- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 09/11/2015, 9 Samhain 2015
Na príomhthorthaí
Cuireadh na hAirí Gnóthaí Baile ar an eolas faoi na sreabha imirce is déanaí agus faoin staid mar atá ar an láthair agus bhí plé fairsing acu ar an dul chun cinn atá déanta chun na bearta is déanaí de chuid an Aontais a chur chun feidhme.
Chinn na hAirí freisin maidir le roinnt beart breise lena bhféadfar dul i ngleic le géarchéim na himirce agus na dteifeach mar a leagtar amach iad i sraith Conclúidí a ghlac an Chomhairle.
Dírítear go háirithe sna Conclúidí sin ar an bpróiseas athlonnaíochta atá ar siúl faoi láthair a dhlúthú; teorainneacha seachtracha AE a neartú; an smuigleáil agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac chomh maith leis an gcur ar ais agus an t-athligean isteach.
Chuir an Chomhairle a tacaíocht in iúl ina Conclúidí freisin maidir leis an gcinneadh ón Uachtaránacht feabhas a chur ar ghníomhachtú na Freagartha Comhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil (IPCR) ó chomhroinnt na faisnéise go dtí an gníomhachtú iomlán.
Ní mór don Eoraip an doras a choimeád ar leathadh, ach ciallaíonn an oscailteacht sin nach mór na rialacha a chuireamar féin ar bun a urramú, agus nach mór do gach duine oibriú le chéile chun a áirithiú go ndéanfar amhlaidh.” Jean Asselborn
Dúirt Jean Asselborn, Aire Inimirce agus Tearmainn Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle an méid seo a leanas: "Sa staid ina bhfuilimid faoi láthair tá sé ríthábhachtach go moilleofar ar shreabhadh na ndaoine le go bhféadfaidh na Ballstáit aonair iad a bhainistiú ar shlí níos fearr. Sin é an fáth ar chuir an Chomhairle roimpi inniu na cinntí atá déanta cheana a chur chun feidhme agus a chomhdhlúthú."
Féach freisin:
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025