"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
D’éist na hairí atá freagrach as gnóthaí Eorpacha le cur i láthair maidir le tosaíochtaí Uachtaránacht na Cipire le haghaidh an tseimeastair atá amach romhainn. I gcomhthéacs an idirphlé bhliantúil ar an smacht reachta, bhí plé tírshonrach ag an gComhairle maidir le staid an smachta reachta san Eastóin, sa Danmhairg, sa Ghréig agus sa Spáinn, agus bhí seisiún tuairimíochta aici maidir leis an Sciath Eorpach don Daonlathas.
Ag an gcéad chruinniú seo den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta faoi Uachtaránacht na Cipire, bhí deis agam ár dtosaíochtaí le haghaidh an tseimeastair atá romhainn a chur i láthair. I bhfianaise na ndúshlán eisceachtúil a bhaineann leis an timpeallacht gheopholaitiúil, oibreoimid chun uathriail straitéiseach an Aontais a chur chun cinn agus ról an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú, agus béim shoiléir á leagan ar an tslándáil, ar an ullmhacht cosanta, ar an iomaíochas agus ar an gcomhtháthú sóisialta.
An méid a rinneadh inniu maidir leis an smacht reachta, is athdhearbhú é ár dtiomantas d’Aontas uathrialach atá fothaithe ar luachanna comhroinnte — Aontas nach bhfágann aon duine ar lár. Ar ndóigh, tabharfar tús áite don dul chun cinn maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile inár gclár oibre i gcónaí. Beidh an méadú, an simpliú, an smacht reachta agus luachanna daonlathacha, mar aon leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ar na príomhthosaíochtaí a dtabharfar aghaidh orthu sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta.
Marilena Raouna, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha na Cipire
Tosaíochtaí na hUachtaránachta
D’éist an Chomhairle le cur i láthair maidir le tosaíochtaí Uachtaránacht na Cipire le haghaidh a téarma oifige agus bhí deis ag na hairí a mbarúlacha a thabhairt.
Faoin mana ‘Aontas féinrialaitheach – oscailte don domhan’, oibreoidh Uachtaránacht na Cipire lena chinntiú go ndéanfar deiseanna de na dúshláin atá le sárú ag an Aontas faoi láthair agus go mbeidh gníomhaíochtaí agus torthaí nithiúla ann a thiocfaidh le huaillmhian an Aontais, agus na tosaíochtaí a leanas mar bhonn leis sin:
uathriail tríd an tslándáil, an ullmhacht cosanta agus an ullmhacht i gcoitinne
uathriail tríd an iomaíochas
Aontas uathrialach atá oscailte don domhan
Aontas uathrialach atá fothaithe ar luachanna agus nach bhfágann aon duine ar lár
buiséad fadtéarmach le haghaidh Aontas féinrialaitheach
Maidir le foirmíocht na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, is ar an méid a leanas a dhíreofar a cuid oibre: a chinntiú go mbeidh buiséad an Aontais cothrom agus réamhbhreathnaitheach; clár oibre an Aontais um shimpliú a thabhairt chun cinn; bunluachanna an Aontais, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn; muinín na saoránach sa tionscadal Eorpach a threisiú agus an athléimneacht dhaonlathach a neartú; dul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir le próiseas an mhéadaithe; an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a fheabhsú a thuilleadh; agus an comhar le tíortha CSTE agus le comhpháirtithe eile in iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad a neartú.
I gcomhthéacs an idirphlé bhliantúil ar an smacht reachta, bhí plé tírshonrach ag na hairí inar díríodh ar staid an smachta reachta san Eastóin, sa Danmhairg, sa Ghréig agus sa Spáinn.
Ba é sin an chéad bhabhta den phlé tírshonrach i mbliana. I dtús báire, i gcás gach tíre, chuir an Coimisiún príomhthorthaí na caibidle tírshonraí ábhartha i láthair sa tuarascáil uaidh maidir leis an smacht reachta le haghaidh na bliana 2025. Ina dhiaidh sin, chuir na toscaireachtaí ábhartha na príomhfhorbairtí náisiúnta i láthair mar aon le gnéithe ar leith dá gcreat náisiúnta maidir leis an smacht reachta. Bhí babhta barúlacha agus ceisteanna ann ansin inar roinn toscaireachtaí eile a dtaithí agus dea-chleachtais maidir leis na forbairtí a luadh. Tar éis an bhabhta sin, bhí deis ag an toscaireacht a raibh a staid á plé barúlacha breise a thabhairt.
Le linn lón oibre, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an Sciath Eorpach don Daonlathas. Mar aon le straitéis an Aontais um an tsochaí shibhialta, tá an Sciath don Daonlathas ina cuid den ‘phacáiste Daonlathais’ a chuir an Coimisiún i láthair an 12 Samhain 2025. Ba cheart na gníomhaíochtaí a fógraíodh sa tionscnamh a chur chun feidhme de réir a chéile faoi 2027.
Is é is aidhm don Sciath don Daonlathas cur chuige straitéiseach a chur ar fáil chun an daonlathas a chosaint, a neartú agus a chur chun cinn san fhadtéarma. Tá na gníomhaíochtaí atá á mbeartú rangaithe de réir trí réimse: an fheasacht staide a threisiú agus tacú leis an acmhainneacht freagartha chun sláine an spáis faisnéise a chosaint; institiúidí daonlathacha, saorthoghcháin chóra agus meáin shaora a neartú agus borradh a chur faoi athléimneacht na sochaí agus rannpháirtíocht na saoránach. Ina theannta sin, moltar sa tionscnamh go mbunófaí Lárionad Eorpach um an Athléimneacht Dhaonlathach agus luaitear cistiú ón Aontas chun ‘infheistíocht a dhéanamh sa daonlathas’ mar chuid de thogra an Choimisiúin le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile le haghaidh 2028-2034.
Sa chomhthéacs sin agus ar bhonn an nóta stiúrtha ón Uachtaránacht, phléigh na hairí na hábhair agus na gníomhaíochtaí ar cheart don Uachtaránacht tús áite a thabhairt dóibh agus obair á cur chun cinn aici sa Chomhairle maidir leis an Sciath Eorpach don Daonlathas a chur chun feidhme agus ar bhonn níos leithne chun an athléimneacht dhaonlathach a neartú.
Chuir toscaireachtaí na Fraince agus na Portaingéile an Chomhairle ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus thug an Spáinn faisnéis maidir le straitéis mhacrairéigiúnach an Aontais don Atlantach.
Ghlac an Chomhairle, gan phlé, an rialachán maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis píblíne agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) ón Rúis san Aontas, nó rialachán ‘REPowerEU’ mar a thugtar air. Áirítear sna rialacha nua freisin bearta maidir le faireachán agus éagsúlú éifeachtach a dhéanamh ar an soláthar fuinnimh. Is cloch mhíle thábhachtach é an rialachán chun cuspóir REPowerEU a bhaint amach, is é sin deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise.
Le linn bricfeasta neamhfhoirmiúil, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí le Bernd Lange, Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí i bParlaimint na hEorpa, maidir leis an simpliú agus an rialáil níos fearr.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.