Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 09-10/10/2014, 9-10 Deireadh Fómhair 2014

Phléigh an Chomhairle tuilleadh gníomhaíochtaí in éadan na dtrodaithe eachtracha 

Bhí díospóireacht chuimsitheach ag na hAirí Ceartais agus Ghnóthaí Baile i Lucsamburg an 9 agus an 10 Deireadh Fómhair maidir le ceist na dtrodaithe eachtracha. Ghlac siad freisin conclúidí maidir le sreabha imirce a bhainistiú níos fearr. 

Trodaithe eachtracha

Mar thoradh ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Lúnasa 2014, d'aontaigh na hAirí go raibh géarghá le bailchríoch a chur ar an treoir maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) agus d'iarr siad ar Pharlaimint na hEorpa a seasamh a ghlacadh a luaithe is féidir. D'aontaigh siad freisin go gcuirfidís feabhas ar sheiceálacha ag teorainneacha seachtracha limistéar Schengen, faoin gcreat atá ann cheana.

Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le gníomhaíochtaí sonracha a chuirfidh dlús le cur chun feidhme na mbeart ar thángthas ar chomhaontú ina leith roimhe seo. Áirítear ar na bearta roimhe seo an 22 phointe a d'fhormheas an Chomhairle i mí an Mheithimh 2013 agus an tsraith beart ar tháinig Airí Gnóthaí Baile na mBallstát is mó atá thíos leis an bhfeiniméan sin ar chomhaontú ina leith.

Imirce neamhdhleathach a bhainistiú

Ghlac na hAirí conclúidí maidir le gníomhaíocht a dhéanamh chun sreabha imirce a bhainistiú níos fearr. Is é is aidhm do na conclúidí sin cur chuige inbhuanaithe a shainiú, lena bhféadfar níos mó a dhéanamh ná díreach na bearta éigeandála atá ar bun i láthair na huaire agus lena bhféadfar dul i ngleic leis an mbrú imirce ar bhealach struchtúrtha. Tá an cur chuige sin, a d'fhéadfaí a chur in oiriúint do riachtanais sonracha chás ar bith, bunaithe ar thrí phríomhréimse gníomhaíochta:

  • gníomhaíocht i gcomhar le tríú tíortha
  • bainistiú treisithe ar theorainneacha seachtracha agus ar Frontex
  • gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát: glacadh agus méarlorgaireacht

Tá cur síos, sna conclúidí, ar na tosaíochtaí oibríochtúla sonracha lena rachfar i ngleic le sreabha imirce go háirithe san Mheánmhuir agus iarrtar ar na gníomhaithe uile atá rannpháirteach na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme.

Conclúidí maidir le 'Gníomhaíocht a dhéanamh chun sreabha imirce a bhainistiú níos fearr'

Chuir an Coimisiún, Frontex agus EASO an Chomhairle ar an eolas faoin scéala í is déanaí maidir le cur chun feidhme na mbeart a shainaithin Tascfhórsa na Meánmhara. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol suntais don Chomhairle go seolfar oibríocht TRITON faoi dheireadh na bliana, ar oibríocht í atá á maoiniú ag an Aontas. Leis an oibríocht sin, treiseofar an faireachas teorann amach ó chósta na hIodáile.

Ábhair thábhachtacha eile ar an gclár oibre

Maidir leis an athchóiriú ar chosaint sonraí, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach maidir le Caibidil IV den dréachtrialachán. Leagtar amach, sa chaibidil sin, na hoibleagáidí atá ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe sonraí.

Mar thoradh ar an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Google vs An Spáinn, phléigh na hAirí an ceart go ligfí i ndearmad.

Bhí díospóireacht freisin ag an gComhairle maidir le coireacht idirnáisiúnta thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac, agus maidir le togra le haghaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

 

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025