimeastar Eorpach 2026.

<p>Marilena Raouna, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Phoblacht na Cipire</p>

Sa tréimhse roimh an gComhairle Eorpach a thionólfar níos déanaí an tseachtain seo, agus i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil suntasach, tá dlús á chur ag Uachtaránacht na Cipire lena hiarrachtaí Eoraip níos iomaíche a chur chun cinn agus buiséad fadtéarmach a bheith ag an Aontas a bheidh oiriúnach don todhchaí. Táimid dírithe ar thorthaí i gcónaí agus muid ag obair i dtreo Aontas a bheidh níos láidre agus níos athléimní, a bheidh in ann gníomhú go neamhspleách ach a bheidh oscailte don domhan ag an am céanna.

<p>Marilena Raouna, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Phoblacht na Cipire</p>

Marilena Raouna, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Phoblacht na Cipire

Ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta

Lean an Chomhairle den ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta trí phlé a dhéanamh ar na dréachtchonclúidí. Meastar go bpléifidh na ceannairí an méid a leanas:

  • cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
  • a bhfuil tarlaithe le déanaí sa Mheánoirthear
  • iomaíochas agus an margadh aonair
  • an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile 2028-2034
  • cosaint agus slándáil na hEorpa
  • an imirce
  • an t-iltaobhachas

An Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI)

Le linn seisiún poiblí, bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an gcéad CAI eile 2028-2034 inar dhírigh siad ar ghnéithe rialachais. Is é CAI buiséad fadtéarmach an Aontais, lena gcumhdaítear tréimhse seacht mbliana.

Ó cuireadh na tograí ón gCoimisiún i láthair i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2025, leanadh den obair laistigh den Chomhairle ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon d’fhonn teacht ar chomhaontú d’aon toil idir na Ballstáit faoi dheireadh 2026. Leis na tograí ón gCoimisiún, cuireadh struchtúr níos cuíchóirithe chun cinn ná mar a bhí le feiceáil sna creataí roimhe seo, le líon laghdaithe ceannteideal agus clár. Leis an struchtúr atá beartaithe, foráiltear freisin do sholúbthacht fheabhsaithe i gcláir CAI agus eatarthu trí shásraí ar nós féidearthachtaí athchlárúcháin, maoláin airgeadais, ionstraimí speisialta agus corrlaigh mhéadaithe neamh-leithdháilte.

Dá bhrí sin, bhí an díospóireacht ar rialachas thar a bheith tráthúil ós rud é gur cosúil go n-aontaíonn na Ballstáit faoi láthair go bhfuil gá le solúbthacht sa chéad CAI eile, agus intuarthacht leordhóthanach á háirithiú ag an am céanna d’infheistíochtaí fadtéarmacha. Le linn an phlé, agus bunaithe ar nóta stiúrtha ón Uachtaránacht, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na socruithe rialachais a bhaineann leis na trí phríomhchiste faoin gcéad CAI eile - is iad sin na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, an Ciste Eorpach um Iomaíochas, agus an ionstraim um an Eoraip Dhomhanda.

Ar leithligh uaidh sin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an gcéad CAI eile le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le linn lón neamhfhoirmiúil ar imeall na Comhairle.

An Seimeastar Eorpach

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le tuarascáil sintéise ar rannchuidiú na Comhairle le Seimeastar Eorpach 2026 agus chuir an Uachtaránacht treochlár nuashonraithe i láthair. Ina theannta sin chomhaontaigh an Chomhairle dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormhuiniú.

Pointí eile

D’ardaigh toscaireacht na Fraince tábhacht na n-acmhainní dílse nua sa chéad CAI eile, ach chuir toscaireacht na Spáinne an Chomhairle ar an eolas faoi threoirthionscadal maidir leis an gcóras fíoraithe aoise digitigh.

Le linn cruinnithe neamhfhoirmiúla as a chéile le linn an bhricfeasta, bhí seisiúin tuairimíochta ag na hairí maidir le hiarrachtaí athchóirithe agus lánpháirtíochta, rinne siad a marana ar na torthaí a baineadh amach go dtí anois agus roinn siad machnamh ar na chéad chéimeanna eile le Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine, Taras Kachka, agus le Leas-Phríomh-Aire na Moldóive, Cristina Gherasimov.

Ar deireadh, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú, gan phlé, maidir le cinneadh lena leasaítear an ionstraim Eorpach um Thoghcháin maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach. Tugtar isteach leis an leasú sin an deis seachvótáil a dhéanamh i seisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa, tacú le cothromaíocht oibre agus saoil agus comhionannas inscne a chur chun cinn trína chur ar chumas na bhFeisirí a sainorduithe a fheidhmiú go hiomlán sna tréimhsí díreach roimh bhreith linbh agus díreach ina diaidh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Márta 2026