- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada, 23 Meitheamh 2025
Na príomhthorthaí
Rinne António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an 20ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada, a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 23 Meitheamh 2025. Rinne an Príomh-Aire Mark Carney ionadaíocht ar Cheanada.
Deis a bhí sa chruinniú mullaigh feabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus Ceanada agus deis a thabhairt do na ceannairí a gcomhar a threisiú,i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ag athrú go tapa.
Táimid aontaithe agus é mar aidhm againn comhpháirtíocht uaillmhianach chuimsitheach nua a chruthú a fhreagróidh ar riachtanais an lae inniu, comhpháirtíocht a fhorbróidh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna amach anseo.
Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ó Cheanada
D’eisigh na ceannairí ráiteas comhpháirteach ag deireadh an chruinnithe mullaigh.
Chomhshínigh an tArdionadaí, Kaja Kallas, Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada, Anita Anand, agus Aire Cosanta Cheanada, David J. McGuinty, an Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta idir an tAontas agus Ceanada.
Geopholaitíocht
Dheimhnigh an tAontas agus Ceanada a dtiomantas don iltaobhachas agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus don chomhar chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur chun cinn mar chomhpháirtithe iontaofa freagracha.
Seasaimid go daingean le chéile chun tacú leis an tsíocháin, leis an gcobhsaíocht agus leis an rathúnas ar fud an domhain, lena n-áirítear san Úcráin, sa Mheánoirthear agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach.
Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ó Cheanada
D’athdhearbhaigh na ceannairí tiomantas buanseasmhach an Aontais agus Cheanada tacú leis an Úcráin, lena n-áirítear trí thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta, agus brú méadaitheach a chur ar an Rúis.
D’athdhearbhaigh siad freisin go dtacaíonn siad leis an Moldóiv, rud a chuireann feabhas ar athléimneacht na tíre, go háirithe i gcoinne na mbagairtí hibrideacha ón Rúis.
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin (eolas cúlra)
- An caidreamh idir an tAontas agus an Mholdóiv (eolas cúlra)
Thug na ceannairí aghaidh freisin ar phríomh-shaincheisteanna réigiúnacha eile, lena n-áirítear an géarú contúirteach sa Mheánoirthear. D’athdhearbhaigh siad a dtiomantas do shos cogaidh buan láithreach in Gaza, do scaoileadh saor na ngiall uile agus d’atosú na cabhrach daonnúla ar mórscála gan bhac in Gaza. I bhfianaise na n-ionsaithe a rinne Iosrael ar an Iaráin agus fhreagairt na hIaráine, d’iarr siad ar gach taobh guaim a choinneáil orthu féin agus cloí leis an dlí idirnáisiúnta. Chuir siad i dtábhacht freisin gurb é réiteach taidhleoireachta an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le clár núicléach na hIaráine.
- Seasamh an Aontais maidir leis an staid sa Mheánoirthear (eolas cúlra)
- Iosrael/an Iaráin: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh (preaseisiúint, an 14 Meitheamh 2025)
Dúirt na ceannairí go neamhbhalbh freisin gur limistéar dlúthchomhair é an tArtach chun an tsíocháin, an tslándáil, an chobhsaíocht agus an fhorbairt inbhuanaithe a chothú, agus cearta na bpobal dúchasach á n-urramú go hiomlán.
An geilleagar agus trádáil
Is é an tAontas an dara comhpháirtí trádála is mó atá ag Ceanada.
Tháinig méadú 65% ar an trádáil dhéthaobhach in earraí le Ceanada tar éis chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA), idir 2017 agus 2024, agus shroich sí €75.6 billiún in 2024, méadú ó €46 bhilliún in 2016.
Ag an gcruinniú mullaigh, thug na ceannairí gealltanas go gcuirfidís tuilleadh feabhais ar an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus Ceanada agus go n-oibreoidís i dtreo CETA a dhaingniú agus a chur chun feidhme go hiomlán.
