Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 12-13/03/2015, 12-13 Márta 2015

Na príomhthorthaí

Na sreabha imirce a bhainistiú

Ba dhíol sásaimh do na hAirí an dul chun cinn a rinneadh go nuige seo i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oibríochtúla a shainaithin Tascfhórsa na Meánmhara agus a sainaithníodh sna Conclúidí ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair, 2014 maidir le "Dul i mbun gnímh chun na sreabha imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr".

Migratory pressure and the management of migration flows have been identified as a high priority for the Latvian Presidency. A number of actions have already been taken and are currently being implemented. However, considering the latest developments concerning migratory pressure towards the EU we need to do more not only in the Central and Eastern Mediterranean region, but also on the land borders in the Western Balkans to address major migratory challenges. Rihards Kozlovskis, Minister for the Interior of Latvia of Latvia

Chomhaontaigh na hAirí go neartófar an faireachas ag teorainneacha seachtracha agus go n-atreiseofar acmhainní agus cumais oibríochtúla Frontex. Chuir siad i bhfáth, freisin, gur cheart tús áite a thabhairt i gcónaí don chomhrac i gcoinne líonraí coiriúla na smuigléirí agus na ngáinneálaithe d'fhonn imircigh a chosaint agus a thabhairt slán. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí an comhar a neartú le tríú tíortha le go bhféadfar sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtúil. 

An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta

Phléigh an Chomhairle cur chun feidhme na mbeart sin a cuimsíodh sna ráitis faoin bhfrithsceimhlitheoireacht le gairid agus a eisíodh tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta is déanaí san Eoraip.

Thug na hAirí treoir pholaitiúil maidir le réimsí ina bhféadfar barr a bhaint sna míonna amach romhainn, mar atá: cur chun feidhme Chreat Schengen a athneartú, an radacú a chomhrac ar an Idirlíon trí chumais tarchurtha sonraí idirlín a bhunú, gáinneáil aindleathach arm tine a chomhrac agus dlús a chur le comhroinnt na faisnéise agus leis an gcomhar oibríochtúil.

Dúirt Rihards Kozlovskis, Aire Gnóthaí Baile na Laitvia, agus Uachtarán na Comhairle an méid seo leanas: "Tá an bhagairt sceimhlitheoireachta, agus go háirithe an bhagairt a chuireann trodaithe eachtrannacha faoi deara, ar cheann de na dúshláin is mó atá ag an Aontas. Tá rún daingean ag Uachtaránacht na Laitvia leanúint den obair atá tosaithe cheana, trína áirithiú go gcuirfear na bearta a comhaontaíodh chun feidhme go pras agus go héifeachtach. Ní mór úsáid athneartaithe na n-ionstraimí sin atá ar fáil cheana féin a áirithiú, go háirithe laistigh de Chreat Schengen, mar aon leis an gcomhroinnt faisnéise agus an comhar oibríochtúil.”

Chuir na hAirí i bhfáth, freisin, a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh an Chomhairle dul chun cinn i ngach ceann de na réimsí a luaitear sa ráiteas ón gComhairle Eorpach agus i Ráiteas Comhpháirteach Ríge. Fillfidh siad ar na saincheisteanna sin ag a gcéad chruinniú eile, d’fhonn tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh, 2015.

Cosaint sonraí

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach maidir leis an Rialachán faoi chosaint sonraí, ar an tuiscint nach gcomhaontófar maidir le rud ar bith go dtí go mbeifear comhaontaithe faoi gach aon rud.  Áirítear leis an téacs a formheasadh sásra an “ionaid ilfhreastail” (Caibidil VI agus Caibidil VII), chomh maith leis na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta (Caibidil II).

D’aontaigh na hAirí nár cheart go mbeadh ról ag sásra an “ionaid ilfhreastail” ach amháin i gcásanna mórthábhachta trasteorann agus go bhforálfar do chomhar agus do chinnteoireacht chomhpháirteach idir na húdaráis chosanta sonraí éagsúla lena mbaineann.  Soiléirítear sa téacs gurb é an t-údarás cosanta sonraí arb acmhainn dó an chosaint is éifeachtaí a chur ar fáil ó thaobh an duine is ábhar do na sonraí de, a ghlacfaidh an cinneadh a chomhaontaítear go comhpháirteach.  Maidir le prionsabail ghinearálta na próiseála sonraí, d'fhormheas na hAirí sraith de phrionsabail i ndáil le próiseáil sonraí a bheadh dleathach, cothrom agus trédhearcach.

Dúirt Dzintars Rasnačs, Aire Ceartais na Laitvia, agus Uachtarán na Comhairle an méid seo leanas: "Leis an gcur chuige atá bainte amach againn anois do rialacha nua don chosaint sonraí, cruthaítear cosaint níos éifeachtaí ar chearta na saoránach. Is geall le diamant i ngarbhchruth í an chosaint sonraí, agus snas á chur uirthi de réir a chéile againn go dtí go mbeidh sí le feiceáil, tá súil againn, faoina loinnir iomlán i mí an Mheithimh.”

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025