Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 20/04/2015, 20 Aibreán 2015

Na príomhthorthaí

Ag seisiún comhpháirteach idir Airí Gnóthaí Baile agus Airí Gnóthaí Eachtracha, pléadh saincheisteanna imirce, tar éis na himeachtaí tragóideacha a thit amach sa Mheánmhuir le déanaí. Dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: "D'fhreagraíomar go láidir mar Aontas inniu do na tragóidí a chonaiceamar le laethanta beaga anuas. Ní mór dúinn gníomhú go tapa agus gníomhú as láimh a chéile."

D’aontaigh na hAirí an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a threisiú, gníomhaíocht an Aontais maidir le tarrtháil ar muir a neartú, agus tacaíocht do thíortha ar an líne thosaigh a fheabhsú chomh maith, trí athlonnú na ndídeanaithe a chomhroinnt.

As the Presidency we are committed to facilitate the implementation of both the measures identified today and the upcoming European Agenda on Migration. Rihards Kozlovskis, Latvian Minister for Interior

Fairis sin, rachfar i mbun gníomhaíochta taidhleoireachta le níos mó a dhéanamh chun réiteach a fháil ar na nithe sin is cúis bhunúsach leis an imirce, lena n-áirítear coinbhleachtaí, an bhochtaineacht agus sáruithe ar chearta an duine.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025