- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 20/07/2015, 20 Iúil 2015
Na príomhthorthaí
Is é an toradh is tábhachtaí ar phlé an lae inniu gur féidir daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a ath-leithdháileadh ó Dheireadh Fómhair na bliana seo. Léiríodh go soiléir ag an gcruinniú a bhí againn go bhfuil an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit réidh chun an dúshlán a bhaineann le brú imirceach a shárú le chéile” Jean Asselborn, Aire Inimirce agus Tearmainn Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le dréachtchinneadh lena mbunaítear sásra sealadach agus eisceachtúil i ndáil le hathlonnú daoinear léir go bhfuil cosaint de dhíth orthu ón Iodáil agus ón nGréig go dtí Ballstáit eile. I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, thug an Iodáil agus an Ghréig ráthú go ndéantar an lucht iarrtha tearmainn a thagann isteach ina gcríocha a shainaithint, a chlárú agus go dtógtar a méarloirg. Chomhaontaigh na Ballstáit, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ar bhonn comhthola ar dháileadh 32 256 duine atá le hathlonnú, agus ghlac siad rún chun na críche sin. Gheall na hAirí go dtiocfaidís ar chomhaontú maidir leis na 7 744 duine eile a dháileadh faoi dheireadh na bliana 2015.
Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh go foirmiúil a luaithe a thabharfaidh Parlaimint na hEorpa uaithi a tuairim, a bhfuiltear ag súil léi i mí Mheán Fómhair.
Ina theannta sin, ghlac na Ballstáit conclúidí maidir le 22 504 duine easáitithe, ó thíortha lasmuigh den Aontas agus ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a athshocrú trí scéimeanna iltaobhacha agus trí scéimeanna náisiúnta. Is díol sásaimh dóibh go bhfuil stáit chomhlachaithe ullamh chun páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí maidir le hathshocrú.
Is ionann athlonnú agus athshocrú agus ceann amháin de na trí ghné a bhaineann le hiarrachtaí an Aontais chun dul i ngleic leis na sreabha imirce atá ag dul i méid. Is iad an dá cheann eile, imircigh neamhrialta a aisdúichiú, a athligean isteach agus a athimeascadh mar aon le hobair i gcomhar le tíortha tionscnaimh agus le tíortha idirthurais chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce.
Is é an toradh is tábhachtaí ar phlé an lae inniu gur féidir daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a ath-leithdháileadh ó Dheireadh Fómhair na bliana seo. Léiríodh go soiléir ag an gcruinniú a bhí againn go bhfuil an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit réidh chun an dúshlán a bhaineann le brú imirceach a shárú le chéile", a dúirt Jean Asselborn, Aire Inimirce agus Tearmainn Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle.
Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir le tríú tíortha ar leith a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh de réir bhrí na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn. Molann an Chomhairle go láidir gur cheart tús áite a thabhairt do mheasúnú ag na Ballstáit uile ar shábháilteacht na mBalcán Thiar, d’fhonn tacú le próiseáil ghasta iarratas ar thearmann ó dhaoine ag a bhfuil náisiúntacht tríú tíortha atá ainmnithe mar shábháilte, fiú amháin má tá ar údaráis na mBallstát gach cás ar leith a scrúdú de réir a thuillteanais féin.
Ghlac an Chomhairle nóta ina n-iarrtar ar Bhallstáit an Aontais cloí leis an treoir ón gCoimisiún i ndáil le cur chun feidhme Rialachán Eurodac maidir leis an oibleagáid chun méarloirg iarrthóirí tearmainn agus imirceach neamhrialta a ghlacadh.
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025