Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 04-05/12/2014, 4-5 Nollaig 2014

Pléann an Chomhairle athchóiriú ar chosaint sonraí

Ag an gComhairle um Cheartas agus Gnóthaí Baile an 4 agus an 5 Nollaig 2014, tháinig na hAirí ar chur chuige páirteach ginearálta maidir leis an reachtaíocht ar chosaint sonraí atá beartaithe.

Cumhdaítear leis an gcur chuige páirteach ginearálta airteagail atá fíorthábhachtach i ndáil le ceist na hearnála poiblí. Tá forálacha ann freisin maidir le cásanna sonracha próiseála sonraí (Caibidil IX).

De bhreis air sin, bhí díospóireacht ag an na hAirí freisin maidir le sásra "ionad ilfhreastail", bunaithe ar thogra a chuir an Uachtaránacht i láthair. Rinneadh iarracht leis an togra an prionsabal a choinneáil maidir cinneadh aonair maoirseachta le haghaidh cásanna tábhachtacha trasnáisiúnta, agus an gá le gaireacht a threisiú idir na daoine aonair agus an t-údarás cinnteoireachta á feabhsú ag an am céanna. Thacaigh tromlach na nAirí le leagan amach ginearálta an togra agus chinn siad go mbeadh gá le tuilleadh oibre teicniúla bunaithe ar na gnéithe sin.

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas maidir leis an staid mar atá i ndáil leis an treoir maidir le daoine aonair a chosaint i gcomhthéacs phróiseáil sonraí pearsanta chun críche fhorghíomhú an dlí.

An Fhrithsceimhlitheoireacht

Bhí díospóireacht leathan ag an gComhairle maidir le comhraiceoirí ón gcoigríoch, bunaithe ar dhoiciméad a d'ullmhaigh an Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta. Chuir an Comhordaitheoir tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeart a chinn an Chomhairle an 9-10 Deireadh Fómhair 2014.

Thug na hAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile dá n-aire an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir le comhraiceoirí ón gcoigríoch, agus dhírigh siad ar:

  • an fhreagairt bhreithiúnach don fheiniméan
  • tuilleadh feabhais ó thaobh malartú faisnéise de
  • an treoir AE maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí

Ghlac an Chomhairle dréacht-threoirlínte freisin maidir le straitéis radacaithe agus earcaíochta AE. Thug sí dá haire dhá thuarascáil ón gComhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta:

  • tuarascáil maidir le Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn
  • tuarascáil maidir le Straitéis athbhreithnithe ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta a chur chun feidhme

Príomh ítímí eile ar an gclár oibre

D'fhormheas an Chomhairle comhaontú polaitiúil ar tháinig sí air le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Rialachán atá beartaithe maidir le himeachtaí dócmhainneachta. Is é is aidhm do na rialacha nua go mbeidh na himeachtaí dócmhainneachta trasteorann níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Leis sin, cuirfear le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh le linn géarchéimeanna eacnamaíocha.

Chuir an Coimisiún agus SEGS na hAirí ar an eolas freisin maidir le dhá phointe a bhaineann leis an imirce mhídhleathach:

  • Cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oibríochta a shainaithin Tascfhórsa na Meánmhara
  • An obair leantach a rinneadh ar na Conclúidí ón gComhairle i mí Dheireadh Fómhair 2014 maidir le "Gníomhaíocht a dhéanamh chun sreabha imirce a bhainistiú ar bhealach níos fear"

Thionóil an Chomhairle díospóireacht maidir leis an togra chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a bhunú. Tar éis eagrú agus inniúlachta na hoifige a phlé roimhe seo, dhírigh na hairí, sa chás seo, ar an gcaoi is fear lena bhfeádfaí neamhspleáchas OIPE a áirithiú. Bhí siad ar aon intinn amháin go mbeadh gá le cúrsaí a phlé tuilleadh chun na rialacha a threisiú lena gceaptar agus lena mbristear as oifig comhaltaí na hOifige, ionas go mbainfí amach an neamhspleáchas sin.

I measc téacsanna eile, ghlac an Chomhairle an méid seo a leanas:

  • Cur chuige ginearálta maidir leis an treoir chun gnéithe áirithe a threisiú de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun a bheith i láthair ag imeachtaí coiriúla
  • Cur chuige ginearálta maidir le rialachán lena leasaítear an Rialachán Eorpach maidir le hÉilimh Bheaga agus an tOrdú Eorpach le haghaidh Rialú Íocaíochtaí
  • Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis athnuaite Slándála Inmheánaí don Aontas Eorpach
  • Conclúidí ón gComhairle maidir le hOiliúint a Chur ar Dhlí-Chleachtóirí: Uirlis Ríthábhachtach i dtaca leis an Acquis AE a Chomhdhlúthú
  • Conclúidí ón gComhairle maidir leis an meastóireacht ar leagáid Schengen a rinneadh sa Chomhairle agus maidir leis an ról a bheidh aici agus an bhfreagracht a bheidh uirthi amach anseo faoin sásra nua
  • Rún ón gComhairle maidir le Gréasán oibríochtúil - @ON - a chruthú chun dul i ngleic le grúpaí coireachta tromchúisí agus eagraithe, ar nós an Mhaifia

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025