D’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais agus Cheanada go bhfuil siad tiomanta do thrádáil inbhuanaithe, chothrom agus oscailte, bunaithe ar rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, rud atá fíor-riachtanach chun cobhsaíocht eacnamaíoch dhomhanda a choinneáil ar bun agus chun athléimneacht an tslabhra soláthair a chosaint.
Is tosaíocht fhrithpháirteach é slabhraí soláthair iontaofa agus inbhuanaithe a áirithiú agus is chun an leasa choitinn é ár slabhraí soláthair agus ár n-infheistíocht straitéiseach a éagsúlú.
Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ó Cheanada
An trádáil dhigiteach
Chuir na ceannairí in iúl freisin go bhfuil siad tiomanta leanúint de bheith ag obair le chéile ar shaincheisteanna beartais dhigitigh agus beartais teicneolaíochta, chomh maith leis an caidreamh déthaobhach trádála digití a neartú.
Tosóidh an tAontas agus Ceanada ag obair ar Chomhaontú Trádála Digití lena gcomhlánófaí CETA agus lena dtabharfaí aghaidh ar na bearnaí sa trádáil idir an tAontas agus Ceanada i dtaobh ábhair dhigiteacha nach gcumhdaítear faoi CETA.
D’fhéach na ceannairí freisin le borradh a chur faoin gcomhar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- a ligean do Cheanada páirt a ghlacadh i Monarchana IS an Aontais
- a mbonneagar ríomhaireachta ardfheidhmíochta a nascadh
- an comhar taighde a dhoimhniú i réimsí straitéiseacha teicneolaíochta mar shampla an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach
- caighdeáin ina réimse rialála a ailíniú
- ardáin ar líne a dhéanamh níos sábháilte agus níos cuimsithí
- córais intleachta saorga iontaofa a fhorbairt
An trádáil idir an tAontas agus Ceanada: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Amhábhair chriticiúla
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an fógra a rinneadh le déanaí i dtaca le tionscadal straitéiseach Cheanada maidir le nicil faoi ghníomh an Aontais um amhábhair chriticiúla agus d’fhógair siad go bhfuil obair ar bun chun deiseanna comhinfheistíochta a shainaithint. Ag tógáil ar an gcomhpháirtíocht straitéiseach maidir le hamhábhair idir an tAontas agus Ceanada, a seoladh in 2021, chomhaontaigh na ceannairí deiseanna a fhiosrú chun sreabhadh dhá threo na n-infheistíochtaí agus an tsaineolais maidir le hamhábhair a éascú.
Ba dhíol sásaimh dóibh freisin plean gníomhaíochta domhanda G7 maidir le mianraí criticiúla a comhaontaíodh faoi Uachtaránacht Cheanada.
An gníomh um amhábhair chriticiúla (Grafaic faisnéise)
An tslándáil agus an chosaint
Léiríonn an comhar seanbhunaithe idir an tAontas agus Ceanada a dtiomantas comhpháirteach don tsíocháin agus don tslándáil.
Cuideoidh an Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta, ar comhpháirtíocht nua uaillmhianach idir an tAontas agus Ceanada é, le hidirphlé déthaobhach agus comhar déthaobhach a cheapadh agus a dhoimhniú maidir le roinnt gnóthaí slándála agus cosanta, lena n-áirítear:
- tionscnaimh chosanta
- tacaíocht don Úcráin
- an tsíocháin idirnáisiúnta agus bainistiú géarchéime
- an tsoghluaisteacht mhíleata agus inoibritheacht mhíleata
- an tslándáil mhuirí
- cibircheisteanna
- bagairtí hibrideacha, ullmhacht agus athléimneacht
- rialú arm, neamhleathadh agus dí-armáil
- an tslándáil spáis
- teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha
- gnéithe seachtracha den tslándáil eacnamaíoch
- idirghabháil síochána agus cosc coinbhleachtaí
Tá ár slándáil idirnasctha agus idirspleách. Níl an tslándáil teoranta do shaincheisteanna traidisiúnta míleata agus cosanta. Tá an tslándáil ag éirí níos ilghnéithí, idir chibearbhagairtí, bagairtí teicneolaíochta agus bagairtí hibrideacha ag teacht chun cinn agus ag athrú go tapa, cúrsaí muirí agus cianspáis, agus chosaint an bhonneagair chriticiúil, an athléimneacht shóisialta agus an tslándáil eacnamaíoch.
An Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta idir an tAontas agus Ceanada
Tá an tAontas agus Ceanada tiomanta dá gcomhar maidir leis an tslándáil agus an chosaint a mhéadú, lena gcuimsítear an comhar oibríochtúil láidir i gcomhthéacs mhisin agus oibríochtaí CBSC an Aontais.
Is ionstraimí saincheaptha neamhcheangailteacha polaitiúla iad na Comhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta atá ceaptha chun an comhar déthaobhach slándála agus cosanta a éascú agus a fheabhsú. Is í an Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta idir an tAontas agus Ceanada an t-ochtú comhpháirtíocht sa réimse sin a bunaíodh idir an tAontas agus tríú tír.
ECAT
I gcás Cheanada agus na mBallstát sin de chuid an Aontais ar comhghuaillithe ECAT iad, is é ECAT bunchloch a gcosanta comhchoitinne i gcónaí.
Leagann an Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta idir an tAontas agus Ceanada béim freisin ar a thábhachtaí atá sé an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus ECAT a dhoimhniú.
Comhar earnálach
Is tús é seo le hiarracht fhadtéarmach a chuideoidh linn rathúnas comhroinnte, luachanna daonlathacha, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn.
Ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ó Cheanada
Ag an gcruinniú mullaigh, tháinig an tAontas agus Ceanada ar chomhaontú maidir le clár oibre uaillmhianach le haghaidh comhar níos dlúithe i raon leathan réimsí, lena n-áirítear:
- trádáil agus slándáileacnamaíoch
- iomaíochas agus athléimneacht
- comhar digiteach
- gníomhú ar son na haeráide agus fuinneamh
- bainistiú géarchéime
- ceartas agus gnóthaí baile
Cúlra
Tá an-chosúlacht idir an dearcadh atá ag Ceanada agus an dearcadh atá ag an Aontas agus tá Ceanada ar cheann de na comhpháirtithe is dlúithe atá ag an Aontas.
Tá Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (SPA) agus an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Eacnamaíocha agus Trádála (CETA) mar bhonn don chaidreamh idir an tAontas agus Ceanada.
Cuireadh go mór le geilleagair an dá thír agus tá comhpháirtíocht i bhfad níos dlúithe ann anois idir an tAontas agus Ceanada mar thoradh ar na comhaontuithe sin atá i bhfeidhm go sealadach ó mhí Aibreáin 2017.
- An Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas agus Ceanada (SEGS)
- An Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas agus Ceanada (an Coimisiún Eorpach)
Ag an gcruinniú idir ceannairí an Aontais agus Cheanada, a bhí ar siúl an 12 Feabhra 2025, leis an bPríomh-Aire Justin Trudeau ag an am, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé oibriú as láimh a chéile chun an tslándáil agus an chobhsaíocht eacnamaíoch dhomhanda a chur chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair. Chomhaontaigh na ceannairí freisin a thábhachtaí atá sé an trádáil a chothú agus a éagsúlú.
In St John’s, Ceanada, a bhí an cruinniú mullaigh roimhe seo idir an tAontas agus Ceanada ar siúl i mí na Samhna 2023.
Tionóladh an 20ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada freisin i gcomhthéacs Uachtaránacht reatha Cheanada ar G7 agus chruinniú mullaigh cheannairí G7 in Kananaskis le déanaí (an 16 go dtí an 17 Meitheamh), inar athdhearbhaigh na ceannairí go raibh siad aontaithe agus é mar chuspóir acu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda phráinneacha – ón gcobhsaíocht eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus an t-aistriú digiteach a neartú go dtí an tsíocháin agus an tslándáil a neartú, lena n-áirítear trí thacaíocht leanúnach don Úcráin.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
-
Carlo Zarcone Press officer
- +32 471 33 31 73
- +32 2 281 70 66
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Meitheamh 2025